SÁBHÁILTEACHT AR BHÓITHRE
Ó An Roinn Cosanta; Office of Emergency Planning ga
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Cosanta; Office of Emergency Planning ga
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
De réir thuairim an phobail i gcoitinne, is é an samhradh an t-am is contúirtí den bhliain ar ár mbóithre.
Sa samhradh, nuair nach bhfuil aon dainséir shoiléire ann, ó tharla an aimsir a bheith go deas agus na laethanta a bheith níos gile, bíonn fonn ar dhaoine a scíth a ligean.
Ar an drochuair, tarlaíonn níos mó timpistí a mbíonn coisithe, rothaithe agus gluaisrothaithe páirteach iontu i gcaitheamh an tsamhraidh. Bíonn níos mó daoine amuigh faoin aer nuair a bhíonn an aimsir go breá. Mar thiománaithe, ní mór dúinn a bheith ag faire amach dóibh. Tiomáin níos moille agus bí ag súil leis go bhféadfadh rudaí gan choinne tarlú.
Ní mór freisin go dtuigfeadh gach úsáideoir bóithre na dainséir a bhaineann le halcól i rith mhíonna an tsamhraidh – ná tiomáin faoi thionchar an óil riamh, agus bí airdeallach i gcónaí ar na dainséir a bhaineann le tiomáint an mhaidin dár gcionn. Bíonn baint ag alcól le 37% de thimpistí marfacha.
Ag an tráth seo bliana, beidh níos mó feithiclí talmhaíochta ar an mbóthar freisin.
Má bhíonn tarracóir romhat ar an mbóthar, bí foighneach agus ná bíodh fonn ort scoitheadh ar bhealach atá amaideach nó gan smaoineamh. Bí ag faire amach i gcónaí d’innealra feirme atá ag fágáil páirceanna agus clós feirme.
Ní mór d’fheirmeoirí aird a thabhairt ar chúrsaí sábháilteachta freisin. Má tá scuaine fhada tráchta taobh thiar den fheithicil, fan ar chlé, má tá sé sábháilte, chun deis a thabhairt do dhaoine eile an fheithicil a scoitheadh go sábháilte.
Meabhraítear an méid seo a leanas do thiománaithe feithiclí talmhaíochta freisin:
• Glan rothaí go rialta ionas nach mbeidh láib agus clocha á bhfágáil ina ndiaidh ar an mbóthar poiblí.
• Bí cúramach nuair a bhíonn ábhar cosúil le sadhlas, sciodar, gaineamh agus gairbhéal á iompar ionas nach dtiteann sé ar an mbóthar agus nach gcruthaíonn sé riosca sábháilteachta bóithre.
• Ná lódáil/rólódáil leantóirí ar bhealach a chiallaíonn go mbeidh siad míshocair ar an mbóthar.
• Bí ag faire amach do dhroichid ísle, crainn chrochta, cáblaí lasnairde agus dromchlaí corracha bóthair a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn leis an lód a bheith ag corraí agus iompú bunoscionn b’fhéidir.
• Ní mór go mbeadh léargas cuí den bhóthar á sholáthar ag an scáthán tiomána agus ní mór go mbeadh coscáin atá ag obair i gceart ar aonaid tarracóra agus leantóra. Ní mór go mbeadh soilse, frithchaiteoirí agus táscairí ar gach feithicil talmhaíochta.
• Ba cheart d’fheithiclí móra feirmeoireachta smaoineamh ar úsáid a bhaint as feithicil tionlacain chun rabhadh a thabhairt d’úsáideoirí bóithre eile agus lena chinntiú go bhfuil tarracóirí á dtiomáint ag luas atá oiriúnach do na coinníollacha bóithre.
Ba cheart duit a chinntiú go bhfuil d’fheithicil ródacmhainneach agus go ndéantar seirbhís iomlán gach 10,000 – 15,000 ciliméadar.
Tá rudaí áirithe ar féidir leat féin a dhéanamh:
• Soilse - Cinntigh go bhfuil na táscairí agus ceannsoilse ar fad glan agus ag obair.
• Leachtanna - Cinntigh go bhfuil an tanc uisce líonta go dtí an marc uasta. Chomh maith leis sin, b’fhéidir go mbeidh ort an fuarthán agus an niteoir gaothscátha a líonadh.
• Ola - Seiceáil an slat tumtha agus líon le hola más gá. Bí ag faire amach le haghaidh sceite ar an talamh faoin gcarr.
• An córas leictreachais - Seiceáil an deais sula dtosaíonn tú an t-inneall agus i ndiaidh duit an t-inneall a thosú. Bí ag faire amach do chadhnra lag agus faigh ceann nua más gá.
• Cuimilteoirí gaothscátha - ba cheart duit iad a ghlanadh go rialta agus iad a athsholáthar gach 12 mhí.
• Boinn - Seiceáil trácht agus brú na mbonn, an bonn spártha san áireamh. Is é 1.6mm an teorainn dhlíthiúil íosta.
• Cúnamh Sábháilteachta - Seiceáil lámhleabhar úinéara d’fheithicle chun eolas a fháil faoi aon teicneolaíocht cúnamh sábháilteachta a d’fhéadfadh a bheith san fheithicil e.g. ABS.
• Bí Ullamh
Tá tuilleadh eolais faoi bheith ullamh d’éigeandálaí ar an mbóthar, lena n-áirítear treoir maidir le cothabháil agus deisiú feithiclí, agus seiceálacha sábháilteachta feithicle le fáil ar shuíomh gréasáin RSA www.rsa.ie