Ceapachán le Bord Clárúcháin na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar ainmniúchán an Aire Oideachais, tá an tOllamh Muiris Ó Laoire ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., mar chomhalta de Bhord Clárúcháin na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga le héifeacht ón 29 Márta 2023 go dtí an 28 Márta 2027.
Mar gheall ar an obair idirnáisiúnta atá déanta aige mar thaighde agus mar léachtóir ar cuairt/aoi-léachtóir, tá taithí fada fairsing ag an Ollamh Ó Laoire ar a bheith ag obair i gcomhar le gníomhaireachtaí lasmuigh den stát agus tá eolas an-mhaith aige ar chórais agus cáilíochtaí oideachais éagsúla. De bharr an oiread taithí atá aige mar scrúdaitheoir seachtrach ar thráchtas dochtúireachta in go leor ollscoileanna oideachais in Éirinn agus thar lear, tá an-eolas aige ar chaighdeáin idirnáisiúnta agus ar thagarmharcanna inniúlachta agus dearbhaithe cáilíochta. Oibríonn sé i gcomhar le Ceann na Roinne san MTU ar Ghrúpa um Eitic Taighde chun tograí taighde ag an leibhéal fochéime a mheas agus tá sé ina Chathaoirleach ar bhord cúrsaí ECEC.