Táscairí Cáilíochta Cúraim Sláinte i gCóras Sláinte na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann tuairisciú poiblí ar tháscairí cáilíochta prionsabal an chórais cúraim sláinte trédhearcach agus cuntasach chun cinn a spreagann fócas leanúnach ar cháilíocht an chúraim a sholáthraíonn sé a fheabhsú. Tugann an obair seo céim eile dúinn chun cáilíocht agus sábháilteacht ár gcóras a fheabhsú.
Tá sé tábhachtach nach mbítear ag brath ar an tuarascáil seo chun conclúidí a dhéanamh maidir le cáilíocht an chúraim. Níorbh é sin cuspóir an chleachtaidh. Tá na sonraí os cionn cúig bliana d’aois den chuid is mó agus bailíodh iad ón gcóras roimh na feabhsúcháin ar bhailiú agus ar thuairisciú faisnéise a iarradh ar na hospidéil a chur i bhfeidhm mar chuid den obair chun an tuarascáil seo a ullmhú.
Cuirfidh an Roinn Sláinte tuarascáil ar tháscairí cáilíochta ar fáil bunaithe ar shonraí ó 2011 go 2013 go huile agus go hiomlán in 2014 a aithneoidh réigiúin agus ospidéil. Bunófar próiseas rialachais go gairid chun maoirseacht a dhéanamh ar roghnú agus tuairisciú na dtáscairí seo. Tuairisceoidh an córas seo ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach agus ailíneofar é le córais idirnáisiúnta ionas gur féidir comparáidí idirnáisiúnta a thuairisciú.
Is céim thábhachtach i bhforbairt an chórais tuairiscithe náisiúnta seo foilsiú na tuarascála seo. Taispeánann sé gur féidir linn mórchóras TF ar a dtugtar HIPE a úsáid a ghlacann faisnéis faoi gach fhanacht ospidéil i ngach ospidéal poiblí chun cáilíocht agus sábháilteacht cúraim a scrúdú.