Treoir do Bhreisoideachas agus Ardoideachas maidir le filleadh ar ghníomhaíocht ar an láithreán sa bhliain 2020: An Treochlár agus an Creat um Oiriúnú do COVID-19
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
De réir mar a théann Éire amach as an bhfreagairt tosaigh do COVID-19 agus i dtreo filleadh diaidh ar ndiaidh ar ghníomhaíocht ar an láithreán, leanann institiúidí, soláthraithe, baill foirne agus foghlaimeoirí ar fud breisoideachais agus ardoideachais(1) lena thaispeáint go bhfuil acu an tiomantas, an inoiriúnaitheacht agus an athléimneacht lenar caomhnaíodh an fhoghlaim ar fud na géarchéime.
Agus muid faoi threoir ag an Treochlár chun an tSochaí agus an Gnó a Athoscailt, ag na Prótacail um Fhilleadh ar an Obair ón Údarás Sláinte agus Sábháilteachta agus ag comhairle leanúnach sláinte poiblí, beidh filleadh diaidh ar ndiaidh ar oideachas agus oiliúint ar an láithreán ann sa tréimhse atá le teacht. Ag an am céanna, bainfear na srianta ar ghníomhaíocht taighde agus forbartha diaidh ar ndiaidh.
Trí dhíriú ar riachtanais a gcuid mac léinn agus foghlaimeoirí (2) mar chuid dhílis dá bhfreagairt, bhí institiúidí agus soláthraithe agus a mbaill foirne taighde, teagaisc, seirbhíse agus tacaíochta in ann freagairt láidir a thabhairt agus tá siad ag leanúint le hoiriúnú mar fhreagairt do COVID-19. Mar thoradh ar éagsúlacht agus ar neamhspleáchas, tá athléimneacht ag breisoideachas agus ardoideachas chun déileáil leis na deacrachtaí a ghabhann le COVID-19, agus soláthar á dhéanamh do fhreagrúlacht áitiúil sholúbtha. Tá pleanáil mhionsonraithe agus pleananna teagmhasacha á bhforbairt ag gach ceann de na hinstitiúidí agus de na soláthraithe le haghaidh soláthar ar an láithreán a atosú agus an phleanáil agus na pleananna sin a chur in iúl do mhic léinn agus d’fhoghlaimeoirí.
Táthar ag leanúint leis an soláthar breisoideachais agus ardoideachais ar fud na géarchéime COVID-19. Tá athléimneacht agus nuálaíocht á dtaispeáint laistigh de bhreisoideachas agus ardoideachas agus ar fud breisoideachais agus ardoideachais le fada an lá. Bainfear leas iomlán as an acmhainn sin agus as tacaí airgeadais agus tacaí eile chun eispéireas cuimsitheach mic léinn agus foghlaimeora a sholáthar sa bhliain atá le teacht.
Chun buntacú leis an obair sin agus í a chomhlánú, tugtar leis an Creat um Oiriúnú do COVID-19 struchtúr comhroinnte ar féidir leis an Rialtas, le hearnálacha, le hinstitiúidí agus le soláthraithe é a úsáid le linn dóibh a bpleananna a ullmhú, leanúint le hoiriúnú mar fhreagairt d’athruithe sa chomhairle sláinte poiblí agus a chinntiú go mbeifear in ann caighdeáin ardcháilíochta a bhaint amach go seasta ar bhealach cuimsitheach. Mar thoradh ar na hathruithe sa chomhairle sláinte poiblí ar dócha go ndéanfar iad ar fud na bliana 2020/21, déanfar an t-eispéireas foghlama i mbreisoideachas agus ardoideachas a athrú agus a mhúnlú. Chuige sin, forbraíodh an creat ar bhealach lena n-éascaítear an freastal ar na hathruithe sin don earnáil.
Sa Treochlár Breisoideachais agus Ardoideachais , tugtar faisnéis faoinar féidir a bheith ag súil leis ón eispéireas foghlama, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil go dtí seo, sna cláir a leanfar leo ar fud shamhradh na bliana 2020 agus sna cláir a bheidh ar siúl sa bhliain acadúil 2020/21.
Mar thoradh ar an éagsúlacht atá ann i mbreisoideachas agus ardoideachas ó thaobh soláthair de, is amhlaidh go dteastaíonn freagairtí atá sonrach don chás laistigh den treochlár foriomlán. Cuirtear faisnéis mhionsonraithe ar fáil do mhic léinn agus d’fhoghlaimeoirí go díreach óna n-institiúidí agus óna soláthraithe agus tabharfar an fhaisnéis sin chun dáta ar bhonn rialta. Tá faisnéis phraiticiúil níos mionsonraithe faoi na treoirlínte sláinte do bhreisoideachas agus ardoideachas le fáil sna Ceisteanna Coitianta tionlacain ag Treoir Phraiticiúil do Bhreisoideachas agus Ardoideachas maidir le Filleadh ar Ghníomhaíocht ar an Láithreán sa bhliain 2020 rud a thabharfar chun dáta ar bhonn rialta.
Ag teacht sna sála ar an bhfógra go ndúnfaí na saoráidí oideachais uile ón 12 Márta i leith, d’fhreagair breisoideachas agus ardoideachas go mear agus go cuimsitheach don dúshlán seo nach bhfacthas a leithéid riamh. Chuir siad roinnt gníomhartha tapa dearfacha chun feidhme chun leanúnachas an tsoláthair i mbreisoideachas agus ardoideachas a chinntiú agus chun a áirithiú go mbeadh tacaí leordhóthanacha i bhfeidhm do mhic léinn, d’fhoghlaimeoirí agus do bhaill foirne. Baineadh an leanúnachas sin amach i gcomhthéacs éigeandála, agus cabhair ollmhór bhreise a bheith á tabhairt ag baill foirne taighde, teagaisc, seirbhíse agus tacaíochta, a bhí ag obair ó chian freisin, chun a chinntiú go mbeadh mic léinn agus foghlaimeoirí in ann dul ar aghaidh i gcláir, iad a chur i gcrích agus cáilíocht a fháil uathu.
Cé gur de raon éagsúil clár, foghlaimeoirí agus oiliúnaithe atá breisoideachas agus ardoideachas comhdhéanta, tá an Rialtas, geallsealbhóirí, earnálacha, institiúidí agus soláthraithe ag obair le chéile chun leanúnachas an tsoláthair ardcháilíochta a chinntiú, le linn sláinte agus folláine gach duine lena mbaineann a chosaint ag an am céanna.
Chuir an Roinn struchtúr Oideachais Threasaigh COVID-19 atá comhdhéanta de ghrúpaí oibre, de ghrúpaí comhordúcháin agus de ghrúpa stiúrtha ar bun chun an obair ar cuireadh tús léi ar fud breisoideachais agus ardoideachais a bhainistiú agus a chur ar aghaidh. Tá an struchtúr sin ag obair fós chun dúshláin agus réitigh a shainaithint agus a bhainistiú ar leibhéal náisiúnta chun an obair atá á déanamh ar leibhéal na hinstitiúide agus an tsoláthraí a chomhlánú.
Mar thoradh ar éagsúlacht agus ar neamhspleáchas, tá athléimneacht ag breisoideachas agus ardoideachas chun déileáil leis na deacrachtaí a ghabhann le COVID-19, agus soláthar á dhéanamh do fhreagrúlacht áitiúil sholúbtha. I mí an Mhárta 2020, aistríodh formhór na mball d’fhoirne bainistíochta agus na mball foirne chuig cianobair lom láithreach. Thar thréimhse roinnt bheag seachtainí, aistríodh an teagasc agus an fhoghlaim chuig cianfhoghlaim éigeandála.
Dúshlán ar leith a bhí i gcláir a bhfuil méid mór foghlama praiticiúla agus measúnachta praiticiúla i gceist leo toisc nach rabhthas in ann roinnt díobh a chur i gcrích trí chianfhoghlaim éigeandála. Tá an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta ag obair leis na geallsealbhóirí ábhartha, agus an chomhairle sláinte poiblí á cur san áireamh, chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus chun a chinntiú go mbeidh mic léinn agus foghlaimeoirí in ann a gclár a chur i gcrích agus dul ar aghaidh laistigh de bhreisoideachas agus ardoideachas agus é a chur i gcrích.
Tá an phleanáil á déanamh freisin i dtréimhse inarb ann do thimpeallacht sláinte poiblí a bhíonn ag athrú go mear agus do mhargadh saothair dúshlánach. Tosaíocht is ea éagsúlacht agus leanúnachas an tsoláthair a choinneáil ar bun ar fud breisoideachais agus ardoideachais: déanfaidh breithniúcháin sláinte poiblí difear don líon mac léinn agus foghlaimeoirí atá ar an láithreán ag an aon am amháin. Déanfar difear d’ábhair phraiticiúla go háirithe. Is féidir go mbeidh sé ina dhúshlán foghlaim obairbhunaithe a sholáthar in earnálacha áirithe a bhfuil difear mór á dhéanamh dóibh.
De bhreis ar thacaíocht a thabhairt do mhic léinn agus d’fhoghlaimeoirí a eascraíonn as soláthar pleanáilte, tacóidh an earnáil le soláthar scileanna chun tacaíocht a thabhairt dóibh sin a cuireadh as áit nó a ndearnadh difear dóibh de bharr na géarchéime. Bainfear an méid sin amach trí scéimeanna éagsúla a reáchtáil, lena n-áirítear tionscnamh nua arna fhorbairt ag SOLAS chun soláthar an oideachais agus na hoiliúna do chuardaitheoirí poist a mhúnlú; trí chlár Springboard+ a leathnú; tríd an Tionscnamh Caipitil Dhaonna a chur i bhfeidhm san ardoideachas; agus trí shraith idirghabhálacha spriocdhírithe ó Skillnet Ireland. Eochairghné de na tionscnaimh sin a bheidh i dteagmháil leis an lucht fiontair maidir le riachtanais shainaitheanta scileanna.
Ní bheifear in ann filleadh i mí Mheán Fómhair 2020 ar an saol mar a bhíodh sé roimh an bpaindéim dhomhanda agus is amhlaidh go mbeidh cur isteach ann fós ar a lán gnéithe den ghnátheispéireas foghlama a bhfuil eolas agus dea-thuiscint orthu ar fud breisoideachais agus ardoideachais. Ag an am céanna, tá institiúidí agus soláthraithe ag foghlaim óna n-eispéiris, lena n-áirítear na gnéithe pobail agus sóisialta den eispéireas mic léinn agus foghlaimeora a chumhdach.
Chun an fhoghlaim a sholáthar ar fud na míonna atá fágtha den bhliain 2020 agus isteach sa bhliain 2021, beidh ar institiúidí agus ar sholáthraithe riachtanais a mac léinn, a bhfoghlaimeoirí agus a mball foirne a chothromú leis na saoráidí atá ar fáil, agus aird á tabhairt ar na céimeanna athraitheacha den Treochlár chun an tSochaí agus an Gnó a Athoscailt ón Rialtas agus ar aon athruithe breise a dhéanfar ina dhiaidh sin. Beidh tacaíocht leantach ó Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI), ó chomhlachtaí dámhachtana agus ó chomhlachtaí gairmiúla (do ghairmeacha rialáilte) ag teastáil chun a chinntiú go leanfaidh an timpeallacht nua sin le breisoideachas agus ardoideachas ardcháilíochta a sholáthar go ceann i bhfad.
Níl sé mar aidhm le scaradh fisiciúil daoine a choinneáil amach óna chéile, is amhlaidh go bhfuil sé mar aidhm leis daoine a choinneáil fad sábháilte óna chéile chun go bhféadfadh siad obair le chéile. Tosaíocht de chuid gach institiúide agus gach soláthraí fós is ea an soláthar is fearr ar an láithreán a chinntiú. Is dócha go dteastóidh scaradh fisiciúil leanúnach de chineál éigin i gcomhréir leis an gcomhairle sláinte poiblí. Ní dócha idir an gearrthéarma agus an meántéarma go bhfillfear go hiomlán ar sholáthar cuimsitheach ar an láithreán, faoi mar a bhíodh ann roimh an ngéarchéim. Is dúshlán ar leith é sin do chláir fhíorphraiticúla amhail printíseachtaí agus d’oiliúnaithe taighde nach mbeidh in ann a bhfoghlaim a chur i gcrích toisc go dteastaíonn uathu bonneagar agus ábhair nach bhfuil ar fáil ach amháin ar an láithreán nó i limistéir shrianta, e.g. ospidéil, scoileanna agus tithe altranais, i measc nithe eile, agus do na daoine sin nach mór dóibh páirt a ghlacadh i socrúcháin oibre mar chuid dá gclár.
Beidh difríocht ann sa chothromaíocht idir foghlaim aghaidh ar aghaidh agus foghlaim ar líne ar fud na gclár. Beidh an chothromaíocht ag brath ar thosca amhail riachtanais teagaisc agus foghlama na ndisciplíní difriúla, méid na ngrúpaí mac léinn agus foghlaimeoirí agus cothromaíocht phraiticiúil/theoiriciúil na dtorthaí foghlama ó chláir éagsúla. Beidh sé dúshlánach fós cláir a bhfuil gnéithe fíorphraiticiúla ag gabháil leo a sholáthar.
An dóigh is fearr ar féidir tacú le mic léinn agus foghlaimeoirí cinntí eolasacha a dhéanamh chun tabhairt faoi dheiseanna breisoideachais agus ardoideachais is ea faisnéis shoiléir shonrach a thabhairt go tráthúil.
Sa Treochlár Breisoideachais agus Ardoideachais, tugtar forbhreathnú ar an bhfilleadh diaidh ar ndiaidh ar bhreisoideachas agus ardoideachas. Is as an Treochlár chun an tSochaí agus an Gnó a Athoscailt a tógadh na céimeanna sa treochlár. Cé go raibh a lán daoine in ann leanúint leis an bhfoghlaim agus leis an measúnacht trí chianfhoghlaim éigeandála agus cé gur thosaigh oiliúnaithe taighde ag filleadh ar an láithreán i gCéim 1, is i gCéim 4 a thosóidh an bhliain acadúil d’fhormhór na mac léinn agus na bhfoghlaimeoirí. Tá sé beartaithe ag breisoideachas agus ardoideachas an soláthar foghlama ar an láithreán a uasmhéadú agus gnáthsceidil a atosú, agus leas á bhaint acu as comhairle sláinte poiblí mar threoir.
Is leagtha amach thíos atá na céimeanna den Treochlár Breisoideachais agus Ardoideachais, agus iad ag teacht leis an Treochlár chun an tSochaí agus an Gnó a Athoscailt.
Ag teacht sna sála ar an bhfógra go ndúnfaí na saoráidí oideachais uile ón 12 Márta 2020 i leith, d’fhreagair breisoideachas agus ardoideachas go mear agus go cuimsitheach don dúshlán seo nach bhfacthas a leithéid riamh. Chuir baill foirne taighde, teagaisc, seirbhíse agus tacaíochta gníomhartha tapa dearfacha chun feidhme chun leanúnachas an tsoláthair a chinntiú agus chun a áirithiú go mbeadh tacaí leordhóthanacha i bhfeidhm do mhic léinn, d’fhoghlaimeoirí agus do bhaill foirne.
I dteannta a aistrithe mhear chuig cianfhoghlaim agus cianmheasúnacht, rannchuidigh breisoideachas agus ardoideachas go mór leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar leibhéal náisiúnta chun an phaindéim COVID-19 a chomhrac. Tháirg sé trealamh cosanta pearsanta, saoráidí, trealamh, scileanna agus saineolas chun cabhrú leis an tionscnamh sláinte poiblí agus le soláthraithe túslíne.
Tá sé mar phríomhchuspóir ag an Roinn agus ag breisoideachas agus ardoideachas ar fud na géarchéime an cur isteach ar mhic léinn agus ar fhoghlaimeoirí a íoslaghdú a mhéid is féidir. Baineadh é sin amach trí aistriú mear chuig cianteagasc éigeandála agus cianmheasúnacht clár, gan difear a dhéanamh d’ardchaighdeán na gcáilíochtaí. Soláthraíodh tacaí d’fhoghlaimeoirí ar leibhéal áitiúil chun a chinntiú go bhfuiltear ag cothabháil na gné sóisialta den oideachas a mhéid is féidir.
Bhí sé riachtanach dearcadh nua a ghlacadh i leith na foghlama. Chuathas i bhfeidhm go mór ar ghnáthaimh agus ar shásraí tacaíochta. Ina theannta sin, b’amhlaidh i roinnt cásanna gur dhúshláin maidir le leanúnachas na foghlama a chinntiú iad imthosca tí agus fadhbanna nascachta do mhic léinn, d’fhoghlaimeoirí agus do bhaill foirne. Chuir baill foirne an-dua isteach chun a chinntiú go mbeadh foghlaimeoirí in ann leanúint lena bhfoghlaim. Bhí sé sin ag brath ar nascadh le foghlaimeoirí go díreach agus lena ndaoine muinteartha nuair ba chuí. Rannchuidigh na cumarsáidí sin go mór le leanúnachas na foghlama a chinntiú i bhformhór na gcásanna. I gcás na gclár a bhfuil printíseachtaí ar áireamh iontu agus i gcás oiliúnaithe taighde, áfach, ní raibh ach beagán scóipe ann go dtí seo leanúint leis an bhfoghlaim in éagmais an bhonneagair fhisicigh a theastaíonn.
Tá ról tábhachtach á chomhlíonadh ag baill foirne teagaisc, seirbhíse agus tacaíochta i leanúnachas na foghlama a chinntiú agus i nasc gnáthlae leis an bhfoghlaim a thabhairt d’fhoghlaimeoirí ar fud na tréimhse. Bhí ar bhaill foirne díriú ar spreagadh foghlaimeoirí a chothabháil agus ar rannpháirtíocht leanúnach na bhfoghlaimeoirí i dtascanna a chothabháil, le linn dóibh obair foghlaimeoirí a mheasúnú chun a chinntiú go mbainfeadh siad deimhniú amach.
Nithe eile a ndearnadh difear dóibh de bharr gníomhartha maolaithe COVID-19 ba ea an t-uainiú agus an mhodheolaíocht le haghaidh aistrithe seanbhunaithe isteach i mbreisoideachas agus ardoideachas agus ar fud breisoideachais agus ardoideachais. Cé gur cruthaíodh éiginnteacht do dhaltaí dara leibhéal ar dtús nuair a cealaíodh scrúduithe na hArdteistiméireachta, fágann leanúnachas chóras na Lár-Oifige Iontrála go rachfar ar aghaidh ar bhealach oscailte trédhearcach le hiontráil isteach in institiúidí ábhartha, áit a mbeidh an córas grádúcháin agus pointí ag teacht lena raibh i bhfeidhm sna blianta roimhe. Ba cheart léargas soiléir a thabhairt do mhic léinn ionchasacha ar a socruithe foghlama don bhliain atá le teacht, rud a chuirfidh ar a gcumas glacadh le tairiscintí agus socruithe praiticiúla a dhéanamh le haghaidh a staidéar a thosú go muiníneach. Bainfidh ríthábhacht le próisis ionduchtúcháin chun mic léinn agus foghlaimeoirí nua a thraschóiriú isteach i mbreisoideachas agus ardoideachas.
Chuathas i bhfeidhm ar chúrsaí a chur i gcrích i roinnt réimsí, lena n-áirítear an Iar-Ardteistiméireacht agus printíseachtaí, de bharr measúnuithe praiticiúla a chur siar. Tabharfar tús áite do mhic léinn agus foghlaimeoirí na bliana deiridh le haghaidh cláir a chur i gcrích a luaithe atá na sásraí ábhartha ar fáil le haghaidh measúnuithe praiticiúla a chur i gcrích.
Is é an aidhm atá leis an gCreat um Oiriúnú do COVID-19 treoir agus tacaíocht a thabhairt d’institiúidí agus soláthraithe breisoideachais agus ardoideachais de réir mar a leanann siad ar aghaidh ag oiriúnú chun na dúshláin atá á gcruthú ag COVID-19 agus ag athruithe sa chomhairle sláinte poiblí a shárú, chun comhoibriú a chumasú agus chun a chinntiú go mbeidh na hathruithe comhsheasmhach agus ag teacht lena chéile. Forbróidh na hearnálacha, na hinstitiúidí agus na soláthraithe aonair a gcuid treoirlínte agus prótacal féin, de réir mar is cuí, le haghaidh an creat a chur chun feidhme.
Cuireadh tús cheana féin le pleanáil le haghaidh filleadh i bhfómhar na bliana 2020/21 agus is amhlaidh nach gcuirfear deireadh i mí Mheán Fómhair 2020 le bainistiú na freagartha don ghéarchéim COVID-19. Cé gur ar athoscailt don bhliain acadúil 2020/21 a dhírítear sa Treochlár den chuid is mó faoi láthair, beidh an Creat ina struchtúr le haghaidh an ghéarchéim COVID-19 a bhainistiú go leanúnach de réir mar a théimid tríd an mbliain acadúil.
Beidh sé riachtanach leanúint le foghlaim chumaisc agus le í a bhreisiú ar son fhormhór na bhfoghlaimeoirí, nó ar son gach foghlaimeora, de réir na gcúinsí áitiúla sláinte poiblí reatha agus de réir na hacmhainne atá ann laistigh den institiúid nó den soláthraí. Toisc go bhfuil riachtanas ríthábhachtach ann le haghaidh bonneagar agus ábhair ar an láithreán, coinneofar faoi athbhreithniú an soláthar oiliúna do thaighdeoirí agus do phrintísigh. Maidir le bearta chun ionfhabhtú a íoslaghdú, lena n-áirítear treoirlínte d’fhoghlaimeoirí agus baill foirne a léiríonn ceann ar bith de shiomptóim COVID-19, ní mór iad a chur chun feidhme go dian agus a bheith freagrúil don chomhairle a bhíonn ag athrú.
Chun scaradh fisiciúil, sláinteachas láimhe agus treoirlínte eile sláinte agus sábháilteachta a chomhlíonadh, beidh sé riachtanach an timpeallacht fhisiciúil a chur in oiriúint agus srianta nua a thabhairt isteach. Cé go bhféadfadh go maolófaí iad le himeacht ama, is é an toradh a bheidh ar na teorainneacha dóchúla a bheidh ann leis an líon daoine a cheadaítear ar an láithreán ag an aon am amháin go gcaithfear tacaíocht a thabhairt d’fhoghlaimeoirí, agus d’fhoghlaimeoirí nua go háirithe, chun a chinntiú go mbeidh eispéireas cuimsitheach acu ón taobh sóisialta agus acadúil de. Beidh tacaí ag teastáil freisin chun aird na bhfoghlaimeoirí a laghdaigh a rannpháirtíocht de bharr iargúltacht fhisiciúil nó fhíorúil a tharraingt an athuair.
Beidh ar bhreisoideachas agus ardoideachas leanúint le solúbthacht agus freagrúlacht a léiriú chun na dúshláin a bhaineann le COVID-19 a shárú. Tá institiúidí agus soláthraithe réidh lena n-athléimneacht a thaispeáint an athuair ach freagairt go mear agus go nuálach i gcás go dtabharfar leibhéal níos airde srianta isteach an athuair, faoi mar a rinne siad le linn thréimhse éigeandála na paindéime. Mar an gcéanna, más rud é go maolófar na srianta tuilleadh, beidh breisoideachas agus ardoideachas in ann freagairt ach filleadh ar sholáthar ar an láithreán a bhrostú.
Tá struchtúir sholúbtha bhainistíochta á gcruthú chun faireachán a dhéanamh ar shocruithe agus iad a athbhreithniú agus a oiriúnú de réir mar is gá. Rinneadh struchtúir atá cosúil leo sin a cuireadh i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta a chur i bhfeidhm cheana féin in an-chuid de bhreisoideachas agus ardoideachas le linn na tréimhse éigeandála tosaigh. Leanfaidh na struchtúir sin le bheith i mbun oibre chun ullmhú d’fhoghlaim ar an láithreán a atosú agus chun déileáil le hathruithe ar féidir go gcaithfear iad a dhéanamh ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an gcomhairle sláinte poiblí agus na prótacail sláinte agus sábháilteachta a bhíonn ag athrú.
Beidh eispéireas na mac léinn idirnáisiúnta bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaigheann siad ó institiúidí agus ó sholáthraithe, mar aon leis na coinníollacha sláinte agus sábháilteachta atá i bhfeidhm tráth a dtaistil. Tabharfar faoi thaisteal idirnáisiúnta i gcomhréir leis na srianta taistil atá i bhfeidhm tráth a dtagtar isteach sa Stát agus a n-imítear as. Is féidir go mbeidh sé riachtanach do mhic léinn agus foghlaimeoirí taisteal tráth níos luaithe ná a bhíothas ag súil leis chun go gcuirfidh siad isteach an tréimhse ar coraintín a éilítear sula bhfaighidh siad rochtain ar shaoráidí ar an láithreán.
Ar leibhéal náisiúnta, rud a dhéanfaidh difear mór do na cinntí a dhéanfaidh mic léinn agus foghlaimeoirí ar a roghanna éagsúla is ea an acmhainn atá acu taisteal chuig institiúidí agus uathu araon, agus na costais agus na srianta ábhartha maidir le cóiríocht a fháil in aice láimhe á gcothromú le fanacht gar dá dteach teaghlaigh.
Mar a léiríodh le linn thréimhse éigeandála tosaigh na paindéime seo, is é an toradh atá ar línte soiléire cumarsáide a bheith ann go soláthraítear soiléire agus go spreagtar teagmháil chuimsitheach leanúnach laistigh de bhreisoideachas agus ardoideachas. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach go ndéantar cumarsáid shoiléir le gach duine de na foghlaimeoirí, de na baill foirne taighde, teagaisc, seirbhíse agus tacaíochta agus de na geallsealbhóirí agus leis an lucht tionscail.
De réir mar a théimid tríd an timthriall ‘Pleanáil, Oiriúnaigh, Déan Cumarsáid agus Téigh i mBun Gnímh’, de réir mar is gá, leanfar le cumarsáidí oscailte trédhearcacha a dhéanamh agus eagrófar teachtaireachtaí comhlántacha ar leibhéal na hinstitiúide, ar leibhéal na hearnála agus ar leibhéal náisiúnta, agus aitheantas á thabhairt don fhíric gurb í an institiúid nó an soláthraí an phríomhfhoinse le haghaidh faisnéis shonrach mhionsonraithe.
Is é atá sa chreat seo an phríomhchumarsáid náisiúnta maidir le soláthar ar an láithreán a bheith á atosú ag institiúidí agus soláthraithe breisoideachais agus ardoideachais. Leanfar le cumarsáid leanúnach ar bhonn leantach le mic léinn, le foghlaimeoirí, le baill foirne, le geallsealbhóirí agus leis an lucht tionscail faoi thosú na bliana acadúla nua agus faoi athoscailt na n-institiúidí agus na soláthraithe.
Is é sláinte agus sábháilteacht gach duine i mbreisoideachas agus ardoideachas an príomhchuspóir fós. Mar sin de, tá an Creat fréamhaithe sa chomhairle náisiúnta sláinte poiblí. Faoi mar atá amhlaidh i gcás an Treochláir Bhreisoideachais agus Ardoideachais, ní mór na gníomhartha a dhéanfar a bheith ag teacht leis an treoir agus an chomhairle arna dtairiscint ag na struchtúir shláinte poiblí.
Bíonn an stádas sláinte poiblí agus an chomhairle a ghabhann léi ag athrú agus ag forbairt de réir mar a théimid tríd an ngéarchéim. Is féidir faisnéis cothrom le dáta a rochtain ar na suíomhanna seo:
Shainaithin geallsealbhóirí saincheisteanna sonracha ón bPrótacal Náisiúnta a dteastaíonn soiléiriú agus treoir ina leith. Áirítear leo topaicí amhail tionchar na riachtanas scartha fhisiciúil agus saincheisteanna praiticiúla amhail córais chuí ghlantacháin agus dífhabhtaithe.
Rinne na speisialtóirí saineolacha a bhí ar fáil don Roinn na saincheisteanna sin a chóimheas agus a bhreithniú, agus aird á tabhairt ar an ngá atá ann le treoir agus comhairle a thabhairt atá comhsheasmhach leis an gcomhairle sláinte poiblí agus na bearta ina leith arna gcur in iúl ag an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí. Tá treoir maidir leis na saincheisteanna sin ar fáil anseo: Treoir Phraiticiúil do Bhreisoideachas agus Ardoideachas maidir le Filleadh ar Ghníomhaíocht ar an Láithreán sa bhliain 2020.
De réir mar a fhorbraíonn an chomhairle sláinte poiblí, is féidir go dtabharfar anuas saincheisteanna breise níos sonraí a mbeidh tuilleadh soiléirithe agus treorach ag teastáil ina leith. Sa chomhthéacs sin, meastar go mbeidh an doiciméad ceisteanna coitianta do bhreisoideachas agus ardoideachas ina dhoiciméad atriallach, a athrófar agus a oiriúnófar de réir mar a fhorbraíonn an chomhairle sláinte poiblí atá ar fáil ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí, rud a bhfuiltear ag súil leis de réir mar a théann an tír trí na céimeanna atá leagtha amach sa Treochlár chun Téarnaimh.
Ní mór cáilíocht agus dearbhú an teagaisc agus na foghlama a chosaint sa tréimhse athruithe meara seo. Cuireadh roinnt tacaí agus socruithe i bhfeidhm chun cabhrú le soláthraithe cáilíocht agus ardchaighdeán na gcáilíochtaí a chinntiú.
Tá Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) i gceannas ar thionscadal comhoibríoch atá ar bun leis na soláthraithe breisoideachais agus ardoideachais uile, le gníomhaireachtaí náisiúnta agus le comhlachtaí ionadaíocha chun réamh-mheastóireacht náisiúnta a dhéanamh ar thionchar na socruithe modhnaithe le haghaidh teagaisc, foghlama agus measúnachta a bunaíodh in earrach na bliana 2020 mar fhreagairt do shrianta a bhaineann le COVID-19. Is é an aidhm atá leis an gclár meastóireacht a dhéanamh, a mhéid is féidir leis san am atá ar fáil, ar na nithe ar éirigh leo agus na nithe nár éirigh leo, dar le baill foirne agus le mic léinn. Tá dúspéis ag na príomh-gheallsealbhóirí uile sa mhuinín as cáilíochtaí a choinneáil ar bun, i gclú a chothabháil agus i bhfoghlaim ón eispéireas seo. Tá an tuarascáil seo le foilsiú i mí Iúil 2020.
D’fhoilsigh an Fóram Náisiúnta um Fheabhsú an Teagaisc agus na Foghlama (NFETL) acmhainní éagsúla chun treoir agus tacaíocht a thabhairt don phobal ardoideachais le linn an aistrithe chuig cianfhoghlaim éigeandála. Tá na hacmhainní ar fáil do na hinstitiúidí agus na soláthraithe uile.
Téann na hacmhainní sin chun tairbhe do mhic léinn, d’fhoghlaimeoirí agus do bhaill foirne agus áirítear leo:
D’ullmhaigh an Fóram Náisiúnta um Fheabhsú an Teagaisc agus na Foghlama páipéar achoimre ar an léargas ó dhaoine den phobal ardoideachais, a ghnóthaigh dearcthaí nua, a bhreithnigh cineálacha nua cur chuige agus a d’athraigh a smaointeoireacht maidir leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim le míonna beaga anuas, agus ar an difear a dhéanfar d’fheabhsú an teagaisc agus na foghlama sna míonna agus na blianta atá romhainn:
D’fhreagair institiúidí, soláthraithe agus geallsealbhóirí go mear agus go háitiúil do na dúshláin atá tagtha chun cinn go dtí seo agus rinne siad amhlaidh de réir na sonraí agus an aiseolais atá ar fáil go díreach dóibh. Ba thábhachtaí fós é sin de réir mar a aistrímid chuig bealaí níos áitiúla is féidir freagairt do COVID-19. Trí anailís leanúnach ghníomhach a dhéanamh agus trí fhreagairtí a dhéanamh de réir na hanailíse sin, is féidir le breisoideachas agus ardoideachas leanúint le feabhas a chur ar a fhreagairt don ghéarchéim reatha agus ullmhú dá bhfuil i ndán dúinn.
Ar leibhéal náisiúnta, tá struchtúr COVID-19 TES ag cabhrú le sonraí agus aiseolas a bhailiú agus le freagraí a sheoladh chuig na gníomhaithe is cuí.
Tá iniúchtaí agus measúnuithe leanúnacha á ndéanamh ag institiúidí agus ag soláthraithe chun sláinte agus sábháilteacht na mac léinn, na bhfoghlaimeoirí agus na mball foirne a chosaint laistigh den raon leathan suíomhanna agus timpeallachtaí breisoideachais agus ardoideachais. Beidh sé riachtanach measúnuithe riosca a dhéanamh agus réitigh chuí a chur i bhfeidhm de réir thoradh na measúnuithe riosca sin.
Leanfaidh institiúidí agus soláthraithe ar aghaidh ag baint an leas is fearr as an dea-chleachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta, as samhlacha agus as eiseamláirí ó institiúidí ar fud an domhain chun a chinntiú go soláthróidh siad eispéireas foghlaimeora den chéad scoth agus go ndéanfaidh siad cinntí eolasacha, bailí agus iontaofa sa tréimhse atá le teacht, agus sármhaitheas taighde á choinneáil ar bun acu ag an am céanna.
Is ilchineálach atá institiúidí agus soláthraithe agus tá difríochtaí eatarthu ó thaobh méide, cineáil, modhanna soláthair, cohóirt mhac léinn agus struchtúr fisiciúil, i measc nithe eile, de. Cé go bhfuil siad difriúil lena chéile go pointe éigin, is mó an neamhspleáchas atá ag institiúidí agus soláthraithe breisoideachais agus ardoideachais ná an neamhspleáchas atá ag earnálacha eile oideachais. Ní féidir réiteach simplí amháin a oireann do chách a ghlacadh agus ní bheadh sé cuí déanamh amhlaidh ach oiread. Agus an leas is fearr á bhaint acu as faisnéis agus treoir, beidh ar institiúidí agus ar sholáthraithe a bpleananna saincheaptha féin a cheapadh le haghaidh oscailt shábháilte i gcomhthéacs COVID-19. Is gá go mbeifear in ann na pleananna sin a athrú chun go mbeidh siad ar aon dul le timpeallacht luaineach sláinte poiblí. Cé go dtabharfar tús áite do chloí leis na riachtanais sláinte agus sábháilteachta poiblí, beidh ar gach institiúid smaoineamh ar a n-imthosca sonracha féin i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil dóibh, an doiciméad seo san áireamh.
Leagtar amach sa rannán seo prionsabail chomhroinnte agus príomhchumasóirí a bheidh mar bhonn agus thaca ag cinntí agus lena dtabharfar treoir d’institiúidí agus do sholáthraithe de réir mar a dhéanann siad pleananna le haghaidh filleadh ar fhoghlaim ar an láithreán. Leagtar amach ann freisin na hidirspleáchais nach mór a bhainistiú agus a chothromú chun a chinntiú go mbeidh oiriúnuithe do COVID-19 ag freastal ar na riachtanais atá ag mic léinn agus foghlaimeoirí, ag baill foirne agus ag an soláthar ar fad.
Is é sláinte agus sábháilteacht gach duine i mbreisoideachas agus ardoideachas an príomhchuspóir fós. Caithfear na cinntí uile a dhéanamh i bhfianaise na faisnéise agus na riachtanas reatha ó thaobh na sláinte agus na sábháilteachta poiblí de, agus beidh ar institiúidí agus ar sholáthraithe a chinntiú gur chun tosaigh sa chinnteoireacht a bheidh na nithe sin.
Ba cheart riachtanais sláinte agus sábháilteachta na mball foirne taighde, teagaisc, seirbhíse agus tacaíochta ar fud na hearnála a chur san áireamh. Beidh sé riachtanach measúnuithe riosca a dhéanamh agus réitigh chuí a chur i bhfeidhm de réir thoradh na measúnuithe riosca sin. Maidir le tacaí nó cabhair do bhaill foirne atá soghonta ó thaobh an leighis de nó dóibh sin atá ag déileáil le dúshláin ar leith a eascraíonn as cúrsaí teaghlaigh nó cúrsaí eile cúraim, ba cheart iad a bhainistiú ar leibhéal na hinstitiúide agus ar bhealach atá ar aon dul leis an gcomhairle sláinte poiblí ábhartha. Beidh ar institiúidí agus ar sholáthraithe smaoineamh ar bhearta pleanála teagmhasaí a thabhairt isteach i gcás go gcuirfear bearta sláinte poiblí níos doichte i bhfeidhm.
Maidir le tacaí do mhic léinn agus foghlaimeoirí atá soghonta ó thaobh an leighis de, nó dóibh sin a bhfuil deacrachtaí sonracha acu foghlaim a rochtain ar an láithreán de bharr COVID-19, caithfear tús áite a thabhairt dóibh ar leibhéal na hinstitiúide, agus aird á tabhairt ar riachtanais na gclár ar leith agus ar imthosca an mhic léinn.
Ní mór pleananna agus gníomhartha agus na cinntí atá mar bhonn agus thaca acu a bheith bunaithe ar dhea-rialachas agus a bheith soiléir agus inrochtana do chách.
Beidh ar institiúidí dearcadh iomlánaíoch a ghlacadh le linn dóibh pleananna a fhorbairt le haghaidh gníomhaíocht ar an láithreán a atosú, agus aird á tabhairt ar na saincheisteanna éagsúla a dhéanfaidh difear do bhaill foirne, do mhic léinn agus d’fhoghlaimeoirí.
Beidh sé tábhachtach go gcuirfidh breisoideachas agus ardoideachas tairiscint shoiléir i láthair an phobail, bunaithe ar na hidirspleáchais atá ann ar fud institiúidí agus soláthraithe, agus aird á tabhairt acu ar na difríochtaí atá ann idir na hinstitiúidí agus na soláthraithe éagsúla. Is gá go mbeidh mic léinn, foghlaimeoirí agus an pobal i gcoitinne muiníneach gur coibhéiseach lena chéile atá na gníomhartha a dhéanann institiúidí.
Tá sé ríthábhachtach go gcoinníonn gach duine díriú ar a chinntiú nach bhfágfar aon duine inár ndiaidh. Dá bhrí sin, cuid dhílis de rath na gcóras breisoideachais agus ardoideachais le linn na tréimhse COVID-19 is ea na riachtanais atá ag daoine soghonta a shainiú go soiléir agus tacaí leordhóthanacha cuí a chur chun feidhme(3) .
Bíonn foghlaimeoirí agus oiliúnaithe faoi mhíbhuntáiste ag dul i ngleic le bacainní breise sonracha atá fréamhaithe go domhain sa neamhionannas cheana féin. Beidh sé riachtanach mic léinn shoghonta agus foghlaimeoirí soghonta a chur san áireamh sa phleanáil ar fad. Beidh sé tábhachtach freisin, áfach, a chuimhneamh gurbh amhlaidh, maidir leis na mic léinn agus na foghlaimeoirí nach measfaí de ghnáth a bheith ar áireamh i gcohórt soghonta, go bhféadfadh go ndéanfadh athruithe sa timpeallacht teagaisc agus foghlama difear mór ar leith dóibh. Áirítear leo na daoine sin a bhféadfadh nach mbeadh rochtain acu ar an Idirlíon sa bhaile, iad sin nach bhfuil timpeallacht fhabhrach staidéir acu, agus iad sin nach bhfuil in ann gléas a cheannach lena úsáid le haghaidh foghlaim ar líne.
Ní mór riachtanais na mball foirne agus na bhfoghlaimeoirí a bhfuil fadhbanna bunúsacha sláinte acu a chur san áireamh e.g. daoine faoi mhíchumas.
Tá breisoideachas agus ardoideachas (an Rialtas, gníomhaireachtaí, institiúidí, soláthraithe agus príomh-gheallsealbhóirí eile) ag obair go gníomhach agus go comhtháite chun leanúint le tacaíocht a thabhairt dár gcuid mac léinn agus foghlaimeoirí agus chun luach a gcáilíochtaí a chosaint. Tuigeann institiúidí agus soláthraithe a thábhachtaí atá sé go mbíonn siad tiomanta do sheasamh le sláine, cáilíocht agus caighdeáin agus do chur chuige atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir a ghlacadh le haghaidh na socruithe uile. Comhlíonfaidh an córas dearbhaithe cáilíochta atá i bhfeidhm ról tábhachtach in ardchaighdeán agus clú na gcáilíochtaí Éireannacha a chothabháil.
Ba go mear a rinne institiúidí gníomhartha i mí an Mhárta 2020 mar fhreagairt do chás éigeandála.
Glacadh go dearfach leis na gníomhartha sin agus b’eispéireas dearfach den chuid ba mhó a bhí an t-aistriú tobann chuig cianfhoghlaim éigeandála. Má táthar chun filleadh ar an bhfoghlaim chumaisc, éileofar cineálacha solúbtha inbhuanaithe cur chuige chun eispéireas ardcháilíochta a chinntiú a bheidh in ann oiriúnú do thimpeallacht sláinte poiblí a bhíonn ag athrú. Is gá go leanfar le cur chuige atá dírithe ar an mac léinn agus ar an bhfoghlaimeoir. Beidh sé riachtanach aird ar leith a thabhairt chun seasamh le cáilíocht an eispéiris do phrintísigh, d’oiliúnaithe taighde agus do mhic léinn agus foghlaimeoirí eile atá ag glacadh páirt i gcúrsaí níos praiticiúla.
Ní féidir róbhéim a chur ar éagsúlacht na bhfoghlaimeoirí agus na samhlacha soláthair i mbreisoideachas agus ardoideachas. Soláthraítear foghlaim agus forbairt ar gach leibhéal den chreat náisiúnta, idir chláir litearthachta agus staidéar ar leibhéal na dochtúireachta, agus soláthraítear iad i suíomhanna éagsúla oideachais, idir shuíomhanna áitiúla pobail agus institiúidí a bhfuil breis agus 30,000 mac léinn acu.
Ní mór tosca éagsúla a chur san áireamh le linn cinntí tábhachtacha a dhéanamh mar fhreagairt don ghéarchéim. Is é an cuspóir atá leis an ngné seo den chreat ná béim a leagan ar athróga ar fud breisoideachais agus ardoideachais nach mór iad a bhreithniú i dteannta a chéile agus go cothrom le linn teacht ar chinntí
Na daoine sin a d’fhág an scoil, iad sin atá ag dul ar aghaidh sna córais agus iad sin atá ag dul isteach san oideachas an athuair tar éis sos ó fhoghlaim, tá siad uile ar áireamh in éagsúlacht shaibhir na gcohórt mac léinn agus foghlaimeoirí i mbreisoideachas agus ardoideachas. Cuimsítear ann daoine atá ag tabhairt faoi staidéar ar bhonn lánaimseartha, páirtaimseartha nó foghlama cumaisc; na daoine sin atá ag taisteal agus iad sin atá ag fanacht sa bhaile; mic léinn agus foghlaimeoirí ón tír seo agus ó thíortha eile, agus mic léinn agus foghlaimeoirí ó chúlraí éagsúla. Ní mór an éagsúlacht sin a aithint maidir le riachtanais le haghaidh tacaí foghlama, leis na leibhéil dhifriúla scileanna digiteacha atá ann cheana agus le tacaí d’fholláine fhisiciúil agus meabhrach le linn tréimhse ina bhfuil éiginnteacht, riosca méadaithe agus athruithe leanúnacha.
Soláthraítear i mbreisoideachas agus ardoideachas cláir ina léirítear teaglamaí torthaí eolais, scile agus inniúlachta agus lena n-éilítear teaglamaí difriúla eispéireas foghlama praiticiúla agus teoiriciúla.
Áirítear leis na samhlacha agus na sceidil soláthair atá ann cheana cláir reatha chianfhoghlama agus foghlama cumaisc nach dteastóidh ach oiriúnú sách beag ina leith agus cláir phraiticiúla atá níos spleáiche ar obair ar an láithreán nó cláir atá dian ó thaobh tacaíochta de, ar cláir iad a mbaineann dúshláin shuntasacha lena n-oiriúnú do mhodh foghlama cumaisc. Aidhm atá agus a bheidh ag institiúidí agus soláthraithe ar fud na tréimhse athruithe seo agus sa todhchaí is ea an t-eispéireas foghlama a chothabháil agus a fheabhsú do gach foghlaimeoir.
Tá sé tábhachtach freisin go ndéantar luach na gcáilíochtaí agus an chreidiúnaithe a chothabháil i dtréimhse athruithe. Cuimsítear iontu raon leathan sásraí dearbhaithe cáilíochta agus creidiúnaithe, amhail dearbhú cáilíochta díreach ó Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, údarás tarmligthe agus creidiúnuithe seachtracha ó ollscoileanna comhpháirtíochta, ó City & Guilds agus ó chomhlachtaí gairmiúla éagsúla.
Maidir le hacmhainn agus bonneagar na hacmhainne digití, na spásanna fisiciúla agus an trealaimh atá ann cheana, beidh siad ríthábhachtach maidir le freastal ar riachtanais a bhíonn ag athrú chun cianobair, foghlaim chumaisc, scaradh fisiciúil, glanadh agus steiriliú a éascú.
Beidh acmhainní cuí, oiliúint chuí agus uas-sciliú cuí ag teastáil ó bhaill foirne taighde, teagaisc, seirbhíse agus tacaíochta chun freastal ar na héilimh athraithe, agus aitheantas á thabhairt don fhíric gurb amhlaidh, maidir le hacmhainn airgeadais na n-institiúidí agus na soláthraithe chun na costais a eascraíonn as athruithe meara agus infheistíocht i mbonneagar a bhainistiú, go bhfuil sí ag déileáil ag an am céanna le sruth ioncaim níos ísle de bharr saincheisteanna a bhaineann le COVID-19.
Is féidir freisin nach mbeidh ach beagán rochtana fisiciúla ann ar champais, ar fhoirgnimh agus ar láithreáin de bharr riachtanais scartha fhisiciúil, de bharr leibhéil laghdaithe iompair phoiblí agus de bharr na fála ar chóiríocht agus an fhoinn atá ar mhic léinn agus ar fhoghlaimeoirí leas a bhaint aisti.
Tháinig laghdú géar ar ghníomhaíocht eacnamaíoch agus ar an líon daoine atá i mbun fostaíochta agus is dócha go leanfaidh an treocht sin ar aghaidh go ceann i bhfad. Táthar ag féachaint go dtí seo sa bheartas Rialtais leis an gcaidreamh eacnamaíoch a chaomhnú idir fostóirí agus fostaithe, idir táirgeoirí agus tomhaltóirí, agus idir iasachtóirí agus iasachtaithe chun na drochiarmhairtí a mhaolú. De réir mar a bhreithníonn an lucht gnó na chéad chéimeanna eile, comhlíonfaidh breisoideachas agus ardoideachas ról lárnach i dtacú leis an téarnamh. Chuige sin, bainfidh ríthábhacht le teagmháil leanúnach a bheith ar bun idir breisoideachas agus ardoideachas agus an lucht fiontair.
Tacófar le deiseanna uas-scilithe agus athscilithe spriocdhírithe mar chuid den chlár oibre náisiúnta scileanna, go háirithe i réimsí fáis amhail acmhainn dhigiteach mhéadaithe, scileanna teicneolaíochta agus réimsí deise, lena n-áirítear na réimsí sin atá ann chun tacú leis an bPlean Gnímh Don Aeráid agus le Tionscadal Éireann 2040. De bhreis ar an gclár oibre athscilithe, tá féidearthacht níos lú ann go mbeadh mic léinn agus foghlaimeoirí in ann a gcostais oideachais agus chóiríochta a chistiú tríd an obair thraidisiúnta pháirtaimseartha agus shamhraidh in earnáil an fháilteachais agus in earnáil na turasóireachta.
Ós rud é go bhfuil difríochtaí ann sa soláthar oideachais agus i riachtanais na n-institiúidí chun gníomhaíocht eile ar an láithreán a chothromú ó thaobh gníomhaíocht taighde, tráchtálaithe agus nuálaíochta de, tiocfaidh institiúidí agus soláthraithe ar fhreagairt lena gcothromófar riachtanais na mball foirne, na mac léinn agus na bhfoghlaimeoirí ar an mbealach is fearr agus ar aon dul leis an gcomhairle sláinte poiblí.
Bonn eolais faoi na hathruithe atriallacha leanúnacha a bheidh sa timthriall ‘Pleanáil, Oiriúnaigh, Déan Cumarsáid agus Téigh i mBun Gnímh’. Má chomhroinntear dea-chleachtas agus foghlaim ar fud breisoideachais agus ardoideachais, is féidir go gcruthófar deiseanna fíor-ama chun a shainaithint cad a d’éirigh leis agus cad nár éirigh leis agus chun foghlaim uaidh sin.
Chun cur ar chumas institiúidí bheith in ann leanúint leis na dúshláin atá ag gabháil le cianfhoghlaim éigeandála agus le teagasc cumaisc agus foghlaim chumaisc, agus chun aistriú i dtreo níos mó foghlama ar an láithreán, is ann do phríomhchumasóirí a chaithfear a chur i bhfeidhm chun tacaíocht a thabhairt do na hinstitiúidí.
Is difriúil ar fud na gclár, na n-institiúidí, na soláthraithe agus na hearnála atá staid na hullmhachta teicneolaíochta, an inoiriúnaitheacht agus an bonneagar TF. Ba é an toradh a bhí ar an dua ollmhór a chuir gach duine a bhfuil baint acu le breisoideachas agus ardoideachas isteach sa tréimhse éigeandála tosaigh ná go rabhthas in ann aistriú lom láithreach chuig cianfhoghlaim éigeandála. Tionscadal níos fadtéarmaí is ea acmhainn dhigiteach a leabú go hiomlán sa chóras, agus beidh an dul chun cinn ag brath ar an bpointe tosaithe agus ar na hacmhainní atá ar fáil.
Beidh sé ríthábhachtach go measúnófar acmhainn dhigiteach na n-institiúidí agus na soláthraithe agus go ndéanfar dul chun cinn ar phleanáil i dtaca leo seo:
Beidh ar institiúidí agus ar sholáthraithe a chinntiú go mbeidh pleananna i bhfeidhm chun tacú le mic léinn agus foghlaimeoirí a bhfuil nascacht íseal acu agus le foghlaimeoirí a bhféadfadh go dteastódh cabhair uathu chun rochtain a fháil ar ghléasanna. Beidh tacaí teicniúla agus nascachta cuí ag teastáil ó bhaill foirne atá ag leanúint ar aghaidh ag obair ó chian.
Tá rath an chuir chuige go dtí seo ag brath ar chomhoibriú idir na comhpháirtithe uile chun a chinntiú go bhfuiltear ag leanúint leis an bhfoghlaim. Tá a ról féin le himirt ag déantóirí beartas, ag baill foirne, ag mic léinn agus ag foghlaimeoirí i bhfoghlaim leantach a chumasú agus ina chinntiú go mbeidh an filleadh ar sholáthar ar an láithreán chomh héifeachtach agus chomh héasca agus is féidir.
Freagracht atá ar gach duine is ea pleanáil le haghaidh filleadh ar oideachas agus oiliúint a sholáthar ar an láithreán, agus sláinte gach rannpháirtí á cosaint ag an am céanna. Sna míonna atá le teacht, agus bunaithe ar na tásca reatha, is amhlaidh go mbeidh ardleibhéal freagrachta pearsanta i gceist leis an ngalar a bhainistiú agus lenár saol sochaíoch agus eacnamaíoch a atógáil. Ní féidir le haon ghníomhaireacht amháin, le haon ghrúpa amháin ná le haon duine amháin an fhreagracht sin a iompar – is iarracht chomhroinnte idirspleách í.
Tá a lán tacaí ar fáil i mbreisoideachas agus ardoideachas chun rath na bhfoghlaimeoirí a chumasú. Is féidir go mbeidh sé riachtanach iad a bhreisiú chun cabhrú le foghlaimeoirí páirt a ghlacadh i mbreisoideachas agus ardoideachas agus dul ar aghaidh uaidh sa tréimhse atá le teacht. Caithfear leanúint le treoir a sholáthar, le teagmháil a dhéanamh le mic léinn agus le tacaí piaraí, folláine agus airgeadais a thabhairt. Ar na cumasóirí eile tá rochtain ar acmhainní foghlama amhail ábhair theagaisc agus mheasúnachta agus forbairt a dhéanamh ar scileanna bainistíochta ama agus ar scileanna foghlama féintreoraithe. Teastaíonn na tacaí sin ó gach mac léinn agus ó gach foghlaimeoir, go háirithe chun an míbhuntáiste oideachais a mhaolú.
Pléadh an acmhainn dhigiteach. Mar sin féin, ní fiú an bonneagar a bheith ann murab ann do na scileanna agus na hinniúlachtaí chun an leas is mó a bhaint as teicneolaíocht. De bharr an spleáchais ar theicneolaíocht chun tacú le teagasc agus le foghlaim, teastóidh tacaíocht agus uas-sciliú ó bhaill foirne agus teastóidh tacaí ó fhoghlaimeoirí. Tionscadal níos fadtéarmaí is ea cur chuige lánchumaiscthe a sholáthar i leith teagasc agus foghlaim agus is féidir go mbeidh oiliúint agus forbairt ag teastáil chun tacú leis.
Cé gur ar bhonn éigeandála a bhainistigh breisoideachas agus ardoideachas an t-aistriú chuig cianfhoghlaim, d’fhéadfadh go dtiocfadh costais bhreise chun cinn ar ball agus san fhadtéarma de bharr na bhfreagairtí leanúnacha do na dúshláin a eascraíonn as an bpaindéim dhomhanda seo. Áirítear leis na dúshláin sin spásanna fisiciúla le haghaidh foghlama a athchumrú agus foghlaim chumaisc agus foghlaim ar líne a sholáthar.
Beidh sé riachtanach an cur chuige i leith pleanáil agus buiséadú, agus an cur chuige i leith acmhainní a chur ar fáil, a thabhairt chun dáta chun tuilleadh pleanála teagmhasaí a chumasú agus chun mearfhreagairtí a éascú d’imeachtaí mórscála sa todhchaí a bhféadfadh go mbeadh tionchar acu.
Tá teagmháil leanúnach i dtaca leis na saincheisteanna sin ar bun idir an Rialtas, go háirithe an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, a chuid gníomhaireachtaí agus na hinstitiúidí agus na soláthraithe a fhaigheann cistiú poiblí.
Bainfidh institiúidí an-leas as eiseamláirí dea-chleachtais agus as eispéiris institiúidí eile le linn dóibh pleanáil agus oiriúnú do na dúshláin leanúnacha. Ina theannta sin, beidh gá ann le treoir a thabhairt maidir le saincheisteanna ar leith. Beidh sé tábhachtach a chinntiú go n-eiseofar an treoir sin ar bhealach tráthúil agus soiléir chun a chinntiú go mbeidh sí ar fáil agus inrochtana do chách.
Cé go bhfuil córais agus próisis i bhfeidhm cheana féin lena dtacófar le freagairtí na n-institiúidí agus lena ndéanfar eolas dóibh, tá an ghéarchéim chomh mór agus chomh domhain sin gur gá struchtúir shaincheaptha bhreise a chur i bhfeidhm. Ar leibhéal náisiúnta, cuireadh struchtúr COVID-19 TES ar bun chun dúshláin a chomhordú agus a réiteach. Chomh maith leis sin, chuir institiúidí, soláthraithe agus earnálacha grúpaí sealadacha ar bun mar fhreagairt don ghéarchéim. Beidh sé riachtanach na struchtúir sin a chothabháil chun a chinntiú go mbeidh soiléire agus trédhearcacht ann sna freagairtí do na hathruithe arna ndéanamh de bharr na géarchéime.
Beidh mic léinn agus foghlaimeoirí ag cur tús go luath le socruithe praiticiúla a dhéanamh le haghaidh filleadh ar an bhfoghlaim, bíodh dul ar aghaidh chuig breisoideachas agus ardoideachas den chéad uair, filleadh ar chláir ilbhliantúla nó aistriú ó chianfhoghlaim éigeandála chuig foghlaim chumaisc ar chláir leanúnacha i gceist leis an bhfilleadh sin.
Beidh sé riachtanach na pleananna náisiúnta agus na pleananna ó sholáthraithe agus ó institiúidí a chur in iúl a luaithe is féidir chun a chinntiú go mbeidh ag mic léinn agus ag foghlaimeoirí an t-eolas ar fad a theastaíonn uathu chun cinntí a dhéanamh ar shaincheisteanna praiticiúla. Cuirfidh sé sin ar a gcumas páirt a ghlacadh san fhoghlaim, lena n-áirítear roghanna cóiríochta agus iompair a dhéanamh. Ba cheart a chur in iúl go soiléir i gcumarsáidí conas a cuireadh riachtanais foghlaimeoirí éagsúla san áireamh agus ba cheart a lua iontu freisin conas a cuireadh a dtuairimí ar áireamh sna próisis chinnteoireachta.
Beidh sé riachtanach an t-eolas is deireanaí a thabhairt go rialta de réir mar a théann an t-am thart agus a athraíonn na himthosca chun go mbeidh baill foirne, mic léinn, foghlaimeoirí agus an pobal i gcoitinne ar an eolas faoi na freagrachtaí atá orthu sna cúinsí athraitheacha sláinte poiblí agus faoi fhreagairtí na n-institiúidí agus na soláthraithe do na hathruithe sin.
Is amhlaidh fud fad na géarchéime go raibh cumarsáid le baill foirne, le mic léinn, le foghlaimeoirí agus leis an bpobal i gcoitinne ina cuid bhunriachtanach de na freagairtí ó bhreisoideachas agus ardoideachas. Príomhchumasóir de réir mar a théitear ar aghaidh trí na céimeanna a bheidh i gcumarsáid láidir shoiléir a dhéanamh ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an tsoláthraí agus na hinstitiúide.
Tá tús curtha ag institiúidí agus ag soláthraithe cheana féin le pleananna a chur i bhfeidhm le haghaidh na gclár atá ar siúl faoi láthair agus le haghaidh na gclár sin a thosóidh sa bhliain acadúil atá le teacht. Is amhlaidh cheana féin gur tháinig lear samplaí de dhea-chleachtais chun cinn mar fhreagairt do na dúshláin a bhaineann le COVID-19.
Leagtar amach sa rannán seo roinnt gníomhartha beartaithe a bhfuil mar aidhm leo tacú le hinstitiúidí agus soláthraithe i mbreisoideachas agus ardoideachas oiriúnú d’impleachtaí COVID-19. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur réimsí molta le haghaidh breithniú iad seo agus nach mbainfidh na pointí uile atá liostaithe le gach institiúid agus soláthraí.
Rud a bheidh ríthábhachtach má táthar chun sláinte an phobail oideachais a chosaint is ea freagracht phearsanta a ghlacadh as cloí le scaradh fisiciúil, le sláinteachas láimhe, le clúdaigh aghaidhe a chaitheamh agus/nó le ceanglais eile laistigh den suíomh oideachais agus lasmuigh de araon.
Creat timthriallach is ea an Creat um Oiriúnú do COVID-19. Chun a chinntiú go n-oibreoidh breisoideachas agus ardoideachas ina iomláine le chéile chun na dúshláin atá ag gabháil leis an tréimhse uathúil athruithe seo a shárú, beidh sé tábhachtach go mbeidh comhar ar bun idir institiúidí agus soláthraithe agus ar fud institiúidí agus soláthraithe ó thaobh dúshláin, rath agus éachtaí a chomhroinnt de. Déanfar faireachán agus athbhreithniú gníomhach ar a bhfuil sa Treochlár agus Creat seo trí Struchtúr COVID-19 TES agus trí theagmháil le comhpháirtithe sóisialta araon. Ina theannta sin, bainfear leas as an bhfoghlaim agus an aiseolas arna bhfáil ó na sásraí sin chun forbairt atriallach a dhéanamh ar an bhfreagairt do na dúshláin a thiocfaidh chun cinn sa tréimhse atá le teacht.
Treoir do Bhreisoideachas agus Ardoideachas maidir le filleadh ar ghníomhaíocht ar an láithreán sa bhliain 2020: An Treochlár agus an Creat um Oiriúnú do COVID-19
(1) Tá breisoideachas agus ardoideachas comhdhéanta den ardoideachas agus den bhreisoideachas agus an oiliúint, lena n-áirítear ollscoileanna, ollscoileanna teicneolaíochta, institiúidí teicneolaíochta, boird oideachais agus oiliúna, agus soláthraithe neamhspleácha agus príobháideacha eile ardoideachais agus breisoideachais
(2) Baintear úsáid as an téarma “Mic Léinn agus foghlaimeoirí” ar fud an doiciméid seo chun an raon leathan eispéireas foghlama ar fud breisoideachais agus ardoideachais a chlúdach, lena n-áirítear mic léinn fochéime agus iarchéime, oiliúnaithe, oiliúnaithe taighde, printísigh, an Iar-Ardteistiméireacht, agus foghlaimeoirí aosacha agus lánfhásta atá ag tabhairt faoi staidéar lánaimseartha agus páirtaimseartha, ach gan a bheith teoranta dóibh.
(3) Is féidir an páipéar ón nGrúpa Oibre um Míbhuntáiste Oideachais a Mhaolú ar an gComhionannas Oideachais agus ar chohóirt foghlaimeoirí mar fhreagairt do COVID-19 a fháil ag: