ULLMHACHT SLÁINTE
Ó An Roinn Cosanta; Office of Emergency Planning ga
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Cosanta; Office of Emergency Planning ga
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cinntigh go bhfaigheann tú do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS) sula dtéann tú thar lear. Ceadaíonn CEÁS duit cúram sláinte a fháil saor in aisce, nó ar chostas laghdaithe, i stát AE eile nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). Clúdaíonn sé thú má tá tú ar saoire, nó ar cuairt ghearrthéarmach níos lú ná trí mhí. Beidh cárta ag teastáil le haghaidh gach ball de do theaghlach. Is féidir an cárta a fháil saor in aisce agus níl aon táille le híoc chun iarratas a dhéanamh ar chárta. Tógann sé thart ar dheich lá oibre an cárta a fháil i ndiaidh duit iarratas a dhéanamh. Gheobhaidh tú na sonraí iomlána maidir le conas iarratas a dhéanamh ar www.hse.ie
Is í ailse chraicinn an cineál ailse is coitianta, cé go bhfuil beagnach gach ailse inchoiscthe tríd an gcraiceann a chosaint ó radaíocht UV (ultraivialait). Forbraíonn ailse chraicinn nuair a dhéantar damáiste do chealla agus nuair a fhásann siad gan smacht. Is í neamhchosaint ar ghathanna UV, ón ngrian nó ó leapacha gréine, an chúis is coitianta atá le hailse chraicinn. Déantar radaíocht UV a thomhas trí úsáid a bhaint as innéacs UV – tá sé seo ag an leibhéal is airde in Éirinn idir Aibreán agus Meán Fómhair agus sroichtear na buaicleibhéil idir 11am agus 3pm fiú amháin nuair a bhíonn scamaill sa spéir. Tá tú go mór i mbaol má chaitheann tú go leor ama amuigh faoin aer, mar gheall ar do chuid oibre nó gníomhaíochtaí áineasa. Tá sé thar a bheith tábhachtach craiceann leochaileach naíonán agus leanaí óga a chosaint.
• Bí ar an eolas faoin Innéacs UV: Nuair a bhíonn an t-innéacs UV cothrom le 3 nó níos airde ní mór duit do chraiceann a chosaint. In Éirinn, is iondúil go dtarlaíonn sé seo idir Aibreán agus Meán Fómhair, fiú amháin nuair a bhíonn sé scamallach.
• Pleanáil do lá chun teorainn a chur leis an méid ama a chaitheann tú amuigh faoin ngrian nuair atá an UV ag an leibhéal is láidre, idir 11am agus 3pm de ghnáth.
• Coinnigh d’áit chónaithe fionnuar. Baineann tábhacht leis seo i gcás naíonán, daoine scothaosta nó daoine ag a bhfuil riochtaí ainsealacha sláinte nó daoine nach bhfuil ar a gcumas aire a thabhairt dóibh féin.
• Coinnigh fuinneoga a bhfuil an ghrian ag scalladh isteach iontu dúnta i rith an lae, agus oscail fuinneoga san oíche nuair a bhíonn an teocht laghdaithe.
• Dún cuirtíní ar fhuinneoga a mbíonn an ghrian ag scalladh isteach
iontu ar maidin nó sa tráthnóna.
• Cas as soilse agus trealamh leictreach nach bhfuil ag teastáil –
gineann siad teas.
D’fhéadfadh teas an-ard a bheith mar bhonn le traochadh, stróc teasa agus riochtaí sláinte atá ag duine cheana féin a dhéanamh níos measa. Tá daoine atá an-óg, daoine scothaosta, agus daoine ag bhfuil bunghalair agus daoine atá go dona tinn i mbaol fadhbanna sláinte nuair a ardaíonn teochtaí.
Ná fág leanaí ina n-aonar i bhfeithiclí te riamh. Fan taobh istigh i rith na n-uaireanta is teo den lá (11am- 3pm) agus cuir teorainn leis an méid ama a chaitheann tú amuigh faoin ngrian. Ól Neart Uisce.