Scéim Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta - Téarmaí agus Coinníollacha Tionóntaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Nuair a théann tú isteach sa scéim HAP síníonn tú Comhaontú Ranníocaíochta Cíosa. Tá téarmaí agus coinníollacha na scéime HAP sa Chomhaontú um Ranníocaíocht Cíosa. Aontaíonn tú na téarmaí agus coinníollacha sin a leanúint nuair a shíníonn tú an comhaontú.
Ní hiad na téarmaí agus coinníollacha iomlána na téarmaí agus na coinníollacha thíos. Le haghaidh leagan iomlán na dtéarmaí agus na gcoinníollacha féach ar an gComhaontú Ranníocaíochta Cíosa a shínigh tú.
Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios agat go ndéanann Ionad Seirbhísí Comhroinnte HAP íocaíochtaí HAP le do thiarna talún thar ceann d’údaráis áitiúil. Íocann tú do ranníocaíocht chíosa seachtainiúil freisin le hIonad Seirbhísí Comhroinnte HAP.
Trí íocaíocht a fháil ó m’údarás áitiúil as mo thionóntacht HAP:
Aontaím mo ranníocaíocht chíosa seachtainiúil a íoc le m’údarás áitiúil. Ríomhfaidh m’údarás áitiúil mo ranníocaíocht chíosa seachtainiúil de réir a Scéime Cíosa Difreálach
Tá a fhios agam go bhféadfadh m’údarás áitiúil, ó am go ham, méid mo ranníocaíochta cíosa seachtainiúil a athrú:
Nuair a iarrfar orm é, tabharfaidh mé cruthúnas de m'ioncam agus d’ioncam mo theaghlaigh don údarás áitiúil. Cuirfidh mé aon doiciméid ar fáil a theastaíonn ó m’údarás áitiúil chun m’ioncam a sheiceáil. Féadfaidh an t-údarás áitiúil m’ioncam a sheiceáil le comhlachtaí stáit eile.
Má athraíonn m’ioncam nó ioncam mo theaghlaigh, cuirfidh mé sin in iúl d’údarás áitiúil. Tuigim mura ndéanaim é seo, seans go mbeidh riaráistí cíosa substaintiúla agam go bhféadfadh mo thacaíocht HAP a chailliúint dá bharr.
Tá a fhios agam gur féidir le m’údarás áitiúil an íocaíocht HAP a chur ar fionraí nó gan í a íoc le mo thiarna talún thar mo cheann má tharlaíonn aon cheann díobh seo a leanas:
Chomh luath agus a stopfaidh an tÚdarás Áitiúil íocaíochtaí HAP, beidh mé freagrach as an gcíos go léir atá dlite do mo thiarna talún a íoc.
Íocfaidh mé mo ranníocaíocht chíosa seachtainiúil, lena n-áirítear aon mhéadú de bharr athrú ar m’ioncam nó ioncam mo theaghlaigh, ar cheann de na modhanna atá liostaithe anseo .
Ní laghdóidh mé íocaíocht mo ranníocaíochta cíosa seachtainiúil ar chúis ar bith.
Tá a fhios agam go bhfuil sé de fhreagracht orm a chinntiú go n-íoctar mo ranníocaíocht chíosa seachtainiúil le m’údarás áitiúil gach seachtain.