SÁBHÁILTEACHT UISCE
Ó An Roinn Cosanta; Office of Emergency Planning ga
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Cosanta; Office of Emergency Planning ga
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
• Foghlaim conas snámh agus foghlaim scileanna tarrthála (CPR san áireamh).
• Tá treoracha ar fáil ó sholáthraithe oiliúna faofa. Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.safetyzone.ie.
• Nuair atá aghaidh á tabhairt agat ar thimpeallacht uisceach cinntigh go bhfuil dóthain taithí agat nó go bhfuil duine éigin ag a bhfuil dóthain taithí in éineacht leat. Inis do dhaoine eile ar thalamh tirim faoin méid atá beartaithe agat a dhéanamh agus an t-am a bheidh tú ar ais.
• Tabhair aird ar shuíomh an bhaoi tarrthála is gaire duit ar eagla go mbíonn éigeandáil i gceist.
• Ná hól sula nglacann tú páirt i ngníomhaíochtaí san uisce.
• Téigh ag snámh in uiscebhealaí agus ag tránna ainmnithe, ag a bhfuil gardaí tarrthála, idir na bratacha, más féidir. Fan laistigh de do dhoimhneacht.
• Lean na horduithe a thugann gardaí tarrthála, agus tabhair aird ar gach comhartha.
• Lorg comhairle ó mhuintir na háite agus ó ghardaí tarrthála faoi ghuaiseacha agus dainséir a bhaineann le suíomhanna uisce nach bhfuil taithí agat orthu.
• Caith gaireas snámhachta pearsanta/seaicéad tarrthála i gcónaí nuair a bhíonn tú ag bádóireacht nó ag slatiascaireacht agus cinntigh go bhfuil na strapaí feistithe i gceart.
• Caith éadaí oiriúnacha cosúil le culaith fhliuch nó éadaí uiscedhíonacha te.
• Ba cheart do dhaoine atá ag siúl ar an gcladach agus ar an trá fanacht amach ón gciumhais agus a bheith airdeallach ar na dainséir a bhaineann le bheith sáinnithe ag na taoidí atá ag teacht isteach.
• Bíodh teileafón póca ar iompar agat i gcónaí, agus i gcás éigeandála glaoigh ar 112 nó 999 – agus labhair leis an nGarda Cósta.
• Seiceáil réamhaisnéis na haimsire agus am na dtaoidí sula dtéann tú isteach san uisce nó róghar don uisce.
• Ná téigh isteach san uisce riamh i rith na hoíche nó nuair atá sé ag éirí dorcha.
• Ná húsáid bréagáin inséidte in uisce amuigh faoin aer nó ná snámh
amach i ndiaidh aon rud atá ag imeacht le sruth.
Téigh ag snámh ag láithreacha snámha ainmnithe áit a bhfuil gardaí tarrthála ar dualgas. Féach ar na liostaí ar www.watersafety.ie. Mura bhfuil aon láithreacha snámha ainmnithe in aice leat, téigh ag snámh ag láithreacha snámha sábháilte agus traidisiúnta, áiteanna a bhfuil baoithe tarrthála le fáil. Cinntigh i gcónaí go bhfuil an baoi tarrthála ina bhosca buí sula dtéann tú isteach san uisce. Cinntigh go bhfuil fánaí éadoimhne ag na ciumhaiseanna ionas gur féidir leat dul isteach agus amach as an uisce go sábháilte agus go héasca.
• Bí ar an eolas faoi na taoidí agus bí airdeallach ar na feachtaí.
• Ná léim nó ná tum isteach san uisce riamh mar go bhféadfadh guaiseacha folaithe a bheith ann.
• Fan laistigh de do dhoimhneacht agus bí ag snámh comhthreomhar leis an gcladach.
• Ná cuir brú ar dhaoine eile dul sa seans.
• Foghlaim conas trealamh a úsáid sula mbaineann tú triail as.
• Téigh isteach in uisce fionnuar go mall agus tabhair deis do do chorp dul i dtaithí ar an teocht.
• Más gá duit éalú ó shruth cuilitheála atá do do tharraingt amach san fharraige, coinnigh guaim ort féin agus lean ort ag snámh comhthreomhar leis an gcladach go dtí go n-éiríonn leat éalú ón sruth.
• Ná téigh ag snámh riamh nuair atá tú te nó tuirseach.
• Ná téigh ag snámh i gCairéil, Taiscumair BSL agus stráicí d’aibhneacha a ghluaiseann to tapa.
Nuair a dhéanann uisce fuar teagmháil le do chraiceann, bíonn an fhreagairt don suaitheadh fuar mar bhonn le smacht a chailleadh láithreach ar análú, meadhrán agus líonrith freisin b’fhéidir. Cuireann sé seo go mór leis an riosca a bhaineann le bá tobann fiú amháin má tá an t-uisce socair agus má tá tú in ann snámh. I gcás na ndaoine a thagann slán, ach nach bhfuil ar a gcumas teacht amach as an uisce, bíonn fuarú colainne de réir a chéile mar bhonn le hipiteirme agus fuarú matán, rud a chiallaíonn go mbíonn sé deacair nó dodhéanta fiú leanúint ar aghaidh ag snámh. Éiríonn leanaí fuar níos tapúla ná daoine fásta.
Má thiteann tú isteach in uisce fuar ná tosaigh ag snámh, fan socair agus bí ciallmhar. Fan ag barr an uisce nó satail ar an uisce agus bíodh an oiread agus is féidir de do chorp amuigh as an uisce. Chun teas-ídiú a laghdú, coinnigh do chosa gar dá chéile agus d’uillinneacha le do thaobh.
Tá an riosca ann go bhféadfadh daoine a théann ar shiúlóidí cois cósta a bheith sáinnithe ag na taoidí atá ag teacht isteach. Seachain a bheith ag siúl ar oitreacha gainimh agus ná lig do leanaí dul róghar do chiumhaiseanna aibhneacha, canálacha agus uiscebhealaí intíre. D’fhéadfadh go mbeadh teochtaí uisce fuar, rud a chiallaíonn go bhfuil daoine i mbaol suaitheadh fuar agus hipiteirme má thumann siad isteach ann go tobann. Tá tuilleadh eolais maidir le siomptóim, cosc agus teicnící cóireála i ndiaidh hipiteirme le fáil ar www.watersafety.ie
• Seas siar ó chiumhais an chladaigh agus déan teagmháil labhartha leis an duine, béic ‘Ciceáil do chosa!’.
• Aimsigh an baoi tarrthála is cóngaraí duit (bosca buí).
• Daingnigh deireadh an rópa nó coinnigh greim láimhe air.
• Nuair atá an baoi tarrthála i do lámha agat, luasc siar, ansin caith chun tosaigh faoi d’ascaill é, agus béic ‘Baoi tarrthála! Baoi tarrthála! Baoi tarrthála!’.
• Déan iarracht an baoi tarrthála a chaitheamh taobh thiar den duine, ionas gur féidir leis an duine greim a fháil air.
• Abair leis an duine greim a fháil ar an mbaoi tarrthála. Tarraing an duine i dtreo na talún go mall, agus abair leis/léi go mbeidh gach rud ceart go leor.
• Faigh daoine eile chun cabhrú leat, más féidir.
Tuairiscigh baoithe tarrthála atá ar iarraidh chuig d’Údarás Áitiúil nó Máistir Cuain.
Is sruthanna láidre iad cuilitheálacha a thosaíonn gar don chladach agus a théann amach i dtreo na farraige go tapa, agus go tobann ní bhíonn tú ar do chompord san uisce, bíonn tú imithe ón uisce éadomhain agus bíonn tú i lár an uisce níos doimhne. Is iad na sruthanna cuilitheála an baol is mó do gach duine a thugann aghaidh ar an trá. Tá siad thar a bheith dainséarach i gcás snámhaithe laga agus neamhshnámhaithe. Go hiondúil, foirmíonn sruthanna cuilitheála ag spotaí nó eangphointí i nguairí, agus in aice le struchtúir cosúil le gradhana, céanna agus cuanta freisin.
Conas sruthanna cuilitheála a shainaithint:
• Cainéal d’uisce coipthe, suaite, glas, níos doimhne.
• Limistéar ina bhfuil difríocht shuntasach i ndath an uisce, ar a mbíonn dath dorcha glas nó gorm dorcha faoi sholas na gréine de ghnáth.
• Líne chúir, feamainne, nó smionagair ag brú chun tosaigh go seasta.
• Briseadh i bpatrún na dtonnta isteach.
Ní furasta do ghnáthdhuine sruthanna cuilitheála a shainaithint go héasca. Tá sé níos éasca sruthanna cuilitheála a fheiceáil má tá spéaclaí gréine polaraithe á gcaitheamh agat. Iarr comhairle ó gharda tarrthála.
Ná déan dearmad: Níl uisce glas go deas; tá uisce bán go deas.
Leideanna chun teacht slán as sruth cuilitheála:
• Má tá tú sáinnithe i sruth cuilitheála, fan socair ionas go mbeidh tú in ann fuinneamh a chaomhnú agus do mhachnamh a dhéanamh.
• Ná déan iarracht snámh i gcoinne an tsrutha. Snámh amach as an sruth agus i dtreo atá ag leanúint an chladaigh. Nuair atá tú tagtha amach as an sruth, snámh i dtreo an chladaigh.
• Mura bhfuil tú in ann snámh amach as an sruth cuilitheála, fan ar bharr an uisce nó satail ar an uisce go deas réidh. Nuair atá tú tagtha amach as an sruth, snámh i dtreo an chladaigh.
• Mura bhfuil tú in ann dul chomh fada leis an sruth, tarraing aird ort féin trí chasadh i dtreo an chladaigh agus cabhair a lorg.
• Má fheiceann tú duine éigin atá i mbaol, faigh cabhair ó gharda tarrthála. Mura bhfuil garda tarrthála ar fáil, iarr ar dhuine éigin glaoch ar 999 nó 112.
• Caith rud éigin a shnámhann ar an uisce amach chuig an duine atá sáinnithe sa sruth cuilitheála agus béic treoracha chun cabhrú leis an duine éalú.
• Ná déan dearmad, báitear go leor daoine nuair a bhíonn iarracht á déanamh acu duine éigin eile a tharrtháil ó shruth cuilitheála.
Ba cheart do shnámhaithe suíomh gréasáin uisce snámha na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil a sheiceáil, www.beaches.ie, chun eolas a fháil faoi na tránna ag a bhfuil cáilíocht an uisce sábháilte. Tá eolas le fáil ar an suíomh gréasáin seo faoi bhreis is 200 uisce snámha a bhfuil sampláil déanta ag údaráis áitiúla orthu i rith shéasúr an uisce snámha, a ritheann ón 1 Meitheamh go dtí an 15 Meán Fómhair. Tá eolas maidir leis an aimsir, taoidí agus fóntais ar fáil freisin.
Caith Seaicéad Tarrthála i gcónaí nuair a bhíonn tú ar nó in aice le huisce
Gach bliain, faigheann leanaí bás i dtimpistí bá ina dtithe féin nó in aice lena dtithe féin. Is iad leanaí is mó atá i mbaol mar go mothaíonn siad go bhfuil a dteach féin sábháilte ach is iomaí dainséar atá ann.
Ná déan dearmad go bhféadfadh duine bá in uisce an-éadomhain, in áiteanna cosúil le:
• Sruthanna.
• Draenacha ag bun gairdín.
• Linnte éisc nó gairdín.
• Linnte spraoi nó linnte snámha.
• Toibreacha.
• Bairillí nó umair uisce.
• Dabhcha séarachais nó claiseanna sciodair.
Coinnigh súil ar leanaí i gcónaí nuair atá siad in aice le huisce
Bí airdeallach ar na dainséir atá mórthimpeall an tí:
• Ba cheart fálú a chur thart ar aon aibhneacha, sruthanna nó draenacha atá gar don teach.
• Ba cheart go mbeadh duine fásta in éineacht le leanaí i gcónaí nuair a bhíonn siad ag spraoi i linnte lapadaíola.
• Ba cheart linnte lapadaíola a fholmhú nuair atá tú réidh á n-úsáid.
• Ba cheart poill nó draenacha atá fágtha oscailte i ndiaidh oibreacha tógála a dhúnadh.
• Ba cheart fálú a chur mórthimpeall ar linnte snámha príobháideacha.
• Ba cheart go mbeadh clúdaigh ar linnte snámha ar féidir iad a dhaingniú go sábháilte.
• Má tá do theach tógtha ar fheirm, fan amach ó chlaiseanna sciodair.
• Ba cheart bairillí baistí, umair uisce, toibreacha agus linnte éisc a chlúdach le líontán sreinge nó greillí miotail.
• Cinntigh go dtugann tú aire chuí do pheataí i rith aimsir the.
Foghlaim conas cabhair a thabhairt i gcásanna mar seo:
• Má fheiceann tú duine éigin i mbaol glaoigh ar 999 nó 112 agus labhair leis an nGarda Cósta.
• Is féidir leat féin, le do chlann agus le do chairde foghlaim faoi shábháilteacht uisce, snámh, scileanna tarrthála ag www.watersafety.ie
Ní bheidh a fhios agat riamh cé chomh domhain is atá poll lán le huisce
Tá Eolas Sabháilteachta Uisce aistrithe go Gaeilge, Bealarúisis, Sínis, Seicis, Laitvis, Liotuáinis, Polainnis, Rómáinis agus Slóvaicis.
Féach ar www.watersafety.ie
Tá an Garda Cósta freagrach as Cuardach agus Tarrtháil a chomhordú ar an bhfarraige, ar chósta na hÉireann agus ar uiscebhealaí intíre ainmnithe. Chomh maith leis sin, cabhraíonn an Garda Cósta le cuardach agus tarrtháil intíre agus soláthraíonn sé seirbhís 24/7.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le seirbhísí an Gharda Cósta ar na bealaí seo a leanas:
• Glaoigh ar 112/999 agus labhair leis an nGarda Cósta.
• Raidió farraige an-ardmhinicíochta.
• Rabhchán Aimsiúcháin Phearsanta (PLB) nó Rabhchán Raidió Leictreonach Léirithe Suímh (EPIRB) a ghníomhachtú.
Moltar dóibh siúd ar fad atá ag triall ar an bhfarraige ar aon árthach trealamh muirí an-ardmhinicíochta a iompar leo mar an príomh-mhodh chun cumarsáid a dhéanamh i gcás anacra nó chun críche sábháilteachta. Lena chois sin, moltar go láidir EPIRB agus/nó PLB a iompar mar mhodh tánaisteach chun foláireamh a thabhairt maidir le hanacair. NÍOR CHEART teileafóin phóca a úsáid ina n-áit.
Sula gcinneann tú tabhairt faoi aon ghníomhaíocht san uisce nó cois cósta i rith mhíonna an tsamhraidh, molann an Garda Cósta duit ‘AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH’.
Pleanáil do ghníomhaíocht go cúramach, sonraigh an áit a bhfuil tú ag dul agus conas, cad iad na héadaí (nó PPE) a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun tú féin a chosaint ón ngrian, ón uisce agus ó aon athrú tobann ar an aimsir, agus cé dó a inseoidh tú do phleananna (e.g. Cá bhfuil tú ag dul, Cé leis a bhfuil tú agus Cathain a bheidh tú ag filleadh).
I gcónaí tabhair modh éifeachtach cumarsáide leat i gcás anacra, dóthain uisce agus trealamh ceart don ghníomhaíocht atá beartaithe agat. Bí in ann do chuid trealaimh a úsáid i gcás éigeandála agus caith Gaireas Snámhachta Pearsanta/Seaicéad Tarrthála i gcónaí nuair atá tú in aice le nó ar an uisce.
Úsáid foinsí faisnéise atá ar fáil go héasca chun na coinníollacha timpeallachta (aimsir agus taoidí) a sheiceáil roimh do thuras.
Lorg cabhair láithreach má tá tusa nó duine éigin eile i mbaol trí ghlaoch ar 999/112 nó Raidió An-ardmhinicíochta - Cainéal: 16 a úsáid agus labhairt leis an nGarda Cósta.
Bain taitneamh as a bheith amuigh faoin aer in Éirinn agus iompar tú
féin go freagrach.
Ná déan dearmad, má tá Amhras ort - lig Béic asat