Bhunaigh an Roinn Sláinte an Tascfhórsa i mí Mheán Fómhair 2019 chun torthaí agus eispéiris shláinte na mban ar chúram sláinte a fheabhsú. Páirteach sa Tascfhórsa tá comhaltaí foirne ón roinn mar aon le comhpháirtithe seachtracha lena n-áirítear an Institiúid Eorpach um Shláinte na mBan, FSS lena n-áirítear Clár Sláinte Náisiúnta na mBan agus na Naíonán, Comhairle Náisiúnta Ban na hÉireann, Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann, an Institiúid um Shláinte Phoiblí in Éirinn, agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
D’éist an Tascfhórsa le, labhair sé le agus d’oibrigh sé le breis is 2,000 duine agus eagraíocht atá ag déanamh ionadaíochta ar mhná ar fud na tíre.
Tá tuilleadh eolais maidir leis an Tascfhórsa le fáil anseo.