Cruthaigh cuntas
- Foilsithe: 22 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 16 Iúil 2025
Cruthaigh cuntas
Chun do TeachtaireachtaíIE a úsáid beidh cuntas MyGovID fíoraithe ag teastáil uait
Déanfar rochtain aonair ar an Digiteach a fhíordheimhniú trí MyGovID.
Cinnteoidh MyGovID go mbeidh rochtain an duine ar an TeachtaireachtaíIE sábháilte agus slán.
Níl cuntas MyGovID agam
Tá cuntas MyGovID fíoraithe agam
Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí
Beidh sé ar chumas na gComhlachtaí Seirbhíse Poiblí seo a leanas (liostaithe thíos) teachtaireachtaí a sheoladh chugat. Is féidir an liosta seo a leagsú ó am go chéile, agus cuirfear ar an eolas thú má chuirtear aon chomhlacht eile leis an liosta.
Tá smacht iomlán agat ar cé is féidir agus cé nach féidir teachtaireachtaí a sheoladh chugat, tríd an ngné “bainistigh seoltóiri” sa TeachtaireachtaíIE. Ag am ar bith, is féidir leat Comhlacht Seirbhíse Poiblí ar leith a stopadh ó do chuid teachtaireachtaí a sheoladh go dtí do TeachtaireachtaíIE.
Tá liosta oifigiúil na gcomhlachtaí sonraithe i Sceideal 5 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005 (arna leasú). Is féidir leis na comhlachtaí poiblí atá liostaithe sa sceideal seo teachtaireachtaí a sheoladh chuig do TeachtaireachtaíIE. Féach an liosta thíos ar mhaithe le héascaíocht.