Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta: Treoirlínte do na Tionóil Réigiúnacha agus do na hÚdaráis Pleanála
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugtar comhairle sna Treoirlínte seo maidir le MST a dhéanamh san earnáil talamhúsáide i ndáil leis na pleananna a liostaítear faoi I.R. Uimh. 436 de 2004, arna leasú. Tagann na treoirlínte seo in ionad na comhairle a cuireadh ar fáil roimhe seo do na Tionóil Réigiúnacha agus do na hÚdaráis Pleanála sa bhliain 2004. Is iad na pleananna a thagann faoi scáth I.R. Uimh. 436 de 2004, arna leasú, na pleananna réigiúnacha, pleananna contae agus pleananna áitiúla, lena n-áirítear Straitéisí Réigiúnacha Spáis agus Eacnamaíochta, Pleananna Forbartha Contae agus Pleananna Forbartha Cathrach, leasú ar Phlean Forbartha, ar Phlean Limistéir Áitiúil agus ar Scéimeanna Pleanála maidir le Crios Forbartha Straitéisí.
Sa bhliain 2004 a cuireadh Treoirlínte MST na Roinne ar fáil den chéad uair agus foilsíodh iad sin díreach tar éis an Treoir MST a thras-suí i ndlí na hÉireann agus tosú ar a chur i bhfeidhm go foirmeálta mar chuid de chóras pleanála na hÉireann maidir le húsáid talún.
Sa bhliain 2019, d'fhoilsigh Coimisiún na hEorpa toradh ar bheart breithmheasa maidir lena bhfuil d'éifeachtúlacht leis an Treoir MST ar fud na mBallstát go léir agus deimhníodh go raibh an Treoir oiriúnach don chuspóir. I bhfianaise a bhfuil de bhéim faoi láthair san Aontas Eorpach agus níos faide ó bhaile ar an mbagairt a ghabhann le hathrú aeráide agus le meath na bithéagsúlachta ar fud an domhain, is tábhachtach an próiseas MST chomh maith maidir lena chinntiú go mbíonn pleananna agus cláir ag teacht leis na haidhmeanna agus na spriocanna timpeallachta a bhaineann le hábhar ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.
Cé go bhfuil an Treoir MST gan athrú, tharla caomhchóiriú ar an gcur chuige maidir leis na coinníollacha a chomhlíonadh agus tabhairt faoi chéimeanna éagsúla an phróisis. Tugtar na hathruithe sin san áireamh sna Treoirlínte leasaithe ionas go dtugtar faoina scáth gnéithe den sárchleachtas a tugadh chun aire le hobair léinn agus go gcuirtear nasc chuig foinsí úsáideacha eolais seachtracha ar fáil. Leagtar béim sna Treoirlínte ar ghnéithe buntábhachtacha den MST, lena n-áirítear scagthástáil don MST, scóipeáil chríochnúil le linn MST a dhéanamh, plé le leasuithe amach go maith sa phróiseas MST agus cinntiú go ndéantar monatóireacht i rith ré feidhme an phlean ar an toradh a bhíonn ag cur i bhfeidhm an phlean ar an timpeallacht.