Reachtaíocht pleanála
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é an Planning and Development Act 2000 (arna leasú) an bunchloch le haghaidh pleanála in Éirinn. Clúdaíonn an tAcht seo raon ollmhór saincheisteanna a bhaineann le pleanáil, agus comhcheanglaíonn sé raon leathan reachtaíochta éagsúla in aon áit amháin.
Rinneadh roinnt athruithe ar an reachtaíocht ó 2000, atá leagtha amach sa chomhdhlúthú riaracháin a dhréachtaigh an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí .
Is iad na príomh-rialacháin atá mar bhonn agus taca leis na hAchtanna Pleanála agus Forbartha na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001 (IR Uimh. 600 de 2001). Rinneadh roinnt Rialachán lena leasaítear Rialacháin 2001, ar a dtugtar, le chéile, na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001 go 2024.
Ullmhaíodh comhdhlúthú neamhoifigiúil ar na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001-2024 chun go bhféadfadh úsáideoirí tagairt a dhéanamh dó agus níl aon stádas dlíthiúil aige.