Maidir le gov.ie
- Foilsithe: 23 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Is tairseach lárnach é gov.ie do sheirbhísí agus faisnéis rialtais. Comhcheanglaíonn sé suíomhanna Gréasáin ranna rialtais na hÉireann agus is foinse iontaofa é a dhéanann idirghníomhaíochtaí leis an rialtas níos dírithe ar an úsáideoir.
Is é aidhm gov.ie faisnéis a chur i láthair ar bhealach soiléir, sothuigthe agus inrochtana.
Tá gov.ie á fhorbairt ag foireann atá lonnaithe in Oifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais (OGCIO) sa Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe.
Lean gov.ie
Féadfaidh tú forbairtí r-Rialtais a leanúint ar X (Twitter) @govdotie.
Má tá tú ag lorg seirbhísí ó roinn nó eagraíocht rialtais áirithe, féach ar an liosta seo.