Scoileanna, Luathfhoghlaim agus Cúram Leanaí, agus an tIonad Oibre
Ó An Roinn Cosanta; Office of Emergency Planning ga
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Cosanta; Office of Emergency Planning ga
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ba cheart do scoileanna a chinntiú go bhfuil sonraí teagmhála ábhartha na bpríomhghníomhaireachtaí freagartha dá gceantar féin ar eolas acu, lena n-áirítear An Garda Síochána, an bhriogáid dóiteáin agus údaráis áitiúla agus seirbhísí oiriúnacha eile. Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh sonraí teagmhála ag scoileanna maidir leis na seirbhísí iompair atá ag freastal ar a scoil.
Úsáideann formhór na scoileanna seirbhís téacsála chun cumarsáid a dhéanamh le tuismitheoirí agus leis an bhfoireann. D’fhéadfadh go mbeadh an raidió áitiúil, suíomh gréasáin na scoile nó na meáin shóisialta úsáideach chun comhairle a chur ar thuismitheoirí agus ar mhic léinn faoi aon deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a chuirfeadh cosc ar oscailt scoileanna.
Ba cheart do scoileanna monatóireacht a dhéanamh ar réamhaisnéisí aimsire ionas go mbeidh siad ullmhaithe le haon aon adhaimsir a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar an scoil i rith an tsamhraidh. I rith thréimhsí drochaimsire, ba cheart d’údaráis scoile a chinntiú go bhfuil an t-eolas is déanaí acu agus ba cheart dóibh súil a choinneáil ar chúrsaí.
Ó tharla go bhfuilimid ag teannadh le deireadh na bliana acadúla, iarrann Uisce Éireann ar gach scoil agus coláiste an méid uisce atá in úsáid acu a mheas agus seiceáil le haghaidh sceitheadh uisce agus tacú leis na hiarrachtaí caomhnaithe uisce.
Tá an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta freagrach as sláinte agus sábháilteacht oibrithe i ngach áit oibre a rialáil, taobh istigh agus amuigh faoin aer. I rith an tsamhraidh, ceanglaítear ar fhostóirí a chinntiú go bhfuil áit oibre aeráilte agus compordach ar fáil d’oibrithe atá ag obair taobh istigh. Maidir leo siúd atá ag obair amuigh faoin aer, ní mór iad a chosaint ó éifeachtaí sholas iomarcach na gréine mar atá sonraithe thíos. Níl aon teocht oibre uasta sonraithe sa reachtaíocht i ndáil le hobair taobh istigh nó le hobair amuigh faoin aer.
Is ceanglas dlí é go mbeadh gach duine atá ag obair amuigh faoin aer cosanta ó éifeachtaí iomarcacha sholas na gréine le linn dóibh a bheith i mbun oibre, rud a chiallaíonn go gceanglaítear ar fhostóirí bearta sábháilteachta a bheith bunaithe acu chun a bhfostaithe a chosaint.
Is í an phríomhchúis atá le hailse chraicinn solas ultraivialait (UV) ón ngrian. Téann sé chun tairbhe na sláinte ginearálta taitneamh a bhaint as am a chaitheamh amuigh faoin aer. Ní mór dúinn smaoineamh ar an mbealach a bhfuil ár gcraiceann á chosaint againn nuair a bhímid amuigh faoin aer.
Tá raon beart cosanta ann mar seo a leanas:
• Idir Aibreán agus Meán Fómhair, pleanáil an méid oibre a dhéanann tú amuigh faoi aer chun teorainn a chur leis an tréimhse ama agus le déine neamhchosanta fostaithe ar sholas díreach na gréine, go háirithe idir 11am agus 3pm, nuair atá gathanna na gréine níos láidre ná am ar bith eile.
• Is féidir an t-innéacs UV a sheiceáil ar https://www.met.ie/uv-index. Ba cheart craiceann a chosaint nuair atá an t-innéacs UV os cionn 3.
• Soláthair áit foscaidh más féidir.
• Cinntí go nglactar sosanna in áiteanna nach bhfuil solas díreach na gréine.
• Mol d’fhostaithe a gcraiceann a chlúdach, agus éadaí ar a bhfuil muinchillí síos agus cábaí suas, hata ar a bhfuil duilleog leathan agus spéaclaí gréine timfhillteacha, éadaí déanta d’ábhar dlúthfhite a chaitheamh nach dtéann solas na gréine tríothu.
• Soláthair uachtar gréine, SPF Speictream-leathan (UVA/UVB) 30, ar a laghad.
• Soláthar spéaclaí gréine timfhillteacha.
• Ní mór d’oibrithe féinfhostaithe a mbearta sábháilteachta féin a sholáthar.
• Roinn eolas le fostaithe maidir leis na dainséir a bhaineann le neamhchosaint ar an ngrian.
• Inis d’fhostaithe conas a gcraiceann a chosaint.
Cumann Ailse na hÉireann ar www.cancer.ie
Clár Sláinte an AE ar www.skinmama.eu
• Seachain éirí róthe ar an gcéad áit más féidir.
• Bain úsáid as na bearta coisctheacha thuasluaite.
• Má tá sé beartaithe agat dul ag taisteal, seiceáil réamhaisnéis na haimsire ag do cheann scríbe.
• Foghlaim conas fanacht fionnuar agus sábháilte sa bhaile - bain úsáid as treoir FSS.
• Ól neart uisce.
• Bain tairbhe as foscadh.
• Coinnigh d’áit chónaithe fionnuar. Baineann tábhacht leis seo i gcás naíonán, daoine scothaosta nó daoine ag a bhfuil riochtaí ainsealacha sláinte nó daoine nach bhfuil ar a gcumas aire a thabhairt dóibh féin.
• Oscail na fuinneoga san oíche nuair a bhíonn an teocht tite.
• Dún cuirtíní ar fhuinneoga a mbíonn an ghrian ag scalladh isteach iontu ar maidin nó sa tráthnóna.
• Cas as soilse agus trealamh nach bhfuil ag teastáil – gineann siad teas.
• Coinnigh plandaí agus babhlaí uisce taobh istigh, cabhraíonn galú chun an t-aer a choinneáil fionnuar.
• Más féidir, bog isteach i seomra níos fionnuaire, go háirithe nuair a bhíonn tú ag codladh.
• D’fhéadfadh go mbeadh gaothráin leictreacha úsáideach má tá an teocht faoi 35C.