Thabhairt ar Mhíbhuntáiste Oideachasúil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fuarthas amach san Athbhreithniú ón Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) ar Scoileanna a Acmhainniú chun Aghaidh a Thabhairt ar Mhíbhuntáiste Oideachasúil in Éirinn ( atá ar fáil ar gov.ie ) gur ann d’fheidhmíocht láidir agus do chothromas láidir i gcóras oideachais na hÉireann ar fud leibhéal na bunscoile agus leibhéal na hiar-bhunscoile araon.
Tugtar faoi deara ann freisin, áfach, gur ann do dhifríochtaí tábhachtacha go fóill idir na torthaí a bhaintear amach i scoileanna DEIS agus i scoileanna eile, i gcás leanaí agus daoine óga ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus i gcás leanaí agus daoine óga den Lucht Siúil agus den phobal Romach.
Leagtar amach sa tuarascáil roinnt moltaí atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar na difríochtaí sin agus chun tacú le leanaí agus daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil.
Tá an Roinn Oideachais ag obair le ranna agus gníomhaireachtaí eile rialtais, leis na comhpháirtithe oideachais agus le geallsealbhóirí ar fud na hearnála oideachais faoi láthair chun forbairt a dhéanamh ar ghníomhartha inláimhsithe atá bunaithe ar na moltaí.
Fógraíodh dhá bheart cheana féin atá bunaithe ar mholtaí an athbhreithnithe:
An 22 Deireadh Fómhair, thionóil an Roinn imeacht do gheallsealbhóirí chun torthaí agus moltaí na tuarascála a bhreithniú ar mhaithe le forbairt a dhéanamh ar ghníomhartha inláimhsithe a mbeadh tionchar dearfach acu ar oideachas leanaí agus daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste.
Le linn an tseisiúin faisnéise agus na ceardlainne sin, bhí deis ag geallsealbhóirí oideachais ról a imirt sa phróiseas forbartha beartais.
Bhí deis ag an Roinn freisin foghlaim ón eolas agus ón taithí atá ag an mbreis agus 100 geallsealbhóir a bhí i láthair.
Cuirfidh an cheardlann sin leis na comhairliúcháin agus leis an taighde a sheol an Roinn le bliain anuas maidir le scoileanna a acmhainniú chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachasúil.
Áiríodh na nithe seo a leanas leis an imeacht sin:
• Láithreoireacht agus ceisteanna agus freagraí in éineacht leis an Dr Lucie Cerna, Treoraí ar thionscadal ECFE um Oideachas ar son Sochaithe Cuimsitheacha
• Láithreoireacht ó Elizabeth Canavan, Rúnaí Cúnta, Beartas Sóisialta agus Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, Roinn an Taoisigh
• Forbhreathnú ar thorthaí na gcomhairliúchán a reáchtáil an Roinn le breis agus 250 duine de cheannairí scoile, de mhúinteoirí agus de leanaí agus daoine óga.
• An deis chun ceardlann a dhéanamh, i gcomhar leis an lucht déanta beartas, faoi ghníomhartha atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachasúil.
Féach thíos rogha de na sleamhnáin a cuireadh i láthair ar an lá.
OECD Review of Resourcing Schools to Address Educational Disadvantage
Government policy perspective - Linking OECD insights with government policy