Tuarascáil ón nGrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách a bunaíodh chun gníomhaíocht phríobháideach in ospidéil phoiblí a scrúdú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mhol an Coiste Oireachtais Uile-Pháirtí maidir le Todhchaí an Chúraim Sláinte go mbainfí gníomhaíocht phríobháideach de réir a chéile as ospidéil phoiblí agus go ndéanfaí anailís iarmharta neamhspleách.
Bhunaigh an tAire Sláinte Grúpa Athbhreithnithe Neamhspleách chun scrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíocht phríobháideach in ospidéil phoiblí lena n-áirítear an cur chuige praiticiúil atá le glacadh chun cleachtas príobháideach a bhaint as ospidéil phoiblí, na tionchair a bheidh ag an mbaint seo, cén fráma ama ba cheart a bheith i bhfeidhm agus conas é a chéimniú le himeacht ama.
Bhí an Dr Donal de Buitléir, cathaoirleach an Choimisiúin Pá Íseal agus iarchomhalta de Bhord FSS ina chathaoirleach ar an nGrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách. Rinne an Grúpa scrúdú cuimsitheach ar ghníomhaíocht phríobháideach in ospidéil phoiblí agus tá ocht moladh sa Tuarascáil a cuireadh faoi bhráid an Aire a mheasann an Grúpa a bheith riachtanach chun an sprioc a cuireadh in iúl i gCúram Sláinte a bhaint go mbainfí gníomhaíocht phríobháideach as ospidéil phoiblí. Baineann cúig mholadh leis an gconradh comhairleach. Molann an séú reachtaíocht chun a chinntiú go n-úsáidtear ospidéil phoiblí go heisiach chun othair phoiblí a chóireáil ó dheireadh na tréimhse feidhmithe Cúram Sláinte deich mbliana. Baineann dhá mholadh eile le bailiú sonraí níos fearr agus ról HIQA in ospidéil phríobháideacha.
Agus é ag fógairt foilsiú na Tuarascála, dúirt an tAire Sláinte:
“Is léir go bhfuil sé casta cúram príobháideach a bhaint as ospidéil phoiblí, go dtógfadh sé tamall agus go gcosnódh sé airgead. Tá forbairt córas ospidéil phoiblí aon chiseal ar cheann de na hathchóirithe bunúsacha atá beartaithe i gCúram Sláinte agus caithfear cinntí ar chaiteachas lena n-áirítear ar na saincheisteanna a ardaíodh sa Tuarascáil a dhéanamh i gcomhthéacs chur i bhfeidhm níos leithne Cúram Sláinte agus Chomhaontú Cobhsaíochta na Seirbhíse Poiblí 2018-2020.
“Tá sé ar intinn agam dul i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara agus le mo chomhghleacaithe sa Rialtas chun tuilleadh saincheisteanna feidhmiúcháin a mheas sula bhfillfidh mé ar an Rialtas in am trátha le tograí mar fhreagairt ar na moltaí."
Le cuidiú leis an nGrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách ina gcuid plé, chuir an OECD tuarascáil le chéile a rinne scrúdú ar ghníomhaíocht phríobháideach i gcomhthéacs idirnáisiúnta.
Ina theannta sin, rinne Deloitte, ar sainchomhairleoirí achtúireacha iad ar conradh leis an Roinn Sláinte, scrúdú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag baint le cleachtas príobháideach a bhaint as ospidéil phoiblí na hÉireann ar árachas sláinte thar ceann an Ghrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách.
Ullmhaíodh Ceisteanna Coitianta gairid a fhreagraíonn roinnt ceisteanna láithreacha.
D’fhoilsigh an Roinn Sláinte na freagraí a fuarthas ar an gcomhairliúchán poiblí roimhe seo. Tá siad seo ar fáil ar an Suíomh Gréasáin na Roinne Sláinte.
Report of the Independent Review Group established to examine Private Activity in Public Hospitals
Assessing Private Practice in Public Hospitals