Tuilleadh Eolais ar Shuirbhé ar Shástacht Custaiméirí na Seirbhísí Digiteacha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol mé an litir seo chugat chun a chur in iúl duit go bhfuil suirbhé ar Shástacht Custaiméirí ar siúl go luath, agus go bhféadfaí teagmháil a dhéanamh leat agus go n-iarrfaí ort páirt a ghlacadh ann. D’iarramar ar chuideachta suirbhéireachta, Behaviour & Attitudes, eolas a fháil ar d’eispéiris úsáide ar an suíomh gréasáin MyWelfare.ie. Tá seans go gcuirfidh Behaviour & Attitudes glaoch ort chun cúpla ceist a chur ort.
Ní gá duit páirt a ghlacadh sa suirbhé seo. Mura dteastaíonn uait go ndéanfaí teagmháil leat faoin suirbhé, déan teagmháil linn le do thoil ag CustomerSatisfactionSurvey@welfare.ie agus bainfimid den tacar sonraí thú.
Chuir an Roinn d’ainm agus d’uimhir theileafóin ar fáil do Behaviour & Attitudes chun críche an tsuirbhé seo amháin. Tá roinnt eolais tugtha don cuideachta freisin ar an gcatagóir ina bhfuil tú, mar seo a leanas:
Ní fhaigheann siad aon eolas eile.
Roghnaíodh thú go randamach chun páirt a ghlacadh sa suirbhé. Leis na sonraí thuas amháin, chuir an Roinn tacar sonraí le chéile le haghaidh Behaviour & Attitudes. Tá Behaviour & Attitudes i dteagmháil le sampla de dhaoine a fuair Liúntas Cuardaitheora Poist, Sochar Cuardaitheora Poist, nó Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht, a rinne iarratas ar a n-íocaíocht ar MyWelfare.ie ag am éigin suas go dtí deireadh mhí an Mhárta 2023.
Cuirfidh Behaviour & Attitudes glaoch ort agus cuirfidh siad ceisteanna ort ón suirbhé. Ní bhaileoidh siad ach freagra amháin in aghaidh an duine.
Nuair a bheidh an suirbhé déanta, scriosfaidh Behaviour & Attitudes sonraí na fhreagróirí go léir a cuireadh ar fáil dóibh as a dtaifid. Ní luaifear aon ainmneacha sna torthaí; ní bheidh siad nasctha leat. Déanfaidh Behaviour & Attitudes miondealú ar na torthaí, mar shampla, chun na scóir sástachta a fháil d’fhir agus do mhná, nó dóibh siúd faoi 30 agus os cionn 45 bliain d’aois, srl. Ní féidir le do fhreagraí, nó má roghnaíonn tú gan páirt a ghlacadh, cur isteach ar aon éileamh reatha nó sa todhchaí a d’fhéadfadh a bheith agat leis an Roinn.
Ní mór dúinn aiseolas ó chustaiméirí a bhailiú ar sheirbhísí ar líne na Roinne Coimirce Sóisialaí, a chuirtear ar fáil tríd an suíomh MyWelfare.ie. Is é an sprioc atá againn ná a bheith ina ‘soláthraí seirbhíse poiblí digiteach iontaofa a thairgeann cainéal éasca, comhtháite ar líne do chustaiméirí le féinfhreastal agus a n-idirbhearta a chur i gcrích ar a caoithiúlacht'. Chun é seo a dhéanamh, bheimis
buíoch díot ceisteanna an tsuirbhé a fhreagairt agus do thaithí a chur in iúl dúinn. Ní thógfaidh an suirbhé ach cúpla nóiméad.
Féadfaidh an Roinn teagmháil a dhéanamh le custaiméirí chun críocha taighde a luaithe a chomhlíontar ceanglais eile sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus in Achtanna um Chosaint Sonraí na hÉireann. Is gníomhairí ar conradh iad Behaviour & Attitudes d’Aonad Staidrimh na Roinne don suirbhé seo. Tá comhaontú Próiseála Sonraí i bhfeidhm ag an Roinn agus Behaviour & Attitudes. Ciallaíonn sé seo, de réir an dlí, nach féidir le Behaviour & Attitudes do shonraí a úsáid ach amháin chun críocha an tsuirbhé seo. Ciallaíonn sé freisin go gcaithfidh siad do shonraí a choinneáil sábháilte agus slán i gcónaí. Tá do chuid freagraí go hiomlán príobháideach agus faoi rún – ní féidir leo cur isteach ar aon éileamh reatha nó sa todhchaí a d’fhéadfadh a bheith agat leis an Roinn. Ní gá duit páirt a ghlacadh sa suirbhé seo. Mura dteastaíonn uait go ndéanfaí teagmháil leat faoin suirbhé, déan teagmháil linn le do thoil ag CustomerSatisfactionSurvey@welfare.ie agus bainfimid den tacar sonraí thú.
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le CustomerSatisfactionSurvey@welfare.ie nó féach ar gov.ie/dsp/surveys nó Cás-Staidéar 10, 2003.