English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Eolas

Inrochtaineacht

  • Foilsithe: 26 Iúil 2018
  • An t-eolas is déanaí: 12 Eanáir 2024


Ráiteas ar thiomantas

Tá rialtas na hÉireann tiomanta do gov.ie a dhéanamh inrochtana de réir I.R. 358/2020.

Táimid tiomanta do chaighdeán AA faoi threoirlínte WCAG 2.1 a bhaint amach.

Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le gov.ie amháin - ní le láithreáin rialtais ná le fofhearainn eile.


Stádas comhlíontachta

Cloíonn gov.ie go páirteach le treoirlínte WCAG 2.1 AA.

Inneachar neamh-inrochtana

Táblaí: Níl ceanntásca sainithe i gceart ag roinnt táblaí ar gov.ie. Fágann sé sin go bhfuil sé níos deacra do dhaoine a úsáideann léitheoirí scáileáin nó bogearraí aitheanta gutha an t-ábhar ar an suíomh a léamh. ( Treoirlíne WCAG 1.3.1)

Íomhánna: Níl tuairiscí grianghraf (nó meiteathuairisc) ag gach íomhá ar gov.ie. Mura mbíonn na tuairiscí cearta ag íomhánna, ní fhoghlaimeoidh úsáideoir a bhraitheann ar theicneolaíochtaí cúnta an fhaisnéis a chuirtear in iúl san íomhá ( treoirlínte WCAG 1.1.1)

PDFanna: Foilsítear go leor doiciméad mar PDFanna - nach bhfuil chomh hinrochtana le leathanaigh HTML do dhaoine a úsáideann teicneolaíochtaí cúnta. I measc na ndeacrachtaí le PDFanna tá:

• nach bhfuil siad leabharmharcáilte ( external-link https://www.w3.org/WAI/WCAG21/Techniques/pdf/PDF2 | treoirlíne WCAG 2.4.5 ])

• nach bhfuil táblaí in PDFanna sainithe ( treoirlíne WCAG 1.3.1)

Ní liosta uileghabhálach d'ábhar neamh-inrochtana é an t-inneachar sin.

Inneachar díolmhaithe

Tá doiciméid PDF a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2018 díolmhaithe ó na treoirlínte seo ach amháin sa chás go mbaineann siad le seirbhís nach mór do dhuine den phobal a úsáid.

Tá físeáin nó fuaim a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2020 díolmhaithe ó na treoirlínte seo


Conas a dhéanaimid tástáil ar an suíomh gov.ie

Bainimid úsáid as treoirlínte AA leibhéal WCAG chun tástáil a dhéanamh ar a inrochtana is atá gov.ie. D'úsáid muid cur chuige na Modheolaíochta Meastóireachta Comhréireachta ar Inrochtaineacht Láithreán Gréasáin (WCAG-EM) chun an suíomh a mheas.

Tá iniúchtaí inrochtaineachta curtha i gcrích againn agus rinne muid tástáil úsáideora ar an suíomh. Leanfaimid orainn á dhéanamh sin - go háirithe nuair is féidir linn tástáil a dhéanamh arís ar bhonn pearsanta.


Conas a dhéanfaimid inrochtaineacht a fheabhsú ar gov.ie

• táimid chun tuairiscí grianghraf a dhéanamh éigeantach ar gov.ie agus spotseiceálacha rialta a dhéanamh ar ghrianghraif ar fud na ranna go léir ar bhonn ráithiúil

• leanfaimid orainn ag obair le ranna chun a chinntiú go bhfuil siad ag foilsiú leathanaigh HTML in ionad formáidí nach bhfuil chomh hinrochtana amhail PDF

• leanfaimid orainn ag áitiú gur Béarla simplí a úsáidfidh ranna chun cur síos a dhéanamh ar sheirbhísí a mbeidh baill den phobal ag brath orthu


Aiseolas agus faisnéis teagmhála

Tá gach roinn freagrach as a hábhar féin ar gov.ie.

Má tá aon ghearáin agat faoi inrochtaineacht an ábhair a úsáidtear ar shuíomh roinne – is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Rochtana ábhartha do Dhaoine faoi Mhíchumas i ngach roinn.

Géarú ar Ghearán

Mura bhfuil tú sásta le freagra na Roinne, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman faoin Acht um Míchumas.

Tugadh an ráiteas seo cothrom le dáta an 9 Meitheamh 2021.