Le ballaí gainneamhchloiche seachtracha atá athchóirithe cuirtear athchóiriú Theach Cúirte Mhuineacháin i gcrích. Baineadh na síntí ón 20ú haois a bhí os comhair an fhoirgnimh agus rinneadh athchóiriú ar an aghaidh go dtí an chaoi ina raibh sé in 1829, an dearadh a bhí ag Joseph Welland. Baineadh úsáid as an bhfaisnéis ó Shuirbhé Tíreolaíoch na hÉireann chun gainneamhchloch a fháil ó Chairéal an Rois Mhóir i gContae Fhear Manach le haghaidh na deisiúchán. Tá an cairéal seo ina luí ar an ngrinneall céanna ina raibh an bunsoláthar ach nach bhfuil in úsáid a thuilleadh.
Taobh istigh, tá aolchloch agus painéil darach ar bhallaí an bhunstruchtúir a scriosadh de bharr coirloiscthe in 1981. Leis an scéim nua den leagan amach tá áiteanna ar leith do na cosantóirí, breithimh, giúiréithe, don phobal agus don fhoireann. Cuireann na ballaí gainneamhchloiche seachtracha atá athchóirithe bailchríoch ar athchóiriú Theach Cúirte Mhuineacháin. Le hardaitheoir agus staighre nua tá rochtain ar leith curtha ar fáil dóibh siúd a bhaineann úsáid as an bhfoirgneamh agus cuireadh ardaitheoir isteach i spás ina raibh staighre roimhe seo. Leis na gnéithe seo tá bealaí éagsúla ar leith chun fáil isteach tríd an bhfoirgneamh agus coinnítear iomláine an bhunleagan amach freisin.