Údarás Dóiteáin
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá 30 aonad soláthair seirbhíse dóiteáin ag feidhmiú ar leibhéal an údaráis áitiúil. Tá 218 stáisiún dóiteáin ann ar fud na tíre agus 3,245 bhall foirne seirbhíse dóiteáin ag obair sa tseirbhís sin. Astusan tá 1,170 fosaithe go lánaimseartha agus coinnítear 2,034 (ar bhonn 24 uair an chloig). Tá liosta na stáisiún agus na n-údarás dóiteáin le fáil ar thaobh na láimhe deise de do scáileán faoin rannóg Foilseachán agus Doiciméad.
Tá buiséad bliantúil de 240m euro ag na hÚdaráis Áitiúla chun an tseirbhís dóiteáin a sholáthar. Ról leathan atá ag na seirbhísí dóiteáin. I measc na ngníomhaíochtaí a bhíonn ar bun ag an tseirbhís sin tá:
"Pobail a Choimeád Slán" sa doiciméad beartais seo leagtar síos treoirphlean le haghaidh sheirbhísí dóiteáin na hÉireann, lena n-áirítear athailíniú ar struchtúir ionas gur féidir seirbhísí dóiteáin níos éifeachtaí a sholáthar. Ciallaíonn sé sin gur féidir le seirbhísí dóiteáin fanacht mar fheidhm den údarás áitiúil agus an bhéim is mó a leagan ar chinnteoireacht áitiúil agus ar chuntasacht áitiúil pholaitiúil. Faoi KCS tá an soláthar seirbhíse le hathmhúnlú agus an líon seirbhísí dóiteáin le laghdú ó 30 mar atá faoi láthair chuig 21, ag cuimsiú 14 údarás aonair dóiteáin agus 7 gcinn de ‘sheirbhísí comhroinnte’.
Bhí an tAcht Briogáideacha Tóiteáin, 1940 in bhonn don chóras comhrac dóiteáin atá i bhfeidhm ar fud na tíre. Faoin Acht sin bheadh sé éigeantach d’údaráis áitiúla, idir uirbeach is thuaithe, a chinntiú go mbeadh grúpa ar fáil ina gceantar chun freagairt do dhóiteáin sa cheantar agus chun daoine a chosaint. Bhí ar na húdaráis maoiniú a sholáthar iad féin le haghaidh na ngrúpaí sin. D’fhéadadh an t-údarás áitiúil é sin a dhéanamh trí bhriogáid dóiteáin a bhunú (agus sa chás sin tugadh údaráis briogáide dóiteáin air) nó trína aontú le húdarás eile (nó le daoine eile) briogáid dóiteáin a bheith ann a chlúdach a cheantar.
Bhí sé de chumhacht ag an té a bhí ina (h)Aire Rialtais Áitiúil ag an uair fiosrúchán a dhéanamh, i gcás go bhfuarthas gearán, maidir le leorgacht an tsoláthair a bhí á dhéanamh ag an údarás áitiúil, agus d’fhéadfadh sé nó sí, i gcásanna áirithe, a cheangal ar an údarás áitiúil comhoibriú maidir le soláthar seirbhíse dóiteáin.
Bunaíodh na seirbhísí dóiteáin faoin Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981 agus cuireadh oiliúint ar fhoireann dá léir, idir phearsanra comhrac dóiteáin agus phearsanra sábháilteachta dóiteáin, agus daoine eile a bhí ag plé le cúrsaí cosanta daoine agus maoine ó dhóiteán. Nuashonraíodh an tAcht sa bhliain 2003.