Tacaíochtaí ioncaim tar éis méala
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mura bhfuil tú féin ná do theaghlach in ann costais bhunriachtanacha sochraide an té atá básaithe a íoc, is féidir leat cur isteach ar Íocaíocht Riachtanas Breise ón tSeirbhís Leasa Pobail.
Tá mar aidhm ag an Íocaíocht Riachtanas Breise cabhrú leat costais bunriachtanacha a íoc nach mbeadh duine réasúnta ag súil leis go mbeifeá in ann iad a íoc le d'ioncam seachtainiúil féin.
Is é an Oifig Seirbhíse Leasa Pobail áitiúil a dhéanfaidh measúnú ar do chumas na costais a íoc agus a dhéanfaidh cinneadh faoi d'iarratas bunaithe ar do chúinsí. Áireofar sa mheasúnú, aon choigilteas ná polasaithe árachais a d'fhéadfadh a bheith ag an duine a fuair bás chun costais a s(h)ochraide féin a íoc.
Ní chuirfear tacaíocht ar fáil ach amháin i leith na riachtanas a bhaineann le sochraid shollúnta. Ba chóir duit dul i gcomhairle le hadhlacóir sula gcuireann tú aon cheangal airgid ort féin i leith costais socraithe sochraide. Ní áireofar faoin tacaíocht seo ábhair bhreise fhíorchostasacha agus neamhriachtanacha don tsochraid.
Is féidir iarratais a dhéanamh trí úsáid a bhaint as foirmeacha iarratais SWA1 agus SWA5.
Má chuireann an Roinn tacaíocht airgeadais ar fáil, is féidir an íocaíocht a dhéanamh go díreach leis an adhlacóir (féach rannóg 6 d'fhoirm SWA 1 – Íocaíocht Ainmnithe).
Is féidir leis an Ionad Teagmhála Náisiúnta um Leas Pobail tú a threorú go dtí an oifig chuí.
Foirm Iarratais le haghaidh Liúntais Leasa Forlíontaigh (SWA1)
Eagrán: Feabhra 2023
Foirm iarratais: ar Liúntas Forlíontach Leasa -Cúnamh maidir le Costais Sochraide (SWA5ga)
Eagrán: Feabhra 2023
Má fhaigheann duine bás ag an obair, d'fhéadfadh Deontas Sochraide Speisialta faoin scéim Sochair Díobhálacha Ceirde a bheith ar fáil don duine a íocann as costais na sochraide.
Má tá tú i do bhaintreach, d'fhéadfadh an Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) a bheith ar fáil duit. Chun cáiliú, ní mór duit coinníollacha áirithe árachais shóisialaigh a shásamh bunaithe ar ranníocaíochtaí ÁSPC do chéile nó do chéile nach maireann.
Má tá tú i do bhaintreach agus mura gcáilíonn tú do Phinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach), d'fhéadfá cáiliú ina ionad sin do Phinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamhranníocach).
Má tá do chéile nó do pháirtí sibhialta tar éis bháis agus má tá leanaí cleithiúnacha agat faoi 18 (nó faoi 22 má tá siad in oideachas lánaimseartha) d'fhéadfá cáiliú don Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh.
Má tá do chéile nó do pháirtí sibhialta básaithe, d'fhéadfá a bheith in ann an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora a éileamh ar feadh suas le dhá bhliain tar éis dháta a mbáis nó go dtí go slánóidh do leanbh is óige 18 mbliana d'aois, cibé acu is túisce.
Má tá tú ag tabhairt aire do leanbh a chaill tuismitheoir (nó tuismitheoirí), d'fhéadfá cáiliú d'Íocaíocht Chaomhnóra.
Áirítear leis an Scéim um Shochar Báis :
D'fhéadfadh an Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh a bheith ar fáil duit más céile nó páirtnéir sibhialta marthanach tú do dhuine:
Ní féidir Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh faoin Scéim Sochair Báis a íoc ag an am céanna le Pinsean Ranníocach Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh.
Féadfaidh an Pinsean Dílleachta a bheith ar fáil do chaomhnóir linbh nó leanaí má bhí a dtuismitheoir, a leas-tuismitheoir nó an duine a bhí ag tacú leis an leanbh nó leis na leanaí dílleachta:
Má fhaigheann duine bás ag an obair, d'fhéadfadh Deontas Sochraide Speisialta a bheith ar fáil don duine a íocann as na costais sochraide.