Ligeann an aip TFI Live duit rochtain a fháil ar fhaisnéis bheo fíor-ama maidir le seirbhísí iompair atá ag teacht agus ag imeacht ar fud an ghréasáin iompair phoiblí (seirbhísí Bhus Éireann, Bhus Átha Cliath, Go Ahead Ireland, Luas agus Iarnród Éireann).
Is é Bus Éireann comhlacht bus náisiúnta na hÉireann, a thacaíonn le daoine ar fud na tíre chun breis agus 80 milliún turas a dhéanamh gach bliain.
Nascann seirbhísí bus Nasc Áitiúil TFI pobail ar fud cheantair thuaithe na hÉireann mar chuid de Líonra Iompair Phoiblí TFI. Cruthaíonn siad líonra de sheirbhísí bus inacmhainne do gach duine ar mian leo taisteal chuig bailte agus sráidbhailte áitiúla nó amach astu.
Cuireann Bus Átha Cliath seirbhísí bus ar fáil i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath, ag tacú le paisinéirí sa réigiún ón gCaisleán Nua i gContae Chill Mhantáin ó dheas, Baile Brigín i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath agus Maigh Nuad i gContae Chill Dara san iarthar.
Tacaíonn Bus Átha Cliath le níos mó ná 120m turas gach bliain trí réimse seirbhísí - Cross City, Radial, Orbital, busanna friothálacha DART, Airlink, mearbhus do chomaitéirí nach bhfreastalaíonn ach ar mhéid teoranta stopanna, Nitelink, agus busanna turasóireachta.
Oibríonn Go-Ahead Ireland 33 bealach bus faoin Údarás Náisiúnta Iompair ar imeall Limistéar Chathair Bhaile Átha Cliath agus ar bhealaí comaitéireachta Bhaile Átha Cliath.
Tacaíonn Go-Ahead Ireland le 17 milliún turas gach bliain sa cheantar ar imeall Bhaile Átha Cliath agus i gceantair chomaitéireachta.
Cuireann Iarnród Éireann seirbhísí iarnróid paisinéirí agus lasta ar fáil ar fud na hÉireann.
Tá seirbhís iarnróid éadroim Luas i bhfeidhm ar an Líne Dhearg agus an Líne Ghlas i mBaile Átha Cliath, agus freastalaíonn ar phobail ó Dhroichead Broome go Gleann Bhríde, trí lár na cathrach, ar an Líne Ghlas agus Teach Sagard agus Tamhlacht, trí lár na cathrach, go hIosta na Rinne.
Is féidir le Pleanálaí Turais TFI cabhrú leat do thuras a phleanáil ar rothar. Tá na scéimeanna éagsúla rothar ar cíos ar fáil ar Phleanálaí Turais TFI ionas gur féidir leat turas iomlán nó cuid de thuras a phleanáil trí rothar ar cíos a úsáid.
Is bealach iontach iad scéimeanna rothar ar cíos chun dul timpeall ár gcathracha. Tá stáisiúin rothar lonnaithe in áiteanna éagsúla ar fud na gcathracha chun modh iompair inbhuanaithe agus áisiúil a chur ar fáil:
Comhairle agus treoir maidir le sábháilteacht ar bhóithre do: