Táim ag smaoineamh ar staidéar a dhéanamh le bheith i mo mhúinteoir – Roghanna Iarchéime
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Má tá céim agat cheana féin agus más mian leat bheith i do bhunmhúinteoir, féadfaidh tú clár dhá bhliain a dhéanamh don chéim Máistir Gairmiúil le hOideachas (MGO) (Bunmhúinteoireacht). Féadfar liosta iomlán de chláir chreidiúnaithe ITE a fháil anseo.
Tá íosriachtanais sa Mhatamaitic, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ar leibhéal na hArdteistiméireachta de dhíth don bhunmhúinteoireacht.
Féadfar na nósanna imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh agus na riachtanais iontrála a fháil anseo.
Is féidir leat iarratais ar Choláiste Hibernia a dhéanamh ag www.hiberniacollege.ie.
Chun iarratas a dhéanamh ar mhúinteoireacht iar-bhunscoile ar an leibhéal iarchéime ba cheart go mbeadh staidéar déanta agat ar leibhéal na céime ar ábhar amháin ar a laghad ó churaclam na hiar-bhunscoile, ar féidir leat é a fháil anseo .
I ndiaidh na céime, beidh ort an iarchéim Máistir le hOideachas (MGO) a chur i gcrích. Féadfar liosta de chláir chreidiúnaithe MGO a fháil anseo.
Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta sonraí ar fáil maidir leis na riachtanais d’ábhair ar leith (critéir ábhair) do na hábhair go léir ar churaclam na hiar-bhunscoile anseo.
Iarratais maidir leis an MGO iar-bhunscoile:
DCU agus ollscoileanna de chuid Ollscoil na hÉireann - PAC
Ollscoileanna agus coláistí eile:
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath | Máistreacht Ghairmiúil le hOideachas | www.tcd.ie | |
Ollscoil Luimnigh | Máistreacht Ghairmiúil le hOideachas | www.ul.ie | |
Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí Crawford | Máistreacht Ghairmiúil le hOideachas (Ealaín agus Dearadh) | www.cit.ie | |
Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh | hOideachas (Ealaín agus Dearadh in éineacht leis na Meáin Dhigiteacha) | www.lit.ie | |
Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha | hOideachas (Ealaín agus Dearadh) | www.ncad.ie | |
Coláiste Hibernia | Máistreacht Ghairmiúil le hOideachas | https://hiberniacollege.com/ |
Is é an deontas do mhic léinn an tacaíocht airgeadais is mó atá ar fáil do mhic léinn atá ag freastal ar chúrsaí breisoideachais agus ardoideachais ar bhonn lánaimseartha. Féadfaidh deontas cothabhála agus/nó deontas táillí bheith i gceist, ag brath ar incháilitheacht.
Tá tuilleadh eolais faoi sparánachtaí agus faoi thacaíochtaí airgeadais eile agus faoi na critéir do Scéim na dTáillí in Aisce ar fáil ag studentfinance.ie.
Naisc úsáideacha eile: