Scéim na Leabhar Scoile don tSraith Shóisearach in Iar-Bhunscoileanna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuirfidh Scéim Leabhar Scoile na Sraithe Sóisearaí nua, a tugadh isteach don scoilbhliain 2024/25, deireadh leis an gcostas a bhaineann le maoiniú leabhar scoile, lena n-áirítear ríomhleabhair, agus acmhainní ranga lárnacha do scoláirí uile na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna sa Scéim Saoroideachais. Tá cur síos iomlán ar a bhfuil le soláthar ag scoileanna do scoláirí sa treoir.
Má tá barrachas maoinithe ag scoileanna beidh sé de rogha acu acmhainní ranga breise a cheannach do scoláirí. Tá caiteachas faoi acmhainní ranga breise teoranta do chaiteachas a bhí, suas go dtí tús na scéime, le híoc ag tuismitheoirí/caomhnóirí, trí rud a sholáthar nó trí tháille a íoc leis an scoil chun an rud sin a sholáthar.
Ní théann maoiniú faoi Scéim Leabhar Scoile na Sraithe Sóisearaí chomh fada le scoileanna a bheith ag ceannach gléasanna digiteacha. Féadfaidh scoileanna, áfach, úsáid a bhaint as an maoiniú le haghaidh tacaíochta don mheán digiteach, a bhaineann le teagasc agus foghlaim laistigh de riachtanais an churaclaim mar atá leagtha amach sa treoir.
Is leis an scoil na leabhair scoile ar fad agus iad ar iasacht do na scoláirí.
Tá Deontas Riaracháin ar leith curtha i bhfeidhm do scoileanna, mar thacaíocht riaracháin. Tá tuilleadh eolais ar ráta an Deontais Tacaíochta Riaracháin agus ar an íocaíocht ar fáil sa treoir.
Forbraíodh an treoir don scoilbhliain 2024/2025 chun cabhrú le hiarbhunscoileanna an scéim a chur i bhfeidhm roimh an scoilbhliain 2024/25. Tá sé tábhachtach go dtagródh gach scoil don treoir lena chinntiú go gcuirtear an scéim i bhfeidhm de réir riachtanais na scéime.
Tá treoirleabhar thagartha tapa cruthaithe ag an Roinn do scoileanna chun tacú le scoileanna trí cheisteanna coitianta a fhreagairt a d’fhéadfadh a bheith ag scoileanna faoin scéim.
Tá neamhspleáchas ag scoileanna an scéim a chur i bhfeidhm laistigh de raon feidhme na treorach. Iarradh ar scoileanna a chur in iúl do thuismitheoirí/ chaomhnóirí faoin gcaoi a reáchtálfar an scéim ina scoil. Cabhróidh sé seo le tuismitheoirí/caomhnóirí pleanáil d’aon chaiteachas a d’fhéadfadh a bheith i gceist chun acmhainní breise nach gcuirtear ar fáil faoin scéim a chlúdach.
Tá bileog eolais do thuismitheoirí/chaomhnóirí cruthaithe ag an Roinn freisin ar féidir teacht air thíos.
Deontas Leabhair Scoile Treoirlínte d’Iar Bhunscoileanna 2024 25
Treoir Thagartha Tapa do Scoileanna maidir le Scéim Leabhair Scoile na Sraithe Sóisearaí
Cuirfidh Scéim Leabhar Scoile na Sraithe Sóisearaí deireadh leis an gcostas a bhaineann le maoiniú leabhar scoile do leanaí agus do dhaoine óga atá cláraithe i gcláir na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna sa Scéim Saoroideachais ó theaghlaigh. Cruthaíodh bileog chun eolas a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí faoin scéim. Is féidir é seo a íoslódáil thíos.
Eolas do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí
Tá dualgais ar scoileanna cloí leis na Treoirlínte Soláthair Náisiúnta agus an reachtaíocht ábhartha a rialaíonn soláthar poiblí in Éirinn nuair a bhíonn earraí agus seirbhísí á bhfoinsiú acu. Ní mór soláthar poiblí glas (GPP) a áireamh i ngach tairiscint a úsáideann cistí poiblí.
Is é an tAonad um Sholáthar do Scoileanna (SPU) an acmhainn tacaíochta lárnach chun treoir a sholáthar do gach bunscoil aitheanta, lena n-áirítear scoileanna speisialta, agus iar-bhunscoileanna (seachas scoileanna BOO) ar aon cheist a bhaineann le soláthar. Cuireann an SPU comhairle agus tacaíocht phraiticiúil in aisce ar fáil do scoileanna chun cabhrú leo a bpróiseas, a gcleachtais agus a dtorthaí soláthair a fheabhsú. Tá Treoir do Scoileanna ar Dhea-Chleachtais Soláthair curtha le chéile ag an Aonad atá ar fáil ag: www.spu.ie/procurement-guide/
Ní leagann an treoir aon fhreagrachtaí breise ar scoileanna nach bhfuil sa reachtaíocht cheana féin. Cuireann siad treoir ar fáil do scoileanna maidir le bealaí chun a ndualgais i leith na dTreoirlínte Soláthair Náisiúnta agus an reachtaíocht a rialaíonn soláthar poiblí in Éirinn a chomhlíonadh agus iad ag foinsiú earraí agus seirbhísí.
Ba chóir do scoileanna tagairt a dhéanamh do theimpléad Bookselling Ireland le haghaidh luachana chun cabhrú maidir le luachana a iarraidh ó sholáthraithe.
Tá treoir bhreise forbartha ag an Roinn Oideachais, i gcomhar leis an Aonad um Sholáthar do Scoileanna (SPU), do scoileanna chun cabhrú leo leis an bpróiseas soláthair do Scéim Leabhar Scoile na Sraithe Sóisearaí. Ba chóir do scoileanna a bheith eolach ar an treoir dhoiciméad thíos.
Treoir Soláthair d’Iar-bhunscoileanna
Tá eolas tacaíochta breise ar fáil ón SPU ag an nasc seo a leanas link SPU
Is é an tAonad um Sholáthar do Scoileanna (SPU) an acmhainn tacaíochta lárnach chun treoir a chur ar fáil do scoileanna (seachas scoileanna BOO) ar aon cheist a bhaineann le soláthar.
Leanfaidh an t-aonad ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta do scoileanna agus táthar ag cur leis an bhfoireann chun ceisteanna ó scoileanna a fhreagairt.
Má tá tuilleadh tacaíochta nó cúnaimh de dhíth ort agus tú ag dul trí phróiseas soláthair leabhair scoile na Sraithe Sóisearaí seol ríomhphost chuig JCschoolbooks@education.gov.ie
Ba chóir do scoileanna freisin féachaint ar an teimpléad le haghaidh meastachán le cuiidiú a fháil le meastacháin a iarraidh ó sholáthraithe. Is féidir an doiciméad excel seo de chuid Theimpléad Meastacháin na nIar-bhunscoileanna a íoslódáil ó shuíomh gréasáin an Aonaid Sholáthair Scoileanna ar a leathanach gréasáin tiomnaithe don Scéim Leabhar Scoile: [external-link https://www.spu.ie/schoolbooks-scheme/]
Tá roinnt acmhainní faisnéise ar fáil maidir le freagrachtaí sa réimse seo, agus tá nasc ann dóibh thíos:
Tá sé mar aidhm ag an Oifig um Sholáthar Rialtais scéimeanna a chur chun cinn freisin chun rannpháirtíocht Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBM) i Soláthar Poiblí a éascú. I gCiorclán 05/2023 ón DPER luaitear tionscnaimh chun cabhrú le FBManna i Soláthar Poiblí agus leagtar amach na scéimeanna a fhéadfaidh scoileanna a bhreithniú mar chuid dá bpróiseas soláthair. Chun tuilleadh eolais a fháil is féidir an ciorclán a rochtain ag
Tacaíonn an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais (FSSU) le boird bhainistíochta forálacha an Achta Oideachais 1998 a chomhlíonadh maidir le trédhearcacht, cuntasacht agus freagracht airgeadais as maoiniú Stáit agus eile. I gcomhréir le Ciorclán RO 02/2018, tacaíonn an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais (FSSU) le boird bhainistíochta in earnálacha na Meánscoileanna Pobail & Cuimsitheacha agus Deonacha.
Áirítear leis seo socruithe a chaighdeánú chun ceanglais chuntasaíochta a chomhlíonadh faoi Alt 18 den Acht Oideachais 1998 agus feabhas a chur ar na struchtúir tacaíochta airgeadais reatha do scoileanna. Tacaíonn an FSSU freisin le boird bhainistíochta a gcuid riachtanas comhlíonta a chomhlíonadh i leith chomhlachtaí rialála agus reachtúla eile.
Tá treoir cruthaithe ag an FSSU freisin chun tacú le scoileanna gnéithe airgeadais den Scéim Leabhar Scoile na Sraithe Sóisearaí a riar.
Mar atá leagtha amach roimhe seo i gCiorclán 46/2013 Leithdháiltí ar Scoileanna i leith Leabhar, leanfaidh scoileanna de bheith ag fáil maoiniú per capita do scoláirí san idirbhliain, sa chúigiú bliain agus sa séú bliain don Deontas Leabhar. Tá tuilleadh eolais ar na socruithe maidir le híocaíocht an Deontas Leabhar le hiar-bhunscoileanna sa Scéim Saoroideachais chun cúnamh a sholáthar do leabhair scoile, lena n-áirítear scéimeanna leabhar ar cíos, leagtha amach sa treoir.
Ba chóir ceisteanna ó scoileanna maidir leis an deontas leabhar do scoláirí idirbhliana, cúigiú agus séú bliain a sheoladh chuig Rannóg Airgeadais na Scoileanna ag sdfinfo@education.gov.ie nó i gcás BOOanna chuig Aonad Pearsanra Airgeadais agus Riaracháin an BOO ag financialetb@education.gov.ie .