Vótáil na nOileán
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá roinnt oileán áitrithe thart ar chósta na hÉireann. Le linn na dtoghchán, cuirtear ionaid vótála ar bun ar 19 de na hoileáin sin, ionas nach gá do chónaitheoirí taisteal chuig an mórthír chun vóta a chaitheamh.
Rinne Cuid 8 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022, na cóid toghcháin a leasú chun foráil a dhéanamh go mbeidh an vótáil ar na hoileáin sin ar siúl an lá céanna leis an gcuid eile den tír. Nuair is gá, tá áis ann chun líon na n-uaireanta vótála ar na hoileáin sin a ghiorrú sa chás go n-éilíonn cúinsí áitiúla é.
Ar an 21 Bealtaine 2024, rinne an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, Ordú ina gceaptar na huaireanta a mbeidh an vótaíocht ar siúl lena linn ar oileáin áirithe.
Is iad na hamanna vótála do na hoileáin don vótaíocht sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha ar an Aoine 07 Meitheamh 2024 ná:
Inis Bó Finne - 07.00 a.m. – 9.00 p.m.
Inis Bigil - 9.30 a.m. - 6.30 p.m.