Sochar Breoiteachta agus Saoire Breoiteachta Reachtúil in 2024
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leis an Acht um Shaoire Bhreoiteachta 2022 foráiltear do scéim Saoire Breoiteachta Reachtúil le haghaidh gach fostaí a bhfuil ar a laghad 13 seachtaine caite acu lena bhfostóir reatha.
Ón 1 Eanáir 2024 méadófar ar líon na laethanta Saoire Breoiteachta Reachtúla ó 3 go 5. Ciallaíonn sé seo go n-íocfaidh d’fhostóir tú de réir na scéime Saoire Breoiteachta Reachtúla as aon chás tinnis, suas le 5 lá ar a mhéad, a mbíonn tú sceidealaithe le bheith ag obair de ghnáth i mbliain féilire. Más lú ná 5 lá do chéad chás tinnis sa bhliain, cuirfear do laethanta saoire breoiteachta reachtúla atá fágtha i bhfeidhm i dtaca le haon chás(anna) tinnis ina dhiaidh sin, suas le 5 lá ar a mhéad i mbliain féilire.
Agus do laethanta Saoire Breoiteachta Reachtúla ídithe agat d’fhéadfá a bheith i dteideal Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
Má cháilíonn tú le haghaidh Saoire Bhreoiteachta Reachtúil agus Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála araon, agus má sháraíonn do chéad chás tinnis in 2024 do theidlíocht 5 lá Saoire Breoiteachta Reachtúil, cuirfear tús le d’íocaíocht Sochar Breoiteachta nó Díobhála ó lá 6. Ní féidir leat Sochar Breoiteachta nó Díobhála a fháil ar laethanta a fhaigheann tú Saoire Bhreoiteachta Reachtúil.
Mura sháraíonn do chás tinnis do theidlíocht 5 lá Saoire Bhreoiteachta Reachtúil, níl aon cheanglas iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta.
Fiú mura bhfuil tú i riocht oibre ar feadh trí lá nó níos lú áfach, is féidir leat fós éileamh ar Shochar Díobhála a chlárú mar fhianaise gur tarlaíodh timpiste cheirde. Leis seo, tugtar cosaint do do theidlíocht maidir le tairbhe a bhaint as an Scéim Sochair i dtaca le Díobhálacha Ceirde toisc gur féidir le tinneas nó míchumas teacht ort ar dháta níos déanaí.
Má tá do theidlíocht 5 lá Saoire Bhreoiteachta Reachtúil úsáidte agat in 2024 agus má tá aon chásanna tinnis agat ina dhiaidh sin sa bhliain féilire, cuirfear tús le híocaíochtaí Sochair Bhreoiteachta nó Sochair Dhíobhála ar lá 4 de do thinneas ar tar éis an ghnáth-thréimhse feithimh 3 lá dó.
De réir an Acht um Shaoire Bhreoiteachta 2022 is féidir le fostóirí scéim saoire bhreoiteachta a reáchtáil atá níos fearr d’fhostaithe ná Saoire Bhreoiteachta Reachtúil.
Cuirtear cúpla gné san áireamh agus cinneadh á dhéanamh faoi cé acu an bhfuil scéim saoire breoiteachta fostóra níos fearr ná Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Áirítear leo fad agus ráta íocaíochta.
Ní íoctar na scéimeanna fostóra seo sa bhreis ar Shaoire Bhreoiteachta Reachtúil.
Dearbhaítear sa reachtaíocht Leasa Sóisialaí go gcaitear mar an gcéanna le fostaithe Saoire Breoiteachta Reachtúil agus le fostaithe atá clúdaithe ag scéimeanna níos fearr i dtaca leis an tionchar ar a dteidlíochtaí Sochair Breoiteachta agus Sochair Díobhála.
Ní bhíonn Sochar Breoiteachta agus Sochar Díobhála iníoctha agus an duine ag fáil:
nó
Ón 1 Eanáir 2024 íoctar Sochar Breoiteachta agus Sochar Díobhála ó lá 6 den éileamh mura bhfuil aon chuid de do theidlíocht úsáidte agat roimh an gcás tinnis seo.
Clúdaítear lá 1-3 le ‘laethanta feithimh’ Sochair Bhreoiteachta nó Sochair Dhíobhála agus na chéad 3 lá Saoire Bhreoiteachta Reachtúla (nó aitheantas coibhéiseach don scéim fostóra níos fabhraí).
Clúdaítear lá 4 agus 5 leis an gcuid eile den 5 lá saoire bhreoiteachta reachtúil atá fágtha (nó aitheantas coibhéiseach don scéim fostóra níos fabhraí).
Má tá cuid de do theidlíocht úsáidte agat roimh an gcás tinnis seo, d’fhéadfá íocaíocht a fháil ó dháta níos luaithe. Féach ar na samplaí thíos le haghaidh tagartha.
Ní sheirbheálfaidh aon éileamh a dhéanfar tar éis ídiú na Saoire Breoiteachta Reachtúil/na coibhéise fostóra ach an 3 lá feithimh.
1. Ní cháilíonn tú le haghaidh Saoire Bhreoiteachta Reachtúil toisc nach raibh tú le d’fhostóir ar feadh níos mó ná 13 seachtaine. Tá na ranníocaíochtaí riachtanacha agat agus tá na coinníollacha eile uile comhlíonta agat chun cáiliú le haghaidh Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála.
Seirbheálann tú 3 lá feithimh agus faigheann tú Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála ó lá 4.
2. Cáilíonn tú le haghaidh Saoire Bhreoiteachta Reachtúil toisc go bhfuil tú le d’fhostóir ar feadh níos mó ná 13 seachtaine. Cáilíonn tú le haghaidh Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála freisin. Níl aon chuid de do Shaoire Bhreoiteachta Reachtúil úsáidte agat sa bhliain féilire. Tá tú tinn ar feadh níos mó ná 5 lá.
Faigheann tú pá Saoire Breoiteachta Reachtúil ó d’fhostóir ar feadh na chéad 5 lá agus faigheann tú Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála ó lá 6.
3. Cáilíonn tú le haghaidh Saoire Bhreoiteachta Reachtúil toisc go bhfuil tú le d’fhostóir ar feadh níos mó ná 13 seachtaine. Cáilíonn tú le haghaidh Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála freisin. Tá do Shaoire Bhreoiteachta Reachtúil uile úsáidte agat sa bhliain féilire.
Seirbheálann tú 3 lá feithimh agus faigheann tú Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála ó lá 4.
4. Cáilíonn tú le haghaidh Saoire Bhreoiteachta Reachtúil toisc go bhfuil tú le d’fhostóir ar feadh níos mó ná 13 seachtaine. Cáilíonn tú le haghaidh Sochar Breoiteachta agus Sochar Díobhála freisin agus tá 3 lá de do Shaoire Bhreoiteachta Reachtúil úsáidte agat i gcás tinnis roimhe seo.
Gheobhaidh tú pá Breoiteachta Reachtúil ar feadh 2 lá, beidh 1 lá feithimh agat (3 lá feithimh – 2 lá saoire bhreoiteachta = 1 lá feithimh fágtha) agus gheobhaidh tú Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála ó lá 4.
5. Cáilíonn tú le haghaidh Saoire Bhreoiteachta Reachtúil toisc go bhfuil tú le d’fhostóir ar feadh níos mó ná 13 seachtaine. Cáilíonn tú le haghaidh Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála freisin. Tá 1 lá de do Shaoire Bhreoiteachta Reachtúil úsáidte agat le haghaidh chás tinnis roimhe seo. Tá tú tinn ar feadh níos mó ná 4 lá.
Gheobhaidh tú pá Breoiteachta Reachtúil ar feadh 4 lá agus gheobhaidh tú Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála ó lá 5.
1. Is fostaí tú ar scéim pá breoiteachta ceirde fostóra a mheastar é a bheith níos fabhraí ná Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Íocann d’fhostóir airgead sa bhreis leat ar an Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála a fhaigheann tú. Tá na ranníocaíochtaí riachtanacha agat agus tá na coinníollacha eile uile comhlíonta agat chun cáiliú le haghaidh Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála. Níl aon chuid de do shaoire bhreoiteachta úsáidte agat sa bhliain féilire. Tá tú tinn ar feadh níos mó ná 5 lá.
Caitear mar an gcéanna leat agus le duine atá ag fáil Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Caithfear leis an gcéad 5 lá den tinneas seo amhail is go bhfuil tú ag fáil Saoire Bhreoiteachta Reachtúil agus gheobhaidh tú an íocaíocht Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála ó lá 6.
2. Is fostaí tú ar scéim pá breoiteachta ceirde fostóra a mheastar é a bheith níos fabhraí ná Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Íocann d’fhostóir airgead sa bhreis leat, ar an Sochar Breoiteachta a fhaigheann tú. Tá na ranníocaíochtaí riachtanacha agat chun cáiliú le haghaidh Sochar Breoiteachta, deimhnítear é nach bhfuil tú i riocht oibre agus tá na critéir incháilitheachta eile uile comhlíonta agat. Tá 2 lá saoire bhreoiteachta úsáidte agat cheana féin sa bhliain féilire. Tá tú tinn ar feadh níos mó ná 5 lá.
Caitear mar an gcéanna leat agus le duine atá ag fáil Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Ós rud é go bhfuil 2 lá saoire bhreoiteachta úsáidte agat cheana féin sa bhliain féilire, caithfear leis an gcéad 3 lá eile de do thinneas amhail is go raibh tú ag fáil Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Ós rud é go bhfuil na 3 lá seo atá fágtha ailínithe leis na 3 lá feithimh le haghaidh Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála , gheobhaidh tú Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála ó lá 4.
3. Is fostaí tú ar scéim pá breoiteachta ceirde fostóra a mheastar é a bheith níos fabhraí ná Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Íocann d’fhostóir airgead sa bhreis leat ar an Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála a fhaigheann tú. Tá na ranníocaíochtaí riachtanacha agat chun cáiliú le haghaidh Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála, deimhnítear é nach bhfuil tú i riocht oibre agus tá na critéir incháilitheachta eile uile comhlíonta agat. Tá 5 lá saoire bhreoiteachta úsáidte agat cheana féin sa bhliain féilire. Tá tú tinn ar feadh níos mó ná 3 lá.
Caitear mar an gcéanna leat agus le duine atá ag fáil Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Ós rud é go bhfuil 5 lá saoire bhreoiteachta úsáidte agat cheana féin sa bhliain féilire, níl aon laethanta fágtha agat ar féidir caitheamh leo amhail is go raibh tú ag fáil Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Beidh an 3 lá feithimh agat le haghaidh Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála agus gheobhaidh tú Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála ó lá 4.
4. Tá tú ar scéim pá breoiteachta fostóra a mheastar é a bheith níos fabhraí ná an scéim Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Íocann d’fhostóir do thuarastal iomlán leat agus tugann tú an Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála a fhaigheann tú do d’fhostóir trí shainordú. Tá na ranníocaíochtaí riachtanacha agat chun cáiliú le haghaidh Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála. Níl aon saoire úsáidte agat sa bhliain féilire. Tá tú tinn ar feadh níos mó ná 5 lá.
Caitear mar an gcéanna leat agus le duine atá ag fáil Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Caithfear leis an gcéad 5 lá den tinneas seo amhail is go raibh tú ag fáil Saoire Bhreoiteachta Reachtúil agus gheobhaidh d’fhostóir íocaíocht Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála ó lá 6.
5. Tá tú ar scéim pá breoiteachta fostóra a mheastar é a bheith níos fabhraí ná an scéim Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Íocann d’fhostóir do thuarastal iomlán leat agus tugann tú an Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála a fhaigheann tú do d’fhostóir trí shainordú. Tá na ranníocaíochtaí riachtanacha agat chun cáiliú le haghaidh Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála. Tá 2 lá saoire bhreoiteachta úsáidte agat cheana féin sa bhliain féilire. Tá tú tinn ar feadh níos mó ná 5 lá.
Caitear mar an gcéanna leat agus le duine atá ag fáil Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Ós rud é go bhfuil 2 lá saoire bhreoiteachta úsáidte agat cheana féin sa bhliain féilire, caithfear leis an gcéad 3 lá eile de do thinneas amhail is go raibh tú ag fáil Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Ós rud é go bhfuil an 3 lá seo atá fágtha ailínithe leis an 3 lá feithimh le haghaidh Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála , gheobhaidh d’fhostóir Sochar Breoiteachta/Díobhála ó lá 4.
6. Tá tú ar scéim pá breoiteachta fostóra a mheastar é a bheith níos fabhraí ná an scéim Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Íocann d’fhostóir do thuarastal iomlán leat agus tugann tú an Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála a fhaigheann tú do d’fhostóir trí shainordú. Tá na ranníocaíochtaí riachtanacha agat chun cáiliú le haghaidh Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála. Tá 5 lá saoire bhreoiteachta úsáidte agat cheana féin sa bhliain féilire. Tá tú tinn ar feadh níos mó ná 3 lá.
Caitear mar an gcéanna leat agus le duine atá ag fáil Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Ós rud é go bhfuil 5 lá saoire bhreoiteachta úsáidte agat cheana féin sa bhliain féilire, níl aon laethanta fágtha agat ar féidir caitheamh leo amhail is gur íocadh Saoire Bhreoiteachta Reachtúil duit. Seirbheálfaidh tú an 3 lá feithimh le haghaidh Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála agus gheobhaidh d’fhostóir Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála ó lá 4.
7. Tá tú ar scéim pá breoiteachta fostóra a mheastar é a bheith níos fabhraí ná an scéim Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Íocann d’fhostóir do thuarastal iomlán leat agus tugann tú an Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála a fhaigheann tú do d’fhostóir trí shainordú. Ní íocann d’fhostóir tú ar feadh na chéad 3 lá den tinneas. Tá na ranníocaíochtaí riachtanacha agat chun cáiliú le haghaidh Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála. Níl aon saoire úsáidte agat sa bhliain féilire. Tá tú tinn ar feadh níos mó ná 5 lá.
Caitear mar an gcéanna leat agus le duine atá ag fáil Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Má aicmítear é go bhfuil scéim pá breoiteachta d’fhostóra níos fabhraí ná an scéim saoire breoiteachta reachtúil ar an iomlán, caithfear leis na chéad 5 lá den éileamh seo amhail is go raibh tú ag fáil Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Gheobhaidh d’fhostóir íocaíocht ó Shochar Breoiteachta nó ó Shochar Díobhála ó lá 6. Ní hiad laethanta saoire breoiteachta ach ceann amháin de na gnéithe a chuirtear san áireamh agus cinneadh á dhéanamh i dtaca le cé acu an bhfuil an scéim pá breoiteachta ceirde níos fabhraí ná Saoire Bhreoiteachta Reachtúil.
8. Is fostaí tú ar scéim pá breoiteachta ceirde fostóra a mheastar é a bheith níos fabhraí ná Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Íocann d’fhostóir airgead sa bhreis leat ar an Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála a fhaigheann tú. Tá na ranníocaíochtaí riachtanacha agat chun cáiliú le haghaidh Sochar Breoiteachta/Díobhála, deimhnítear é nach bhfuil tú i riocht oibre agus tá na coinníollacha incháilitheachta eile uile comhlíonta agat. Tá 5 lá saoire bhreoiteachta úsáidte agat cheana féin sa bhliain féilire. Tá tú tinn ar feadh níos mó ná 3 lá.
Caitear mar an gcéanna leat agus le duine atá ag fáil Saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Ós rud é go bhfuil 5 lá saoire bhreoiteachta úsáidte agat cheana féin sa bhliain féilire, níl aon laethanta fágtha agat ar féidir caitheamh leo amhail is go raibh tú ag fáil saoire Bhreoiteachta Reachtúil. Seirbheálfaidh tú 3 lá feithimh le haghaidh Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála agus gheobhaidh tú Sochar Breoiteachta nó Sochar Díobhála ó lá 4.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh le haghaidh Sochar Breoiteachta trí www.MyWelfare.ie