Tá an tAire Oideachais ag tabhairt cuireadh do dhaltaí bunscoile a saothair ealaíne a chur isteach lena gcur ar taispeáint in oifig an Aire agus sa Roinn Oideachais.
Gach seachtain, roghnóidh an tAire roinnt píosaí ealaíne lena gcur ar taispeáint ina hoifig.
Tá seans ann go n-úsáidfidh an Roinn Oideachais grianghraif agus físeáin den ealaín ar a suíomhanna Gréasáin, ar www.education.ie , ar gov.ie , ar na meáin shóisialta, i bhfoilseacháin agus ag imeachtaí poiblí.
Léirigh go dtoilíonn tú le rannpháirtíocht do linbh sa tionscadal seo ach an fhoirm seo a shíniú:
Is féidir le páistí píosa scríbhneoireachta a chur isteach leis an ealaín ag míniú céard atá i gceist agus cén fáth gur roghnaidh siad í a dhéanamh.
Tugtar cuireadh do pháistí agus ranganna a gcuid ealaíne agus píosaí ealaíne déthoiseacha eile a sheoladh chuigh:
Tionscadal Tacais an Aire,
An Roinn Oideachais
Sráid Mhaoilbhríde,
Baile Átha Cliath,
D01 RC96.
Ní mór na píosaí ealaíne a bheith ar mhéid A4, nó nach mó ná 1m (fad) x.80m (airde).
Bí cinnte go nglactar grianghraif den saothar ealaíne roimh í a sheoladh isteach. Ní bheifear in ann an saothar ealaíne bunaidh a chuirfear isteach chuig an Roinn a sheoladh ar ais.