Clár Samhraidh 2024: clár baile-bhunaithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leanfar le clár samhraidh scoilbhunaithe ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais chasta speisialta oideachais acu agus nach bhfuil clár scoilbhunaithe á sholáthar ag a scoil.
Is é an leithdháileadh uaireanta ná 10 n-uaire do 4 seachtaine má tá dalta incháilithe agus mura bhfuil scoil an dalta páirteach i gclár scoilbhunaithe nó murar féidir leis an scoil áit a sholáthar don dalta ar chlár scoilbhunaithe.
Clár Samhraidh Baile-bhunaithe 2024 Eolas do thuismitheoirí
Don bhliain 2024, tá tairseach ar líne á sholáthar ag an Roinn chun gur féidir le scoileanna sonraí dalta a chur isteach agus incháilitheacht a dhearbhú. Eiseofar ríomhphost ceadaithe chuig na tuismitheoirí agus chuig an scoil chun incháilitheacht agus na huaireanta atá leithdháilte ar an dalta a dhearbhú.
Iarrtar ar scoileanna an t-iarratas seo a chomhlánú agus tacú le tuismitheoirí leis an iarratas seo.
Cuirfear an nasc don Tairseach um Cheadú Ar Líne ar fáil do scoileanna trí ríomhphost agus beidh an Tairseach ar oscailt go dtí Dé hAoine 14 Meitheamh 2024.
Clár Samhraidh Baile-Bhunaithe 2024 chun Tacú le Riachtanais Oideachais nó Chúraim Daltaí a bhfuil Riachtanais Chasta acu - Forbhreathnú
Ceadóidh an Roinn socrú Soláthraí Grúpa Príobháideach idir tuismitheoirí/caomhnóirí dlíthiúla agus soláthraithe príobháideacha faoi réir téarmaí agus coinníollacha socruithe grúpa a chomhlíonadh agus ceadú na roinne seo a bheith faighte roimh ré.