Uathchlárú - ceisteanna coitianta (CCanna)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is scéim nua coigiltis scoir í uathchlárú a gclárófar daoine go huathoibríoch leis má chomhlíonann siad riachtanais áirithe. Bunaíodh é chun plean scoir a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil pinsean oibre nó príobháideach acu chun coigilt le haghaidh scoir.
Tá dhá phríomhchúis leis:
Táthar ag súil go gcuirfear tús le huathchlárú gar do dheireadh 2024.
Ní mór duit na coinníollacha seo a chomhlíonadh le go gclárófar thú go huathoibríoch:
Comhlacht nua a bhunóidh an Roinn Coimirce Sóisialaí a reáchtálfaidh agus a bhainisteoidh uathchlárú.
Déanfaidh an tÚdarás Pinsean maoirsiú ar an scéim uathchláraithe. Beidh neamhspleáchas reachtúil aige agus beidh sé á rialú ag Bord Stiúrthóirí.
Beidh seirbhísí Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais agus na bPinsean ar fáil do rannpháirtithe freisin.
Is féidir le haon duine:
roghnú a bheith rannpháirteach sa scéim
Má tá tú incháilithe nuair a sheolfar an scéim, déanfaidh an comhlacht nua thú a uathchlárú. Ní gá duit aon bheart a dhéanamh.
Mura bhfuil tú incháilithe láithreach, beidh tú in ann teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht nua agus iarratas a dhéanamh chun a bheith rannpháirteach sa scéim coigiltis scoir.
Ní thiocfaidh, tá uathchlárú deartha chun coigilteas scoir daoine a mhéadú. Soláthróidh sé bealach nua d’oibrithe chun coigilt dá dtodhchaí. Is é an cuspóir atá leis an Pinsean Stáit a fhorlíonadh agus ní rud eile a chur ina ionad.
Mura bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochtaí le pinsean oibre nó pearsanta a thuilleadh, agus má chomhlíonann tú na ceanglais eile, déanfar tú a uathchlárú.
Ní bheidh, níl aon phleananna ann chun iallach a chur ar fhostóirí ranníoc le pinsin phearsanta.
Má tá tú ag déanamh ranníocaíochtaí le do phinsean pearsanta trí do phárolla, ní bheidh tú incháilithe don scéim.
Ní féidir linn a mholadh an bhfuil uathchlárú nó do phinsean pearsanta reatha níos fearr duit i do chás. Braitheann an rogha is fearr duit ar do chúinsí féin.
Socrófar agus míneofar táillí gar don dáta seolta. Beidh fostaithe in ann féachaint ar tháillí ar a ráiteas bliantúil a bheidh inrochtana ar líne.
Ní chaithfidh, beifear in ann roghnú gan a bheith rannpháirteach sa scéim nó ranníocaíochtaí a chur ar fionraí sna cúinsí seo a leanas:
Tar éis dhá bhliain, má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta fós déanfar thú a athchlárú. Is féidir leat a roghnú a bheith rannpháirteach arís ag am ar bith laistigh de dhá bhliain
Fanfaidh ranníocaíochtaí nach n-aisíoctar (an fostóir agus ranníocaíochtaí Stáit san áireamh) i do phota coigiltis agus leanfar lena n-infheistiú. Mar sin, fiú má roghnaíonn tú gan a bheith rannpháirteach, beidh pota agat le tarraingt anuas/le rochtain a fháil air nuair a rachaidh tú ar scor.
Ríomhtar na ranníocaíochtaí bunaithe ar do thuarastal comhlán, is ionainn sin agus do thuilleamh roimh cháin. Méadófar na ranníocaíochtaí de réir a chéile thar na chéad 10 mbliana.
Bliain 1 go 3 | Bliain 4 go 6 | Bliain 7 go 9 | Bliain 10+ |
1.5% | 3% | 4.5% | 6% |
Déanfaidh d’fhostóir do ranníocaíochtaí a mheaitseáil agus cuirfidh an Stát breisiú €1 le gach €3 a íocann tú. Ríomhfar ranníocaíochtaí suas go holltuarastal uasta de €80,000. Ciallaíonn sé seo má thuilleann tú níos mó ná an méid seo, ní íocfaidh tú ach ranníocaíochtaí ar an gcéad €80,000 a thuilleann tú.
Níl aon phleananna ann faoi láthair chun ligean duit ranníocaíochtaí breise a dhéanamh, ach d’fhéadfadh sé seo a bheith ina rogha i gceann cúpla bliain.
Ní chaithfidh, ní bheidh ort conair infheistíochta a roghnú mura bhfuil tú ag iarraidh.
Feidhmeoidh an scéim straitéis réamhshocraithe, a oibreofar ar bhonn ‘saolré’. Ciallaíonn sé seo go laghdófar leibhéal riosca d’infheistíochta de réir mar a dhruideann tú don scor.
Más mian leat straitéis infheistíochta a roghnú, beidh tú in ann ceann de na roghanna seo a phiocadh:
Ní bheidh do phota uathchláraithe ráthaithe ag an Stát. Tá sé seo mar an gcéanna le haon phlean pinsin nó coigiltis eile.
Tá an Stát, trí uathchlárú, ag cabhrú leat airgead a shábháil le haghaidh scoir, ach ní leis an Stát na cistí. Méadóidh gach rannpháirtí ar leith a p(h)ota airgid féin a bhaineann leis/léi.
Ní bheidh aon éileamh ag an Stát ar an airgead sin agus ní bheidh aon cheart aige amach anseo é a úsáid chun críche ar bith. Do mhaoin phearsanta a bheidh ann i gcónaí, inrochtana i ndiaidh duit dul ar scor.
Tá roinnt céimeanna glactha againn freisin chun a chinntiú go bhfanann an t-airgead a infheistítear ar do shon chomh sábháilte agus is féidir, lena n-áirítear:
Tá uathchlárú deartha ar bhonn ‘pota i ndiaidh baill’, rud a chiallaíonn go leanfaidh do phota coigiltis scoir thú chuig do chéad phost eile. Tarlóidh sé seo go huathoibríoch nuair a chlárófar thú agus déanfar é a bhainistiú tríd an gcomhlacht nua a reáchtálfaidh an córas, mar sin ní bheidh ort aon bheart a dhéanamh.
Má tá níos mó ná post amháin agat, déanfar d’ollphá ó do phoist ar fad a mheas le haghaidh mheasúnú incháilitheachta na scéime.
Clárófar thú maidir le poist ar bith nach bhfuil ranníocaíocht fhorlíontach nó pinsean ceirde íoctha agat ina leith tríd an bpárolla. Seo thíos roinnt samplaí chun cabhrú leat:
Tá Máire 25 bliain d’aois, tá dhá phost aici agus ní dhéanann sí ranníocaíochtaí le scéim pinsin trí phárolla i gceachtar den dá phost. I bpost uimhir 1, tuilleann Máire €15,000, agus i bpost uimhir 2 tuilleann Máire €8,000. Toisc go bhfuil comhthuilleamh Mháire os cionn €20,000, déanfar Máire a uathchlárú. Ranníocfaidh sí 1.5% den phá comhlán le haghaidh gach fostaíochta. Déanfaidh an bheirt fhostóirí é seo a mheaitseáil agus cuirfidh an Stát breisiú leis.
Tá Seán 35 bliain d’aois agus tá 3 phost aige.
Toisc go dtuilleann Seán níos mó ná €20,000 idir gach fostaíocht clárófar é. Ní íocfaidh Seán, áfach, ach ranníocaíochtaí ar thuillimh ó phost uimhir 1 agus ó phost uimhir 2, ach ní ó phost uimhir 3 toisc go bhfuil sé ag déanamh ranníocaíochtaí le pinsean i leith an phoist seo cheana féin. Déanfaidh an chéad bheirt fhostóirí a chuid ranníocaíochtaí a mheaitseáil agus cuirfidh an Stát breisiú leis.
Má stopann tú ag obair ag am ar bith roimh scor, fanfaidh tú cláraithe, ach ní dhéanfaidh tú aon ranníocaíochtaí. Ina áit sin, leanfar le do choigilteas a infheistiú ar do shon. Má thosaíonn tú nó nuair a thosaíonn tú ag obair arís, tosóidh tú ag déanamh ranníocaíochtaí, fad is nach bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochtaí le pinsean forlíontach nó ceirde i do phost nua.
Má théann tú ar imirce leanfar le do phota coigiltis a infheistiú agus beidh rochtain agat air ag aois scoir.
Má fhilleann tú ar Éirinn chun obair a dhéanamh, is féidir go gclárófar thú arís má chomhlíonann tú na critéir ag an am sin.
Má fhaigheann tú bás sula dtarraingíonn tú anuas do choigilteas, beidh an pota mar chuid de d’eastát. Tarraingeofar anuas do choigilteas agus d’infheistíochtaí ag an luach atá acu ag an bpointe ar a gcuirtear in iúl don chomhlacht atá ag reáchtáil na scéime go bhfuil tú tar éis bás a fháil. Déileálfar leis na coigiltis ar an mbealach céanna is a dhéileálfar le coigilteas nó infheistíochtaí ar bith eile atá mar chuid d’eastát.
Faoi láthair, nuair a rachaidh tú ar scor, gheobhaidh tú íocaíocht chnapshuime. Cuirfear raon táirgí scoir ar fáil de réir mar a aibeoidh an córas.
Ní féidir, ní cheadófar tarraingt anuas luath ach amháin i gcás luathscoir de bharr easláinte.
Ní féidir, ach is ionann breisiú an Stáit agus faoiseamh cánach 25%.
Tá cosaintí sa reachtaíocht lena chinntiú go gcaithfidh d’fhostóir ranníocaíochtaí a dhéanamh thar do cheann. Mura ndéanann siad sin, féadfaidh siad a bheith faoi réir fíneálacha agus aisíocaíocht le hús.
Beidh tairseach ar líne ann ina mbeidh tú in ann na sonraí go léir a bhaineann le do choigilteas a fheiceáil. Dearfar an tairseach le bheith so-úsáidte, agus taispeánfar do chuid ranníocaíochtaí iomlána chomh maith le luach do phota.
Níl mórán le déanamh. Táimid ag obair le cinntiú go bhfuil uathchlárú chomh héasca agus is féidir d’fhostóirí. Ciallaíonn sé seo úsáid a bhaint as próisis atá ann cheana féin a bhfuil cur amach agat orthu, amhail bogearraí párolla. Ciallaíonn sé seo go mbeidh ort a chinntiú go bhfuil do bhogearraí párolla cothrom le dáta tar éis an ama seolta agus súil a choinneáil amach le haghaidh fógraí. Beidh tuilleadh eolais agus treoracha ar fáil gar don dáta seolta.
Reáchtálfar aon scéim pinsin reatha i gcomhthráth le huathchlárú. Ní chlárófar aon fhostaithe a bhfuil taifead acu tríd an bpárolla de ranníocaíochtaí fostaithe agus/nó ranníocaíochtaí fostóra sa scéim.
Is é an príomhchostas ná an ranníocaíocht a bheidh ort a íoc i leith gach fostaí. Tá na rátaí ranníocaíochta leagtha amach sa tábla thíos, agus ríomhfar iad bunaithe ar olltuarastal an fhostaí agus íocfar iad as an méid glan.
Tá na rátaí á dtabhairt isteach de réir a chéile thar na chéad 10 mbliana i ndiaidh sheoladh an uathchláraithe. Tá sé seo déanta chun am a thabhairt d'fhostóirí buiséad a dhéanamh le haghaidh uathchlárú.
Bliain 1 go 3 | Bliain 4 go 6 | Bliain 7 go 9 | Bliain 10+ |
1.5% | 3% | 4.5% | 6% |
Is beag costas riaracháin a bheidh ar fhostóirí, mar is é an comhlacht a bhunófar chun an córas a reáchtáil a dhéanfaidh an obair ar fad.
Is féidir. Má tá cáin chorparáide á híoc agat, beidh tú in ann faoiseamh cánach a éileamh ar ranníocaíocht an fhostóra. Ní bheidh tú in ann faoiseamh a éileamh ar ranníocaíocht an fhostaí.
Ní bheidh, níl aon phleananna ann chun iallach a chur ar fhostóirí ranníocaíocht a dhéanamh le CCSPanna.
Caithfidh, caithfear le fostaithe a roghnaíonn a bheith rannpháirteach ar a mbealach céanna leo siúd a chláraítear go huathoibríoch, agus ciallaíonn sé sin go n-íocfaidh an fostaí, an fostóir agus an Stát na rátaí socraithe mar atá leagtha amach thuas.
Ní gá, a luaithe is a bheidh ranníocaíocht phinsin íoctha trí phárolla ó fhostaí nó ó fhostóir, measfar go bhfuil clúdach pinsin ag an bhfostaí cheana féin agus ní chlárófar é/í.
Amach anseo, nuair a thagann méadú ar ranníocaíochtaí don scéim uathchláraithe, forbrófar caighdeáin le cúnamh ón Údarás Pinsean.
Ní bheidh, dearadh uathchlárú chun an t-ualach riaracháin agus an costas ar an bhfostóir a laghdú. Beidh an costas i bhfad níos ísle ná mar a bheadh sé dá mbeadh an dara scéim pinsin á riar agat.
Ach má tá imní ort faoi seo go fóill, seo an t-am anois chun labhairt le d’fhostaithe faoina mbeith rannpháirteach sa scéim reatha.
Má tá tréimhsí feithimh i bhfeidhm i do scéim reatha is dócha go gclárófar roinnt fostaithe go huathoibríoch in uathchlárú. Mar sin féin, beidh siad in ann roghnú gan a bheith rannpháirteach ann tar éis 6 mhí agus dul isteach i do scéim reatha más toil leo. Mar fhostóir, b’fhéidir gur mhaith leat téarmaí agus coinníollacha reatha do scéime pinsin a mheas.
Is é an freagra simplí air seo ná go mbraitheann sé ar an aicme ÁSPC a bhfuil tú ag ranníoc tríd mar úinéir-stiúrthóir. Má íocann tú ÁSPC mar fhostaí agus má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta, clárófar thú. Ach má tá tú cláraithe mar dhuine féinfhostaithe ní bheidh tú incháilithe ansin.
Ní bheidh, ní bheidh daoine féinfhostaithe san áireamh sa scéim uathchláraithe. Tá sé seo amhlaidh mar gheall ar na castachtaí a bhaineann le daoine féinfhostaithe a áireamh i scéim párolla bunaithe ar bhogearraí. D’fhéadfaí é tuilleadh fiosraithe a dhéanamh air seo amach anseo. Spreagtar daoine féinfhostaithe céimeanna a ghlacadh le cinntiú go mbaineann siad leas as an soláthar pinsin atá ar fáil dóibh faoi láthair agus as an bhfaoiseamh cánach a bhaineann leis.
Ní theastaíonn, is comhlacht lárnach a dhéanfaidh uathchlárú a riaradh agus mar sin ní gá seirbhísí bróicéara a fhostú.
Bainfear úsáid as ‘tréimhse thagartha pá’ chun a chinneadh an mbainfidh fostaí an tairseach tuillimh amach i mbliain áirithe. Trí úsáid a bhaint as an toimhde shimplí seo maidir le tuilleamh, ciallaíonn sé go mbeidh tréimhse feithimh níos lú sula mbeidh fostaí in ann leas a bhaint as uathchlárú. I gcás roinnt post, beidh sé soiléir ar ‘Lá 1’ go gcomhlíonann siad an critéar tuillimh. I gcás daoine eile, b’fhéidir go dtógfadh sé suas le 13 seachtaine le bheith cinnte.
Mar fhostóir beidh ort tuairisceán ar leith a dhéanamh tríd an bpárolla go díreach chuig an gcomhlacht lárnach a riarann an scéim. Cuirfear eolas ar an gcaoi a n-oibreoidh an próiseas seo ar fáil d'fhostóirí níos gaire don dáta seolta.
Déanfar na ríomhanna ar ranníocaíochtaí trí na bogearraí párolla atá agat cheana féin.