Scéim Cóiríochta Cíosa: Freagraí ar do chuid ceisteanna
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Má tá Forlíonadh Cíosa á fháil agat ar feadh tréimhse fada agus má theastaíonn tithíocht fhadtéarmach uait, d’fhéadfá a bheith incháilithe don Scéim Cóiríochta Cíosa.
Is iad na húdaráis áitiúla a ritheann an scéim. Déanann an t-údarás áitiúil an cinneadh deiridh maidir le cé atá incháilithe faoin scéim. Go ginearálta, déantar daoine a bhfuil Forlíonadh Cíosa á fháil acu ar feadh níos mó ná 18 mí a mheas don Scéim Cóiríochta Cíosa.
Faoin Scéim Cóiríochta Cíosa, déanann údaráis áitiúla conarthaí a dhréachtú le tiarnaí talún chun tithíocht a sholáthar ar feadh téarma comhaontaithe do dhaoine a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu. Íocann an t-údarás áitiúil an cíos go díreach leis an tiarna talún thar ceann an tionónta. Féadfaidh tú fós cur le do chíos ach íocann tú an ranníocaíocht seo le d’údarás áitiúil, ní le do thiarna talún.
Tugann an Scéim Cóiríochta Cíosa slándáil tithíochta fadtéarmach duit. Bíonn feabhsúcháin ar cháilíocht agus ar chaighdeáin na cóiríochta príobháidí ar cíos mar thoradh ar an Scéim Cóiríochta Cíosa.
Má fhaigheann tú post is féidir leat fanacht sa scéim ach beidh ort níos mó a chur leis an gcíos.
Faoi chonradh na Scéime Cóiríochta Cíosa, coimeádann an tiarna talún freagracht as gach saincheist a bhaineann le cothabháil agus deisiúcháin.
Cosnaíonn na Residential Tenancies Acts 2004-2019 cearta tionóntaí na hearnála cíosa príobháidí tar éis tréimhse sé mhí. Ní dhéanann an Scéim Cóiríochta Cíosa difear do do chearta faoin dlí seo.
Tá, nó beidh, an comhaontú tionóntachta idir tú féin agus do thiarna talún. Ní hé an t-údarás áitiúil do thiarna talún. Is é do thiarna talún an duine a rinne tú an comhaontú cíosa leis nó léi agus a n-íocann an t-údarás áitiúil an cíos leis/léi. Faoi na hAchtanna um Thionóntachtaí Cónaithe, caithfidh do thiarna talún do thionóntacht a chlárú leis an mBord Tionóntachtaí Cónaithe .
Déanfaidh an t-údarás áitiúil socruithe conarthacha le soláthraithe cóiríochta chun a chinntiú go mbeidh cóiríocht phríobháideach ar cíos sa mheántéarma agus san fhadtéarma don Scéim Cóiríochta Cíosa.
Cé gur féidir dul i mbun cineálacha éagsúla conartha, beidh na gnéithe seo a leanas acu:
Tá caidreamh trí bhealach i gceist leis an Scéim Cóiríochta ar Cíos idir:
Féachfaidh an t-údarás áitiúil le socrú conarthach a dhéanamh leis an soláthraí cóiríochta chun tithíocht a chur ar fáil don Scéim Cóiríochta Cíosa ar feadh téarma comhaontaithe. Déanfar téarmaí an chonartha seo a chaibidliú idir an dá pháirtí. D’fhéadfadh gur maoin atá ann cheana nó foirgneamh nua an chóiríocht. Ráthaíonn an t-údarás áitiúil an cíos thar ceann an tionónta agus geallfaidh sé an íocaíocht iomlán a dhéanamh go díreach leis an tiarna talún.
Ansin ainmneoidh an t-údarás áitiúil faighteoir Scéime Cóiríochta Cíosa don chóiríocht a shíníonn comhaontú tionóntachta cónaithe leis an tiarna talún. D’fhéadfadh an t-ainmní a bheith ina thionónta reatha ar an maoin a bhfuil forlíonadh cíosa á fháil aige faoi láthair agus atá incháilithe don Scéim Cóiríochta Cíosa. Beidh an t-údarás áitiúil ina pháirtí sa chomhaontú seo mar ráthóir an chíosa.
Faoi dheireadh, aontaíonn faighteoir na Scéime Cóiríochta Cíosa agus an t-údarás áitiúil go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil íocaíochtaí leis an tiarna talún thar ceann an fhaighteora.
Tá an príomhchaidreamh "tiarna talún agus tionónta" fós idir úinéir na maoine agus tionónta na Scéime Cóiríochta Cíosa. Feidhmíonn an t-údarás áitiúil mar ghníomhaire thar ceann an tionónta.
Tá an tiarna talún freagrach as:
Gheobhaidh an tiarna talún íocaíochtaí pras go díreach ón údarás áitiúil ar feadh ré chonradh na Scéime Cóiríochta Cíosa; ní bheidh aon ghá le cíos a bhailiú cíosa ó thionóntaí na Scéime Cóiríochta Cíosa rud a chiallaíonn coigilteas riaracháin do thiarnaí talún.
Féadfaidh tiarnaí talún a ligean ar cíos do thionóntaí a bhfuil tacaíochtaí tithíochta sóisialta á bhfáil acu, mar an Scéim Cóiríochta Cíosa agus Forlíonadh Cíosa, leas a bhaint as faoiseamh cánach méadaithe faoi scéim nua ón 1 Eanáir 2016. Ligfidh an scéim nua d’úinéirí maoine faoiseamh 100 faoin gcéad a éileamh ar a n-ús morgáiste, mar chostas i gcoinne ioncaim ó chíos. Le cáiliú, caithfidh an tiarna talún gealltanas a thabhairt an chóiríocht a chur ar fáil do thionóntaí cáilitheacha ar feadh trí bliana ar a laghad, agus caithfidh an gealltanas a bheith cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB) . Tá tuilleadh faisnéise ar fáil freisin ó na Coimisinéirí Ioncaim .
Cuir iarratas isteach ar Scéim Cóiríochta Cíosa / Aonad Tithíochta an údaráis áitiúil atá freagrach as an limistéar ina bhfuil an chóiríocht suite.