Treoir Phraiticiúil do Bhreisoideachas agus Ardoideachas maidir le Filleadh ar Ghníomhaíocht ar an Láithreán sa bhliain 2020
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sa Phrótacal um Fhilleadh ar an Obair go Sábháilte ón Rialtas / ón Údarás Sláinte agus Sábháilteachta (ar a dtugtar ‘an Prótacal’ anseo ina dhiaidh seo sa doiciméad seo) a foilsíodh an 9 Bealtaine 2020, leagtar amach na bearta nach mór d’fhostóirí agus d’oibrithe iad a dhéanamh roimh áit oibre a athoscailt agus le linn an áit oibre a bheith i mbun oibre. Is é an aidhm atá leis cabhrú le fostóirí agus le hoibrithe agus iad ag oiriúnú a gcuid nósanna imeachta agus cleachtas áit oibre chun bearta a chur i bhfeidhm atá i gcomhréir leis na bearta cosanta sláinte poiblí a bhaineann le COVID-19 agus ar sainaithin Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) gur bearta riachtanacha iad, ar bearta iad lena gcoiscfear leathadh COVID-19 san áit oibre de réir mar a athosclaíonn an geilleagar tar éis dhúnadh sealadach an chuid is mó de ghnóthais le linn na céime ba mheasa den phaindéim reatha.
Ag teacht sna sála ar fhoilsiú an Phrótacail, rinne na geallsealbhóirí san earnáil breisoideachais agus ardoideachais iarraidh ar threoir shaineolach bhreise maidir le conas ba cheart na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach sa Phrótacal a chur i bhfeidhm chun déileáil le roinnt deacrachtaí sonracha, saincheisteanna sonracha agus dúshláin shonracha a thiocfaidh chun cinn don chóras breisoideachais agus ardoideachais chun sláinte agus sábháilteacht na mac léinn, na bhfoghlaimeoirí, na gcuairteoirí agus na mball foirne a chosaint.
Ar bhonn an tsaineolais a fuarthas ó na speisialtóirí atá ar fáil don Roinn chun na críche sin, shainaithin geallsealbhóirí saincheisteanna sonracha a eascraíonn as an bPrótacal. Is saincheisteanna iad a gcuirfeadh comhairle níos gráinní níos saineolaí ina leith go mór leis an treoir a thugtar sa Phrótacal a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme maidir leis an éagsúlacht comhthéacsanna, timpeallachtaí agus cásanna atá ann i mbreisoideachas agus ardoideachas agus i suíomhanna campais.
Chóimheas an Roinn na saincheisteanna sin atá sonrach don earnáil agus bhreithnigh na speisialtóirí saineolacha atá ar fáil don Roinn iad. Is leagtha amach ar na leathanaigh atá le teacht atá treoir maidir leis na saincheisteanna sin. Ní bheartaítear an chomhairle seo a bheith saintreorach. Maidir le haon chur chuige uathúil a gcuireann institiúid é ar aghaidh, ba cheart é a chur faoi mheasúnú riosca cuimsitheach atá faoi stiúir ag an institiúid agus ba cheart é a bhreithniú i gcomhthéacs na n-oibleagáidí reatha atá ar gach institiúid, chomh fada is a bhaineann siad leis na rialacháin sláinte agus sábháilteachta atá i bhfeidhm agus leis an gcomhairle sláinte poiblí atá ar fáil faoi láthair. Chomh maith leis sin, leagtar amach sa treoir roinnt roghanna féideartha a bhféadfadh go mbreithneodh institiúidí iad a chur chun feidhme, agus aird á tabhairt ar a gcuid riachtanas agus suíomhanna féin.
Tá an Roinn ag coinneáil i dteagmháil le húdaráis sláinte agus is féidir go leasófar an treoir seo de bharr na teagmhála sin. De bhreis air sin, is féidir go mbeidh sé riachtanach an treoir atá ar fáil anseo a leasú de réir mar a athraíonn an chomhairle sláinte poiblí sna míonna atá le teacht. Ina theannta sin, is féidir go dtabharfar anuas saincheisteanna breise atá sonrach do bhreisoideachas agus ardoideachas agus a mbeidh tuilleadh soiléirithe agus treorach ag teastáil ina leith. Sa chomhthéacs sin, meastar go mbeidh an doiciméad seo ina dhoiciméad atriallach, a athrófar agus a oiriúnófar de réir mar is gá chun go mbeidh sé ag teacht leis an gcomhairle sláinte poiblí is cothroime le dáta de réir mar a théann an tír trí na céimeanna athoscailte atá leagtha amach sa Treochlár chun an tSochaí agus an Gnó a Athoscailt.
Cuid thábhachtach de straitéis moillithe na tíre chun leathadh COVID-19 a mhoilliú agus chun tarchur an víris a shrianadh is ea scaradh fisiciúil. Déantar amhlaidh tríd an teagmháil idir daoine sláintiúla agus daoine a d’fhéadfadh a bheith aisiomptómach, réamhshiomptómatach agus éadromshiomptómach a íoslaghdú. In Éirinn, cruthaíodh an chomhairle sin a bheith éifeachtach maidir le forleithne an víris a laghdú agus leis na daoine sa bhaol is mó i sochaí na hÉireann a chosaint. Mar atá le feiceáil sa Phrótacal, is é atá sa chomhairle sláinte reatha gurb é dhá mhéadar an fad molta ba cheart a choinneáil idir daoine chun an riosca tarchuir a íoslaghdú.
Sa chomhthéacs sin, moltar do shaoráidí ardoideachais agus breisoideachais scaradh fisiciúil dhá mhéadar a choinneáil ar bun. Aithnítear an tionchar a bheidh ag scaradh fisiciúil ar thoilleadh na limistéar teagaisc. Mar sin féin, is féidir an tionchar sin a mhaolú trí ranganna/léachtaí a sholáthar ar bhealach agaithe, trí uaireanta oscailte a mhéadú agus trí bhearta eile atá sonrach don earnáil agus don chomhthéacs arna gceadú ag an Rialtas i gcomhréir le treoirlínte sláinte poiblí.
Ba cheart aon trácht neamhéigeantach nó neamhriachtanach isteach i gcampas ardoideachais nó breisoideachais agus oiliúna a sheachaint. Chuige sin, moltar go mór gurb amhlaidh, maidir le searmanais bhronnta céimeanna a bhí le cur ar siúl san fhómhar, go gcuirfí siar iad nó go gcuirfí searmanais fhíorúla ar siúl ina n-ionad. Is féidir go smaoineoidh institiúidí ar roinnt searmanais bheaga achoimre bhronnta céimeanna a chur ar siúl in ionaid ar féidir leo na ceanglais scartha fhisiciúil dhá mhéadar a chomhlíonadh le linn tréimhsí nach bhfuil mic léinn eile ag meascadh leis an lucht freastail iontu (e.g. le linn bristeacha lár téarma nó seachtainí léitheoireachta nó trí limistéir ar leith nach bhfuil rochtain ag gnáthbhaill foirne campais nó institiúide nó ag mic léinn orthu a mharcáil go fisiciúil). Ba cheart do na hinstitiúidí atá ag smaoineamh ar an ngníomh sin a dhéanamh measúnú riosca sonrach a chur i gcrích agus a chinntiú go gcomhlíonfar an chomhairle sláinte poiblí ar fad.
Maidir le turais oideachasúla agus le hobair allamuigh nach bhfuil cóiríocht thar oíche i gceist leo agus ar féidir scaradh fisiciúil a choinneáil ar bun lena linn, féadfar tabhairt fúthu ach beidh ar institiúidí measúnú riosca aonair a dhéanamh orthu ar bhonn cás ar chás. Beidh sé riachtanach taifead a choinneáil de na daoine atá i láthair agus de ghrúpaí dlúth-theagmhálaithe.
Ba cheart an chomhairle sláinte poiblí reatha atá i bhfeidhm a chur in iúl roimh ré do mhic léinn ar cuairt agus do bhaill foirne teagaisc ar cuairt. Féach Rannán 4 – Mic léinn Idirnáisiúnta chun treoir a fháil maidir le mic léinn ar cuairt agus le baill foirne teagaisc ar cuairt ó thíortha eile.
Meastar gur féidir go maolófar na ceanglais scartha fhisiciúil de réir mar a théann an tír trí na céimeanna atá leagtha amach sa Treochlár chun an tSochaí agus an Gnó a Athoscailt. Sa chomhthéacs sin, leasófar an treoir atá leagtha amach sa doiciméad seo chun go mbeidh sí ag teacht le haon mhaolú den sórt sin. Mar sin féin, ba cheart institiúidí a ullmhú le haghaidh na féidearthachta go bhféadfadh go n-aisiompófaí aon mhaolú a dhéanfar ar cheanglais scartha fhisiciúil freisin, ag brath ar an leibhéal tarchuir a thaifeadtar.
Tá an treoir seo ag teacht lena bhfuil sa chomhairle sláinte poiblí atá ar fáil faoi láthair. Mar sin féin, ag aithint di go mbeidh impleachtaí ag na ceanglais scartha fhisciúil reatha don earnáil, tá an Roinn ag coinneáil i dteagmháil leis na húdaráis sláinte ábhartha maidir leis an bhféidearthacht go gceadófaí solúbthacht sa mholadh scartha fhisiciúil reatha sa chomhthéacs breisoideachais agus ardoideachais.
Is é an chomhairle sláinte poiblí reatha gur ceanglas éigeantach é clúdaigh aghaidhe a chaitheamh le linn iompar poiblí a úsáid. Beidh sé ina cheanglas clúdaigh aghaidhe a chaitheamh i siopaí agus in ionaid siopadóireachta freisin. De bhreis air sin, táthar ag moladh fós go gcaithfí clúdaigh aghaidhe i gcásanna ina bhfuil sé doiligh scaradh sóisialta a chleachtadh, amhail áiteanna poiblí plódaithe faoi dhíon.
I suíomh breisoideachais agus ardoideachais, bíonn líon ard ball foirne agus mac léinn ag gluaiseacht ar fud an champais le linn an ghnáthlae. Sa chomhthéacs sin agus ón taobh praiticiúil de, is féidir go mbeidh codanna de champais bhreisoideachais agus ardoideachais ann inarb amhlaidh nach mbeifear in ann scaradh fisiciúil a choinneáil ar bun nó ina mbeidh daoine aonair ag áitiú spás iniata faoi dhíon le daoine eile ar feadh tréimhse fhada.
Ar aon dul leis an gcomhairle sláinte reatha, is féidir go gcuirfidh institiúidí breisoideachais agus ardoideachais in iúl do bhaill foirne agus do mhic léinn go moltar clúdaigh aghaidhe a chaitheamh i gcás go mbeidh sé doiligh scaradh sóisialta a chleachtadh, go háirithe i gcásanna nach féidir teagmháil an-dlúth a sheachaint iontu i.e. teagasc díreach ina dteastaíonn fad níos lú ná méadar amháin. Ba cheart a thabhairt faoi deara gurb é atá i gclúdaigh aghaidhe a chaitheamh ná beart atá de bhreis ar na treoirlínte eile sláinte poiblí nach mór a leanúint, lena n-áirítear ní láimhe, dea-bhéasa riospráide agus ceanglais scartha fhisiciúil (nuair is féidir), agus níor cheart é a chur in ionad na gcleachtas ceart oibre. De bhreis air sin, aithnítear sa chomhairle sláinte freisin nach bhfuil clúdaigh aghaidhe oiriúnach do gach duine, mar shampla daoine a bhfuil fadhbanna análaithe nó riachtanais speisialta acu. I gcás go ndéanfar moladh den sórt sin, ní mór faisnéis a bheith ar fáil go leathan, bíodh póstaeir faisnéise nó oiliúint shonrach i gceist léi, chun eolas a thabhairt do bhaill foirne agus do mhic léinn faoi threoirlínte cuí maidir le clúdaigh aghaidhe a chaitheamh e.g. lámha a ní roimh chlúdach aghaidhe a chaitheamh agus a bhaint, gan an clúdach aghaidhe a thadhall le lámha le linn é a chaitheamh, agus iad a bhaint agus a dhiúscairt i gceart, i measc nithe eile. Is féidir comhairle ón Roinn Sláinte maidir le conas is féidir clúdaigh aghaidhe a úsáid go sábháilte a aimsiú anseo.
Mar atá luaite thuas, is é atá i gclúdaigh aghaidhe a chaitheamh ná beart atá de bhreis ar na treoirlínte eile sláinte poiblí nach mór a leanúint, lena n-áirítear ní láimhe, dea-bhéasa riospráide agus ceanglais scartha fhisiciúil (nuair is féidir).
I gcásanna sonracha nach féidir cóngaracht do dhaoine eile a sheachaint iontu, e.g. i ngrúpaí beaga saotharlainne agus i dteagasc gruagaireachta i suíomh breisoideachais, moltar go gcaithfí sciatha aghaidhe freisin. I gcás go mbeartófar/go gceanglófar fad is lú ná méadar amháin, is féidir go molfar masc aghaidhe agus sciath aghaidhe a chaitheamh. Is féidir freisin go mbreithneofar sciatha aghaidhe a úsáid in ionad clúdaigh aghaidhe sa chomhthéacs teagaisc, go háirithe i gcás go mbeidh ábhair imní ag múinteoirí nó ag léachtóirí maidir le teilgean gutha nó i gcás go dteastóidh ó na mic léinn aghaidh an mhúinteora nó an léachtóra a fheiceáil, i measc nithe eile.
Maidir le haon athruithe a dhéanfar sa chomhairle náisiúnta sláinte poiblí i dtaca le clúdaigh aghaidhe a chaitheamh, ba cheart iad a léiriú ar leibhéal institiúideach agus ba cheart na beartais a leasú dá réir.
Sonraítear sa Phrótacal nach meastar de ghnáth go gcuireann aerchóiriú go mór le COVID-19 a leathadh. Más indéanta, moltar aeráil oscailte le haghaidh limistéir nach limistéir leithris iad. Is é an chomhairle ghinearálta go soláthraítear a oiread aeir allamuigh agus is féidir le réasún. (1)
Is cuid thábhachtach den earnáil breisoideachais agus ardoideachais iad mic léinn idirnáisiúnta. Méadaíonn siad éagsúlacht shóisialta agus chultúrtha na hearnála agus saibhríonn siad an timpeallacht taighde agus foghlama. De bhreis air sin, príomhfhoinse cistiúcháin do lear institiúidí is ea ioncam táillí ó mhic léinn idirnáisiúnta. Mar thoradh air sin, tá treoir á lorg ag institiúidí maidir le mic léinn idirnáisiúnta a rollú don chéad bhliain acadúil eile.
Moltar don Roinn gur cheart caitheamh le mic léinn idirnáisiúnta agus cuairteoirí idirnáisiúnta ó áiteanna thar lear ar institiúidí ar an mbealach céanna a chaitear le haon duine atá ag taisteal go hÉirinn agus ní fhéadfar aon díolúintí a bhreithniú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na treoirlínte ón Roinn Sláinte (atá ar fáil, anseo a leanúint i dtaca le mic léinn idirnáisiúnta agus cuairteoirí idirnáisiúnta a thaistealaíonn go hÉirinn. Moltar sa treoir go gcuirfeadh daoine tréimhse féin-aonraithe 14 lá isteach ar theacht isteach in Éirinn dóibh agus ceanglaítear go gcomhlánófar Foirm Aimsithe Paisinéara COVID-19. Is féidir go mbeidh ollscoileanna a bhfuil hallaí cónaithe acu in ann an tréimhse féin-aonraithe sin a éascú do mhic léinn idirnáisiúnta agus do chuairteoirí idirnáisiúnta. Mar sin féin, tá sé faoin institiúid aonair a chinneadh cé acu is féidir nó nach féidir déanamh amhlaidh.
Is airde an riosca go dtarchuirfear an víreas i suíomhanna ina bhfuil ard-dlús daoine agus ina bhfuil daoine cóngarach dá chéile. Sa chomhthéacs sin, is riosca féideartha í cóiríocht do mhic léinn agus beidh ar institiúidí a machnamh a dhéanamh ar an dóigh is fearr ar féidir an riosca sin a bhainistiú. Cuirtear in iúl don Roinn go mbeidh ar institiúidí a saoráidí cóiríochta do mhic léinn a bhreithniú ar bhonn aonair, agus aird á tabhairt ar thosca amhail dearadh agus leagan amach a saoráidí cóiríochta do mhic léinn agus ar an líon mac léinn chun an riosca go dtarchuirfear an víreas a mhaolú. Mar gheall ar éagsúlacht na cóiríochta sin, beidh measúnú riosca ar bhonn cás ar chás i gceist leis sin. Ba cheart breithniú a dhéanamh ar an dóigh a mbainistítear spásanna comhroinnte amhail dorchlaí, limistéir áineasa agus cistineacha comhroinnte agus seomraí folctha comhroinnte i hallaí cónaithe/suanliosanna. Is féidir go ndéanfar breithniú ar mhic léinn ón aon chlár staidéir amháin a chur san aon chóiríocht amháin.
Ba cheart d’institiúidí a bhfuil saoráidí mac léinn de chineál árasáin acu smaoineamh ar na cónaitheoirí sa chóiríocht sin a ainmniú mar ghrúpaí dlúth-theagmhálaithe. Chuige sin, caitear le mic léinn atá ina gcónaí in árasán ar leith amhail is dá mbeadh an t-aon teaghlach amháin iontu agus, i gcás go dtiocfaidh an víreas ar mhac léinn amháin, ba cheart do na mic léinn uile atá ina gcónaí san árasán sin a ngluaiseachtaí a shrianadh i gcomhréir leis an gcomhairle ón Roinn Sláinte. Beidh ar institiúidí a bhfuil cóiríocht á feidhmiú acu prótacail a fhorbairt nó a oiriúnú chun ráigeanna a bhainistiú sna cásanna sin. Tá ábhar imní ar leith ann maidir le seomraí comhroinnte toisc gurb airde go mór an riosca tarchuir i suíomh den sórt sin. Is féidir freisin go ndéanfar breithniú ar roinnt aonaid/árasáin a bhfuil seomraí leapa en suite acu a choinneáil folamh chun athshuí a chumasú i gcás ina dtitfidh ráig amach i gcóiríocht a bhfuil áiseanna comhroinnte aici.
Maidir le mic léinn a thaistealaíonn le linn an téarma idir an teach teaghlaigh agus a gcóiríocht do mhic léinn, ba cheart dóibh déanamh amhlaidh i gcomhréir leis an gcomhairle sláinte poiblí atá i bhfeidhm ag an am sin i dtaca le srianta náisiúnta taistil.
Gné lárnach fós den Phrótacal agus den chomhairle ghinearálta sláinte poiblí ón Rialtas is ea ní láimhe. Tacófar leis sin trí áiseanna leordhóthanacha feidhmiúla níocháin láimhe a chur ar fáil in institiúidí. Chuige sin, ba cheart d’institiúidí smaoineamh ar stáisiúin sláinteachais/díghalráin láimhe a thabhairt isteach. Ba cheart na stáisiún sin a shuí ag pointí isteach i bhfoirgnimh an champais agus ag pointí amach astu, i limistéir ina bhfuil a lán pointí tadhaill agus i limistéir ina siúlann a lán daoine. Dá ainneoin sin, ní mór nach gcruthófar scrogaill/tionóil bhall foirne agus mhac léinn a bhaineann an bonn de scaradh fisiciúil dhá mhéadar de bharr na stáisiúin a bheith ann. In áiteanna inar dócha go dtiocfaidh scrogaill chun cinn (e.g. “foirgnimh theagaisc” a bhfuil roinnt hallaí léachtaí acu), d’fhéadfadh institiúidí smaoineamh ar roinnt stáisiún a thabhairt isteach san aon fhoirgneamh amháin. De réir mar a athosclaítear campais, moltar d’institiúidí aird ar leith a thabhairt ar na láithreacha sin, úsáid a bhaint as comharthaíocht éifeachtach agus freagairt go mear chun aon ghníomhaíocht lena mbacfar scaradh a chosc.
Rud atá sonrach do bhreisoideachas agus ardoideachas is ea an cás ina bhfuil ollghluaiseacht daoine ann trí fhoirgnimh agus saoráidí ar bhonn rialta agus ar bhuille na huaire go minic. Moltar go n-athródh institiúidí patrúin srutha tráchta coisithe chun scaradh fisiciúil a éascú agus moltar go dtacófaí leis na tionscnaimh uile den sórt sin agus go gcuirfí iad chun cinn. D’fhéadfadh go mbeadh na nithe seo a leanas ar áireamh le gníomhartha sa réimse sin –
Tháinig tuairimíocht chun cinn le déanaí maidir leis an riosca go dtarchuirfear an víreas i measc daoine a chaitheann níos mó ná dhá uair an chloig le chéile san aon seomra amháin, fiú i gcás go gcoinneofar scaradh fisiciúil ar bun. Sa soiléiriú a eisíodh le déanaí ar an tsaincheist sin, moltar gurb amhlaidh, i gcás go dtiocfaidh COVID-19 ar dhuine, go measfaí gur dhlúth-theagmhálaí a bheadh in aon duine a chaith tréimhse charnach is mó ná dhá uair an chloig leis an duine sin le linn tréimhse 24 huaire agus go gceanglófaí air nó uirthi féin-aonrú ar feadh 14 lá. Mar sin féin, ba cheart féachaint anseo leis an nochtadh a laghdú a oiread agus is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart an gá le cruinnithe aghaidh ar aghaidh do bhaill foirne agus do mhic léinn a íoslaghdú. Mar an gcéanna, moltar, nuair is féidir, cásanna teagaisc is lú ná dhá uair an chloig ar fad agus a bhfuil scaradh fisiciúil cuí i bhfeidhm iontu. I gcás go mbeidh gá ann le faid ama níos faide, féadfar cásanna teagaisc is mó ná dhá uair an chloig a cheadú i gcás gur mheasúnaigh institiúidí an riosca atá i gceist agus go mbeidh cosaintí cuí i bhfeidhm acu.
Níl aon cheanglas ann leis an am a chaitear ar an láithreán in aghaidh an lae nó in aghaidh na seachtaine a theorannú. Mar sin féin, ba cheart do bhaill foirne agus do mhic léinn cloí leis na treoirlínte sláinte poiblí atá i bhfeidhm agus iad ar an láithreán.
Cuireadh in iúl don Roinn nach éifeachtach atá seiceálacha teochta agus nach bhfuil siad mar chuid den chomhairle sláinte poiblí in Éirinn ag an am seo. Tá riosca ann freisin go gcruthófar scrogaill nó tionóil neamhriachtanacha bhall foirne dá mbarr. Ba cheart a chur in iúl do bhaill foirne nár cheart dóibh freastal ar an obair má bhíonn aon siomptóim COVID-19 orthu (áirítear leis na siomptóim choitianta fiabhras, casacht de chineál ar bith, giorra anála, céadfa an bhlaiste nó an bholaidh a chailleadh nó athrú i gcéadfa an bhlaiste nó an bholaidh) nó má bhíonn siad ag féin-aonrú.
I gcás go ndiagnóiseofar go bhfuil COVID-19 ar fhoghlaimeoir/léachtóir/bhall foirne/oibrí túslíne nó i gcás go sainaithneofar cnuasach laistigh d’institiúid breisoideachais agus ardoideachais, is iad na húdaráis áitiúla sláinte a chomhordóidh an fhreagracht as ráig a bhainistiú láithreach ar an láithreán.
I gcás go sainaithneofar cnuasach laistigh de shaoráid cóiríochta do mhic léinn, eiseofar treoir agus orduithe ó údaráis sláinte poiblí, lena n-áireofar dlúth-theagmhálaithe a shainaithint i gcomhar le comhairle sláinte poiblí agus ceanglais féin-aonraithe.
Tá sé de rún ag an Roinn teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis sláinte i dtaca le cásanna sonracha, a chuirfear in iúl d’institiúidí go cuí.
I láthair na huaire, níl cead ag campais earnála oideachais athoscailt do mhic léinn go dtí go gcuirtear tús le Céim 4 den Treochlár i.e. an 20 Iúil 2020. Mar atá an scéal faoi láthair, níl sé beartaithe aon ghníomhartha breise atá de bhreis ar ar tháinig i bhfeidhm i gCéim 1 a dhéanamh a mhéid a bhaineann siad le soláthar oideachais.
Ó thaobh gníomhaíocht gheilleagrach (i.e. “obair”) de, áfach, leagtar amach i Rannán 4 den Treochlár roinnt nithe ba cheart a chur san áireamh le haghaidh filleadh breise oibrithe diaidh ar ndiaidh, faoi réir ceanglais agus breithniúcháin ar leith agus i gcomhréir le ceanglais sláinte poiblí ar leith. Tá sé faoi gach institiúid a chinneadh cén cohórt ball foirne a mheasann siad nach mór a bheith ar an láithreán, ar baill foirne iad ar féidir a bhfilleadh diaidh ar ndiaidh a éascú i gcomhréir leis na ceanglais sin e.g. taighdeoirí agus glantóirí, i measc daoine eile.
I dtaca le logaí teagmhála a choinneáil, ba cheart d’institiúidí a mholadh do bhaill foirne agus do mhic léinn a chinntiú go gcoinneoidh siad taifid de chásanna ina raibh siad i ndlúth-theagmháil le daoine eile. Is féidir go n-éascófar é sin trí liostaí de na freastalaithe ar ranganna a choinneáil agus trí fhaisnéis amchláraithe.
Ba cheart do bhaill foirne agus do mhic léinn a fhreastalaíonn ar chruinnithe aghaidh ar aghaidh a dtaifead féin a choinneáil de na cruinnithe sin agus de na freastalaithe chun rianú dlúth-theagmhálaithe a éascú más gá. Ó thaobh breisoideachais agus oiliúna de, ba cheart do theagascóirí taifead a choinneáil freisin de na grúpaí a raibh siad i dteagmháil leo.
Ní mheastar gur féidir dul isteach bainistithe a dhéanamh ós rud é go bhféadfadh go gcruthófaí plódú agus ós rud é go bhfuil sé doiligh cur chuige comhsheasmhach a chinntiú i líon mór foirgneamh difriúil, dá mb’ann.
Ba cheart an beartas um “Fhilleadh ar an obair” atá i bhfeidhm ag institiúidí a leasú chun go ndéanfar tagairt do COVID-19 ann. Faoi mar a mholtar sa phrótacal, ba cheart do gach ball foirne foirm réamhfhillte ar obair a chomhlánú. Is féidir go mbainfear leas, le linn déileáil le cásanna den sórt sin, as an bhfoirm réamhfhillte ar obair agus as aon phleananna comhaontaithe aonair a eascraíonn aisti.
Is é an chomhairle sláinte poiblí reatha ná go bhfuil dhá chineál daoine aonair ‘i mbaol’ ann – iad sin a thagann faoin ngrúpa ‘i bhfíorbhaol méadaithe’ agus iad sin a thagann faoin ngrúpa ‘i bhfíorbhaol’. Is ann do chomhairle dhifriúil chun daoine sna grúpaí difriúla a chosaint. Tá na treoirlínte ó FSS maidir le daoine atá i bhfíorbhaol méadaithe COVID-19 ar fáil anseo.
Ba cheart do bhaill foirne a thagann faoin ngrúpa ‘i bhfíorbhaol méadaithe’ cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí maidir le cocúnú. Ba cheart do bhaill foirne a thagann faoin ngrúpa ‘i bhfíorbhaol’ obair ón mbaile. I gcás nach féidir obair ón mbaile, ní mór do na baill foirne sin cúram breise a dhéanamh san áit oibre chun cloí le ceanglais scartha fhisiciúil agus le sláinteachas láimhe.
I gcás na mball foirne atá ina gcónaí le daoine aonair a mheastar a bheith ‘i bhfíorbhaol méadaithe’, ba cheart dóibh, ar fhilleadh ar an obair dóibh, bheith níos cúramaí maidir le ní láimhe, le sláinteachas riospráide agus le húsáid a bhaint as trealamh cosanta pearsanta chun an fhéidearthacht go dtiocfadh ionfhabhtú orthu a íoslaghdú. Ba cheart d’institiúid measúnú rioscabhunaithe a dhéanamh ar bhonn cás ar chás agus ba cheart bearta forlíontacha a shainaithint chun a riosca ionfhabhtúcháin a íoslaghdú.
Leis an bPrótacal, ceanglaítear ar gach áit oibre príomhionadaí oibrithe amháin ar a laghad a cheapadh chun obair leis an bhfostóir ar son leathadh COVID-19 san áit oibre a chosc.
Moltar d’institiúidí an Treoir agus na Ceisteanna Coitianta d’Fhostóirí Seirbhíse Poiblí le linn COVID-19 ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (a tugadh chun dáta an 15 Meitheamh 2020) a léamh. Soiléirítear sa doiciméad sin ról an phríomhionadaí oibrithe.
Sa Treoir (is féidir a léamh anseo tugtar comhairle maidir le príomhionadaí oibrithe/príomhionadaithe oibrithe a roghnú agus a cheapadh, agus teagmháil idir fostóirí, fostaithe agus ionadaithe fostaithe á cur ar áireamh mar chuid den phróiseas.
Cuirtear in iúl sa Phrótacal gurb amhlaidh, maidir le fostaithe a bhfuil siomptóim COVID-19 orthu agus iad ar obair, gur cheart iad a aonrú agus gur gá spás a sholáthar chun aonrú roimh an áitreabh a fhágáil.
Ó thaobh breisoideachais agus ardoideachais de, is ag brath ar mhéid an champais agus ar an líon mac léinn a bheidh an líon spásanna aonraithe atá le soláthar. Ba cheart spásanna aonraithe a sholáthar ar leibhéal an champais ar a laghad agus moltar go soláthrófaí iad freisin i bhfoirgnimh ilúsáide ar champais mhóra (e.g. foirgnimh mhóra ina bhfuil roinnt ranna/dámh, i measc nithe eile). Ní gá spás aonraithe a sholáthar i ngach roinn/aonad. Meastar gur leor spás aonraithe amháin i bhfoirgneamh mór de ghnáth, ag brath ar scála agus leibhéil áitíochta an fhoirgnimh. Dá ainneoin sin, ní mór plean teagmhais a bheith i bhfeidhm chun déileáil le cás ina bhfuil siomptóim ar roinnt daoine ag an aon am amháin.
Tagraítear sa Phrótacal don ghá atá ann le táirgí glantacháin a úsáid le haghaidh trealamh comhroinnte amhail ríomhairí pearsanta agus printéirí, i measc nithe eile, agus don ghá atá ann le córais ghlantacháin a chur chun feidhme in áiteanna fostaíochta.
Beidh sé riachtanach prótacail nua a thabhairt isteach le haghaidh seirbhísí glantacháin champais agus seomraí ranga. Áireofar leo sin dromchlaí teagmhála/tadhaill amhail barra tábla, trealamh oibre, murláin dorais agus ráillí láimhe a ghlanadh dhá uair sa lá agus glanadh críochnúil rialta a dhéanamh ar dhromchlaí a ndéantar tadhall leo go minic. Is féidir go gcabhróidh institiúidí le seirbhísí glantacháin tríd an athrú mac léinn a íoslaghdú nuair is féidir agus trí amchláir a bhainistiú chun gluaiseacht ball foirne agus mac léinn idir limistéir theagaisc a laghdú.
De bharr na slí a n-úsáidtear iad, bheadh sé ina thairbhe glanadh breise a dhéanamh ar threalamh comhroinnte (e.g. ríomhairí agus printéirí, i measc nithe eile), agus is féidir go mbreithneoidh institiúidí iarraidh ar úsáideoirí an trealamh sin a ghlanadh roimh gach úsáid agus tar éis gach úsáide.
Tá fáil anseo ar dhoiciméad treorach an-úsáideach ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC). Tugtar treoir ann maidir le glanadh timpeallachtaí, le linn phaindéim COVID-19, i suíomhanna cúraim sláinte agus i suíomhanna nach suíomhanna cúraim sláinte iad.
I dtaca le Garchabhróirí agus/nó Marascail Dóiteáin sa bhreis a ainmniú, ba cheart d’institiúidí aird a thabhairt ar an gceanglas atá orthu cloí leis na rialacháin Sláinte agus Sábháilteachta atá ann cheana. Maidir le Garchabhróirí a bhfuil ról sonrach acu i ngníomhú mar chéad fhreagróirí, ba cheart oiliúint tugtha chun dáta a chur orthu i bprionsabail um ionfhabhtuithe a chosc agus a rialú, lena n-áirítear sláinteachas láimhe a choinneáil ar bun agus úsáid chuí a bhaint as trealamh cosanta pearsanta le linn dóibh garchabhair a thabhairt.
Is ar fáil anseo atá tuilleadh comhairle maidir le garchabhair ón gComhairle um Chúram Éigeandála Réamhospidéil.
Treoir Phraiticiúil do Bhreisoideachas agus Ardoideachas maidir le Filleadh ar Ghníomhaíocht ar an Láithreán sa bhliain 2020
(1) Chuir an Chónaidhm um Chumainn Téimh, Aerála agus Aerchóirithe na hEorpa (REHVA) treoir le chéile maidir le conas ba cheart seirbhísí foirgníochta a oibriú agus a úsáid chun leathadh COVID-19 san áit oibre a chosc. D’fhéadfadh an treoir a bheith ina cabhair agus is féidir í a rochtain anseo. Chomh maith leis sin, is ann do sheimineár Gréasáin tacaíochta ó REHVA anseo, a d’fhéadfadh a bheith ina chabhair freisin. anseo .