Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Fógra Príobháideachais – TeachtaireachtaíIE


Rialaitheoir Sonraí

Chun na críche atá cumhdaithe ag an bhfógra príobháideachais seo, is iad na rialaitheoirí sonraí an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin (DPER) agus na Comhlachtaí Earnála Poiblí (PSBanna) a sheolann teachtaireachtaí ar TeachtaireachtaíIE.

Is é DPER an rialaitheoir sonraí do shonraí Aitheantais Seirbhíse Poiblí (PSI) a phróiseáiltear nuair a dhéanann tú fíordheimhniú ag úsáid MyGovID. Ní roinntear sonraí PSI le haon PSB.

Is iad na PSBanna na rialaitheoirí sonraí d’aon teachtaireachtaí, agus d’aon cheangaltáin, a sheoltar chugat trí TeachtaireachtaíIE a úsáid, agus is é gach PSB an rialaitheoir sonraí do gach teachtaireacht shonrach a sheolann sé.

Tá sonraí teagmhála na nOifigeach Cosanta Sonraí éagsúla liostaithe thíos.

Cuspóir próiseála

Is é cuspóir na próiseála sásra slán a sholáthar do Chomhlachtaí Earnála Poiblí chun teachtaireachtaí, lena n-áirítear ceangaltáin chomhad, a sheoladh go leictreonach chuig baill shonracha de phobal na hÉireann.

Bunús dlí faoin bpróiseáil

Tá an Comhlacht Seirbhíse Poiblí a sheolann an teachtaireacht chugat freagrach as a chinntiú go bhfuil bunús dlíthiúil ann, faoin dlí um chosaint sonraí, chun aon sonraí pearsanta, nó catagóirí speisialta sonraí pearsanta, a phróiseáil sna teachtaireachtaí a sheolann sé chugat. Is é an Comhlacht Earnála Poiblí an rialaitheoir sonraí maidir le haon teachtaireachtaí a sheolann sé chugat.

Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil seans maith ann go mbeidh sonraí pearsanta i dteachtaireachtaí a sheoltar chugat trí TeachtaireachtaíIE agus, i gcásanna áirithe, go bhféadfadh catagóirí speisialta sonraí pearsanta (sonraí pearsanta íogaire) a bheith iontu freisin mar a shainmhínítear in airteagal 9 de RGCS.

Próiseálann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Fostaíochta do shonraí Aitheantais Seirbhíse Poiblí (PSI) mar chuid den phróiseas fíordheimhnithe ag úsáid MyGovID. Nuair a dhéanann úsáideoir fíordheimhniú, roinntear na tréithe PSI seo a leanas idir an Roinn Coimirce Sóisialaí (a riarann MyGovID) agus DPER: Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP), Céadainm, Sloinne agus Dáta Breithe. Is é cuspóir chomhroinnt na sonraí PSI a chinntiú nach mbeidh ach duine a bhfuil fíordheimhniú déanta aige ar MyGovID in ann rochtain a fháil ar an gcuntas TeachtaireachtaíIE cuí a mheaitseálann na sonraí PSI a roinntear. Beidh cuntas fíoraithe ag teastáil uait ar MyGovID chun rochtain a fháil ar do chuntas ar TeachtaireachtaíIE.

Is é alt 262(6) den Acht Comhdhlúthaithe Leasa Shóisialaigh 2005 an bunús dlíthiúil don chomhroinnt seo ar shonraí PSI. Cuirtear comhroinnt sonraí PSI ar bhonn foirmiúil freisin i gcomhaontú comhroinnte sonraí idir DPER agus an Roinn Coimirce Sóisialaí. Ba chóir a thabhairt faoi deara gur comhlacht sonraithe é DPER faoi Sceideal 5 den Acht Comhdhlúthaithe Leasa Shóisialaigh 2005 agus go bhfuil cead dlíthiúil acu sonraí PSI a phróiseáil. Ní roinnfear aon sonraí PSI le haon PSB a úsáideann TeachtaireachtaíIE.

Tá sainchúram ar an Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin faoi alt 10(1) d’Acht na nAirí agus na Rúnaithe 2011, chun an earnáil phoiblí a nuachóiriú, chun go gcuirfidh comhlachtaí seirbhíse poiblí ar chumas seirbhísí a sholáthar go héifeachtúil agus go héifeachtach, agus chun luach ar airgead a chur chun cinn i soláthar seirbhísí poiblí. Cuireann DPER TeachtaireachtaíIE ar fáil mar sheirbhís do PSBanna mar bhealach amháin chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Is é an bunús dlíthiúil maidir le forbairt TeachtaireachtaíIE próiseáil atá riachtanach chun tasc a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, leis an mbonn atá leagtha síos in alt 10(1) d’Acht na nAirí agus na Rúnaithe 2011

Nuair a úsáideann tú Teachtaireachtaí den chéad uair, iarrfar ort do thoiliú a thabhairt do Chomhlachtaí Earnála Poiblí faisnéis a sheoladh chugat i bhformáid leictreonach. Má bhaineann tú an toiliú seo, féadfar do chuntas TeachtaireachtaíIE a scriosadh, agus fillfidh Comhlachtaí Earnála Poiblí ar an bhfaisnéis sin a sheoladh chugat ar bhealaí eile (e.g. tríd an bpost)

Na sonraí a úsáidimid

Próiseálfaidh DPER, mar rialaitheoir sonraí don phróiseas fíordheimhnithe, do shonraí PSI chun fíordheimhniú a éascú nuair a logálann tú isteach i do chuntas ar TeachtaireachtaíIE.

Próiseálfaidh na PSBanna na sonraí pearsanta sna teachtaireachtaí a sheolann siad chugat. Tabhair faoi deara nach féidir leat teachtaireachtaí a sheoladh chuig PSB ar TeachtaireachtaíIE, mar sin ní bheidh aon sonraí pearsanta á bpróiseáil ach amháin sonraí pearsanta atá i seilbh an PSB cheana féin.

Cén chaoi a mbailímid do shonraí

Is iad na sonraí PSI amháin a bhailíonn TeachtaireachtaíIE uait, a roinntear ón Roinn Coimirce Sóisialaí, nuair a dhéanann tú fíordheimhniú le MyGovID

Cén chaoi a n-úsáidimid do shonraí

Is iad do shonraí PSI na sonraí pearsanta amháin a sholáthraíonn tú, trí fhíordheimhniú le MyGovID. Déanann DPER é seo a phróiseáil lena chinntiú nach féidir ach leatsa logáil isteach i do chuntas TeachtaireachtaíIE. Ní roinntear na sonraí PSI le duine ar bith eile, lena n-áirítear na PSBanna a d'fhéadfadh a bheith ag seoladh teachtaireachtaí chugat.

An roinnimid do shonraí pearsanta le haon tríú páirtí?

Ní roinntear aon chuid de do shonraí pearsanta le haon tríú páirtí.

Cé chomh fada is a choinnímid do shonraí

Coinneofar do shonraí PSI agus déanfar iad a nuashonrú de réir mar is gá gach uair a logálann tú isteach i MyGovID, fad a choinníonn tú cuntas ar TeachtaireachtaíIE.

Is iad na PSBanna a chinnfidh na tréimhsí coinneála d’aon teachtaireachtaí a sheolann siad chugat ar TeachtaireachtaíIE.

Do chearta

Táthar ag súil go gceadóidh leagan de TeachtaireachtaíIE amach anseo duit do chuntas TeachtaireachtaíIE a dhúnadh agus aon teachtaireachtaí ann a scriosadh. Idir an dá linn, is féidir leat iarratas a dhéanamh air seo trí ríomhphost a sheoladh chuig support@bts.cloud.gov.ie

I measc na gceart eile atá agat faoi RGCS, tá:

Rochtain ar do shonraí pearsanta (airteagal 15 de RGCS). Tá eolas maidir le hIarratas Duine ar a Shonraí a dhéanamh i dtaca le do shonraí PSI ar fáil ar an leathanach gréasáin seo. Maidir leis na teachtaireachtaí féin, ba cheart go mbeifeá in ann rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta go léir i do theachtaireachtaí trí logáil isteach i do chuntas ar TeachtaireachtaíIE

Coigeartú na sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leatsa (airteagal 16 – RGCS).
I gcásanna áirithe, an ceart do shonraí pearsanta a scriosadh (airteagal 17 de RGCS)
I gcásanna áirithe, an ceart srian a chur le próiseáil do shonraí pearsanta (airteagal 18 de RGCS)
An ceart chun iniomparthacht sonraí (airteagal 20 de RGCS)

Chun do chearta a dhearbhú faoi airteagail 16 go 18 faoi RGCS, maidir le haon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dteachtaireacht a sheoltar chugat, beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís phoiblí ábhartha chun seo a dhéanamh.

Tugtar sonraí teagmhála na nOifigeach um Chosaint Sonraí thíos

Cén chaoi le gearán a dhéanamh

Má tá imní ort faoin gcaoi a bpróiseáiltear sonraí pearsanta, ná bíodh drogall ort an imní sin a chur in iúl dúinn. Lena dhéanamh seo, is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí na Roinne Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe ag dataprotection@per.gov.ie nó leis an Oifigeach um Chosaint Sonraí don BSP a sheol teachtaireacht chugat a bhfuil imní ort fúithi.

Is féidir teacht ar Fhógra Príobháideachais don Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin ar ár leathanach cosanta sonraí.

Is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí freisin. Is iad seo a leanas sonraí teagmhála an Choimisiúin:

An Coimisiún um Chosaint Sonraí
6 Rae Pheambróg
Baile Átha Cliath 2
D02 X963
Éire

1800 437 737 / (01) 765 0100

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún go leictreonach trí fhoirmeacha gréasáin ar an suíomh gréasáin

Faisnéis a bhailímid go rialta

D’fhéadfadh sé go mbaileoimis an fhaisnéis seo a leanas uait

  • Faisnéis staidrimh (Seoladh IP agus óstainm, leagan brabhsálaí gréasáin, leathanaigh ar tugadh cuairt orthu etc.).
  • Déanann TeachtaireachtaíIE faisnéis maidir le seoladh IP a thaifeadadh. Coinnítear Seoltaí IP go ceann tréimhse éiginnte ar chúiseanna slándála agus chun mí-úsáid an tsuímh ghréasáin a chosc.
  • An seoladh suímh gréasáin ónar tháinig tú chugainn lena n-áirítear aon téarmaí cuardaigh a úsáideadh. Cabhraíonn sé seo linn tuiscint a fháil ar an gcaoi ar tháinig tú ar TeachtaireachtaíIE.
  • Do rogha teanga (Béarla/Gaeilge), chun TeachtaireachtaíIE a thaispeáint i do rogha teanga
  • An dáta agus an t-am a théann tú chuig ár suíomh. Cabhróidh an fhaisnéis seo linn do thaithí a fheabhsú, tréimhsí buaic-úsáide a aithint, agus an réiteach a bhainistiú.

Ní dhéanfaimid aon iarracht cuairteoirí aonair a shainaithint agus ní cheanglóimid na sonraí teicniúla atá leagtha amach thuas le haon úsáideoir aonair. Tá sé de pholasaí againn gan a leithéid d’fhaisnéis theicniúil maidir le cuairteoirí faoi leith ar an suíomh gréasáin a nochtadh d’aon tríú páirtí ach amháin má tá sonraithe go ndéanfar a leithéid, nó má bhímid faoi cheangal an fhaisnéis sin a nochtadh mar gheall ar riail dlí. Ní úsáidfear an fhaisnéis atá leagtha amach thuas ach chun críocha staitistiúla, slándála agus teicniúla.

Fianáin

Is píosaí beaga d’fhaisnéis iad fianáin, a stóráiltear i gcomhaid shimplí téacs, a chuireann suíomh gréasáin ar do ríomhaire. Féadann an suíomh gréasáin roinnt fianán a léamh nuair a thagann tú ar ais chuig an suíomh. D’fhéadfadh sé go mbainfeadh an fhaisnéis a bheadh stóráilte i bhfianán le do chuid gníomhaíochtaí brabhsála ar an suíomh, nó gur aitheantóir uathúil a bheadh ann le go bhféadann an suíomh ‘cuimhneamh’ ort nuair a thagann tú ar ais. Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí gréasáin. Ní bhaineann siad sin ach le hoibriú an tsuímh gréasáin, áfach. De ghnáth, ní bhíonn aon fhaisnéis phearsanta lena n-aithneofaí thú san fhianán, chomh fada agus nár thug tú a leithéid d’eolas don suíomh gréasáin cheana féin. Bíodh a fhios agat, má mhúchann tú fianáin nó má athraíonn tú do chuid socruithe, go bhféadfadh sé nach bhfeidhmeodh roinnt gnéithe den suíomh gréasáin mar is ceart.

Fianáin ar an suíomh gréasáin seo

Úsáidtear fianáin sna cásanna seo a leanas:

  • Socraítear fianán chun cuimhneamh ar do rogha teanga
  • Socraítear fianán chun cuimhneamh go bhfuil tú logáilte isteach le MyGovID. Cuidíonn sin leis úsáideoir gan bheith orthu logáil isteach le MyGovID arís, má athnuachan tú an brabhsálaí.
  • Socraítear fianán chun faisnéis faoin sreabhadh logála isteach a choinneáil go sealadach, chun atreoruithe a láimhseáil i gceart.
  • Socraítear fianán slándála sula ndéantar doiciméad a íoslódáil. Glantar an fianán go huathoibríoch tar éis an doiciméad a íoslódáil.
  • Úsáidtear fianáin Google Analytics chun anailís agus monatóireacht suímh a dhéanamh (tuilleadh faisnéise thíos).

Google Analytics

Ní úsáidtear Google Analytics ach ar an suíomh gréasáin faisnéiseach – níl sé suiteáilte ar leathanaigh do chuntais agus níl aon rochtain aige ar aon fhaisnéis ná sonraí pearsanta ar do chuntas TeachtaireachtaíIE.

Úsáidimid Google Analytics, seirbhís anailísíochta gréasáin a chuireann Google, Inc. (‘Google’) ar fáil. Baineann Google Analytics, mar aon le TeachtaireachtaíIE, úsáid as ‘fianáin’, is téacschomhaid iad sin a chuirtear ar do ríomhaire chun cuidiú leis an suíomh Idirlín anailís a dhéanamh ar an tslí a mbaineann úsáideoirí úsáid as an suíomh. Déanfar an fhaisnéis a stórálann TeachtaireachtaíIE sna fianáin (lena n-áirítear do sheoladh IP) a tharchur chuig freastalaithe Google agus stórálfaidh Google iad ar fhreastalaithe Google ar feadh tréimhse 26 mhí. Úsáidfear an fhaisnéis seo chun úsáid TeachtaireachtaíIE a mheas, agus tuarascálacha ginearálta ar ghníomhaíocht a thiomsú, agus taithí an úsáideora a fheabhsú.

Sonraí Teagmhála na nOifigeach um Chosaint Sonraí

An Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin – dataprotection@per.gov.ie nó an tOifigeach um Chosaint Sonraí, Foirgnimh an Rialtais, Sráid Mhuirfean Uachtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 R583

An Roinn Oideachais agus Óigedpo@education.gov.ie nó an tOifigeach um Chosaint Sonraí, An Roinn Oideachais agus Óige, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Contae na hIarmhí, N35 X659