Tugtar na tionscadail agus na gníomhaíochtaí is déanaí chun solais in Sláintecare i nGníomh atá ag cabhrú linn an cúram ceart a sholáthar san áit cheart, ag an am ceart.
Meastar go bhfuil Galar scamhóige toirmeascach ainsealach (COPD) ar 500,000 duine in Éirinn agus go bhfuil galar measartha nó trom ar bhreis agus 200,000 duine agus nach dóchúil go ndéanfar ach an leath díobh a dhiagnóisiú. Imríonn COPD tionchar mór ar chaighdeán beatha an othair, na dteaghlach, agus na gcúramóirí, agus is gá cúram leanúnach leighis a sholáthar, freastal ar an ospidéal go minic agus is minic go mbíonn bás réamhaibí mar thoradh air. Faigheann ar a laghad 1,500 othar bás gach bliain den ghalar seo agus tugtar breis agus 15,000 othar chun ospidéil agus COPD orthu. Imríonn sé tionchar trom ar othair ach cuireann sé brú suntasach ar an tseirbhís sláinte freisin.
Tá Cúram Maolaitheach Athshlánúcháin, seirbhís phíolótach nua Sláintecare arna reáchtáil idir Ospís Naomh Proinsias agus Ospidéal Mater, ag soláthar cúraim chomhtháite a chomhtháthaíonn gnéithe ospidéil agus pobail den chúram maolaitheach. Tá sé mar aidhm ag an tseirbhís tionchar dearfach a chruthú ar shaol na n-othar, a gcaighdeán beatha a bharrfheabhsú, agus fad a bhfanachta san ospidéal a laghdú.
Tá Ospidéal Ginearálta Loch Garman (WGH) agus CHO 5 Cúram Sláinte Pobail an Oirdheiscirt ag comtháthú seirbhísí géarmhíochaine agus pobail do dhaoine scothaosta lena dtionsacadal Foireann Cúraim Seanaoise (ARC), atá á mhaoiniú ag Sláintecare.
Soláthraíonn ARC Measúnaithe Cuimsitheacha Geiriatracha do dhaoine scothaosta a atreoraíonn an géar-ospidéal chuig an tseirbhís chomh maith le trí sheirbhísí sláinte pobail
Ní bheidh ar othair i nGaillimh an oireadh uaireanta a chaitheamh ag taisteal, agus na céadta euro a chaitheamh i gcostais taistil anois gur féidir leo rochtain a fháil ar ghnáthsheiceálacha croí agus ar chúram níos gaire don bhaile. Soláthraíonn an tseirbhís nua seo, arna maoiniú ag Sláintecare, diagnóisic cliseadh croí agus cúram sa phobal, rud a chiallaíonn gur féidir le hothair turas chuig Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe a sheachaint.
Tionscnamh nua é Cairde Cainte (Talking Buddies) atá á chistiú ag Sláintecare chun forbairt teanga a chur chun cinn i bpobail i Laois agus in Uíbh Fhailí agus gach duine a spreagadh chun bheith ag léamh os ard do leanaí óga idir aois 0 agus 5 bliana.
Tá Titimeas Éireann ag tacú le daoine a bhfuil titimeas orthu chun a riocht a fhéinbhainistiú, a laghdóidh an t-éileamh atá ar an gcóras géarchúraim dá bharr.
Cuireann an tionscadal nuálach seo, atá á chistiú trí Chiste Lánpháirtíochta Sláintecare, seisiún domhain oideachais ar fáil d’othair go gairid i ndiaidh go ndiagnóisítear go bhfuil Titimeas orthu.