Suirbhéanna sa Roinn Coimirce Sóisialaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí suirbhéanna le fáil amach cé chomh maith atá a cláir ag oibriú agus cé chomh sásta atá cliaint leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil.
Déanaimid é seo mar ní mór dúinn ionchur ó chliaint na roinne a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar conas is féidir linn feabhas a chur ar ár seirbhísí.
Déanann Aonad Staidrimh na Roinne roinnt suirbhéanna go díreach, agus i gcásanna eile iarraimid ar chomhlachtaí neamhspleácha taighde margaidh suirbhéanna a dhéanamh ar ár son. Go ginearálta iarraimid ar na cuideachtaí seo suirbhé a dhéanamh ar shampla ionadaíoch den daonra.
Is cuid de Chóras Staidrimh na hÉireann é Aonad Staidrimh na Roinne, agus de réir an dlí tá gach freagra suirbhé a chuirtear ar fáil don Aonad Staidrimh nó do chuideachtaí neamhspleácha taighde ar ár son go hiomlán príobháideach agus faoi rún.
Ní féidir faisnéis nó freagraí ar leibhéal an duine aonair a roinnt chun críche ar bith eile seachas tuairisciú staitistiúil. Ní féidir faisnéis dá leithéid a úsáid chun críocha riaracháin ar bith eile agus ní fhéadfaidh freagraí daoine cur isteach ar aon idirghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith acu leis an Roinn ar bhealach ar bith.
Má fhaigheann tú iarratas suirbhé ón Roinn, glac an t-am le do thoil chun é a chomhlánú mar go bhfuil do fhreagra fíorthábhachtach. Cabhróidh sé linn do thaithí a thuiscint ionas gur féidir linn seirbhís níos fearr a sholáthar duit.
Príomh-Staitisteoir
Aonad Staidrimh
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí tar éis Eacnamaithe Taighde Indecon a choimisiúnú chun staidéar taighde a dhéanamh ar Chostas Míchumais in Éirinn. Cabhróidh an taighde seo le lucht déanta beartas tuiscint a fháil ar na costais bhreise airgeadais agus eile a d’fhéadfadh a bheith os comhair daoine faoi mhíchumas mar gheall ar a míchumas.
Ó 2015, tá suirbhéanna sástachta custaiméirí déanta ag an Roinn chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn a custaiméirí le tacaíochtaí agus seirbhísí dífhostaíochta.
Soláthraíonn na suirbhéanna aiseolas riachtanach agus is féidir leis an roinn a seirbhísí a oiriúnú agus a fhorbairt ó shaincheisteanna agus dúshláin atá ag teacht chun cinn.
Is é cuspóir foriomlán na Suirbhéanna Cuardaitheora Poist ná:
Tá suirbhéanna Ríomhchuidithe Teileafóin (CATI) déanta gach bliain ó mhí Dheireadh Fómhair ó 2015 i leith. Tá gach suirbhé go dtí seo déanta ag conraitheoirí seachtracha thar ceann na roinne. Rinneadh an suirbhé teileafóin is déanaí idir Nollaig 2022 agus Eanáir 2023.
Tá suirbhéanna ar Sheirbhísí Leasa Pobail agus ar Shástacht Custaiméirí na Seirbhísí Digiteacha ar siúl faoi láthair.
Is suirbhéanna teileafóin iad na suirbhéanna ar Sheirbhísí Leasa Pobail agus ar Sheirbhísí Digiteacha agus d’fhéadfadh Behaviour and Attitudes (B&A) dul i dteagmháil leat chun roinnt ceisteanna a chur ort.
Ní iarrfaidh Behaviour and Attitudes (B&A) sonraí pearsanta ort mar d’Uimhir PSP nó sonraí bainc.
Chun liosta de shuirbhéanna na ranna a fháil, cliceáil anseo.
Más mian leat go mbainfí den Suirbhé ar Shástacht na gCustaiméirí thú, seol ríomhphost chuig CustomerSatisfactionSurvey@welfare.ie Tabhair do shonraí teagmhála, lena n-áirítear do UPSP NÓ do dháta breithe, le do thoil.