Toghcháin Áitiúla
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tionóltar toghcháin áitiúla in Éirinn gach cúig bliana. Beidh na chéad toghcháin áitiúla eile ar siúl ar an 7ú Meitheamh 2024 idir na huaireanta 07:00am agus 10:00pm Tá gach duine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine ar lá na vótála i dteideal vótála. Toghann vótálaithe Comhairleoirí chun ionadaíocht a dhéanamh orthu ar a n-údarás áitiúil.
Tá 31 údarás áitiúil in Éirinn. Is Comhairle Contae, Cathrach nó Cathrach agus Contae gach údarás áitiúil.
Tá an lá vótála mar an gcéanna i ngach cearn den tír. Déanann an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ordú a socraíonn an lá vótála. Socraíonn an t-ordú an tréimhse vótála freisin, a chaithfidh maireachtáil ar feadh 12 uair an chloig ar a laghad idir 07:00am agus 10:30pm.
Is é ceann comhairimh an údaráis áitiúil a dhéanann an toghchán do gach údarás áitiúil. Íocann gach údarás áitiúil an costas a bhaineann le reáchtáil an toghcháin. Tá tuilleadh faisnéise (i raon teangacha éagsúla) ar fáil sa bhileog faisnéise - An tSlí a dToghtar Comhaltaí na nÚdaras Áitiúil .
Tá torthaí an toghcháin ar fáil ag Toghcháin Áitiúla 2019 - Torthaí, Aistriú Vótaí agus Staitisticí .
Tá gach comhairle contae, cathrach agus cathrach agus contae roinnte ina dtoghlimistéir áitiúla. Toghtar baill de na húdaráis áitiúla iontu seo. Sonraítear toghlimistéir áitiúla agus líon na mball atá le toghadh i ngach ceann in ionstraim reachtúil do gach limistéar údaráis áitiúil. Rinneadh ionstraimí reachtúla den chineál seo le déanaí in 2018 agus 2019.
Is féidir léarscáileanna a thaispeánann na toghlimistéir áitiúla a fháil ar láithreán gréasáin an Choiste um Theorainneacha Toghlimistéar.
Tugadh isteach teorainneacha ar chostais den chéad uair le haghaidh na dtoghchán áitiúil in 2009 faoin Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caitheachas a Nochtadh) 1999 agus rinneadh leasú orthu le haghaidh thoghcháin áitiúla 2024 chun na hathruithe sa phraghasinnéacs tomhaltóirí a léiriú.
Braitheann an teorainn ar dhaonra an toghlimistéir áitiúil, mar a leanas -
Daonra an Toghlimistéir Áitiúil agus Teorainn Caiteachais Iarrthóra
Toghlimistéar Áitiúil | Teorainn Caiteachais Iarrthóra | |
Daonra os cionn 35,000 | 15,350 Euro | |
Daonra idir 18,001 agus 35,000 | 13,600 Euro | |
Daonra 18,000 nó níos lú | 11,500 Euro |
Meastar go ndéanann iarrthóirí a ainmníonn páirtí polaitíochta 10% dá dteorainn caiteachais a leithdháileadh go huathoibríoch ar ghníomhaire náisiúnta an pháirtí. Mar shampla, mheasfaí go ndéanfadh iarrthóir páirtí le teorainn 15,350 euro 1,535 euro a leithdháileadh go huathoibríoch le húsáid ag an bpáirtí. Mar sin bheadh a dteorainn éifeachtach 13,815 euro. Is féidir an figiúr 10% a athrú suas nó síos trí chomhaontú i scríbhinn idir an t-iarrthóir agus an gníomhaire náisiúnta.
Caithfear caiteachas toghcháin a tabhaíodh le linn tréimhse roimh an toghchán a thuairisciú don údarás áitiúil lena mbaineann agus níor cheart dó dul thar an teorainn shonraithe. Tá dáta tosaithe na tréimhse caiteachais leagtha amach in ordú a rinne an tAire roimh an toghchán. Caithfidh sé tosú idir 50 agus 60 lá roimh an lá vótála.
Tá feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le síntiúis:
Tá síntiúis áirithe srianta:
Tá rialacha sonracha ann a chuimsíonn síntiúis chorparáideacha ar mó a luach ná 200 euro:
Tá treoirlínte maidir leis na rialacha caiteachais agus síntiús a bhaineann le toghcháin áitiúla ar fáil ó gach údarás áitiúil.
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil sa reachtaíocht ábhartha, lena n-áirítear an tAcht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiús agus Caiteachas a Nochtadh) 1999.