Athcheapachán ar Bhord Ospidéal Thamhlachta:
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar a ainmniú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, rinne Stephen Donnelly T.D., an tAire Sláinte, an duine seo a leanas a athcheapadh mar chomhalta de Bhord Ospidéal Thamhlachta ar feadh tréimhse trí bliana le héifeacht ón 2 Márta 2023:
D’fhóin John mar Chathaoirleach ar Bhord Ericsson Ireland, ar Bhord an Údaráis um Ard-Oideachas, ar Bhord Killarney Telecommunications Limited, ar Bhord Screen Producers Ireland, ar Bhord roinnt ospidéal géarmhíochaine i mBaile Átha Cliath agus chaith sé breis agus 40 bliain ar obair a dhéanamh sa tionscal teileachumarsáide, áit ar shealbhaigh sé poist idirnáisiúnta shinsearacha in Ericsson, cuideachta teileachumarsáide ilnáisiúnta ón tSualainn.
Bhí John ar an Stiúrthóir Bainistíochta ar Ericsson Ireland idir an bhliain 2003 agus an bhliain 2011 agus bhí sé ina chomhalta boird agus ar an gCathaoirleach idir an bhliain 2003 agus an bhliain 2013. Bhí John ina bhall de roinnt boird chomhairleacha de chuid an Rialtais agus ina chomhalta de bhord rialaithe Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann idir an bhliain 2006 agus an bhliain 2014.
Bhí sé ina chomhalta neamhfheidhmiúcháin boird agus ar an gCathaoirleach ar Choiste Iniúchóireachta an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais idir an bhliain 2008 agus an bhliain 2016. Anuas air sin, bhí sé ina Leaschathaoirleach agus ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn, idir an bhliain 2011 agus an bhliain 2019, ina Stiúrthóir ar Ospidéal San Séamas idir an bhliain 2013 agus an bhliain 2016, ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar Ghrúpa an Ospidéil do Leanaí idir an bhliain 2013 agus an bhliain 2016. Chomh maith leis sin, bhí sé ar an gCathaoirleach ar Líonra na Stiúrthóirí Cairte idir an bhliain 2009 agus an bhliain 2012 agus ina chomhairleoir do roinnt cuideachtaí nuathionscanta in Éirinn.
Ar leithligh ón obair sin, bhí John ina Stiúrthóir agus ar an gCathaoirleach ar Killarney Telecoms idir an bhliain 2011 agus an bhliain 2018 agus ina Stiúrthóir ar Screen Producers Ireland idir an bhliain 2014 agus an bhliain 2017. Sholáthair John Seirbhísí Comhairleachta maidir le Straitéis, Bainistíocht Athruithe agus Rialachas do roinnt comhlachtaí san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí. Anuas air sin, d’oibrigh John mar mheantóir do ghnólachtaí nuathionscanta agus, trí GFT Éireann, d’fhochuideachtaí corparáide ilnáisiúnta ó na Stáit Aontaithe atá bunaithe in Éirinn.
Tá John ina innealtóir agus ina chéimí de chuid Choláiste na Tríonóide, de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, de chuid Choláiste Teicneolaíochta Shráid Chaoimhín, de chuid Ollscoil Navarra agus de chuid Ollscoil Columbia. Chomh maith leis sin, tá John ina Chomhalta d’Acadamh Innealtóireachta na hÉireann agus ina Stiúrthóir Cairte