Ceapachán ar Bhord Shláinte Leanaí Éireann:
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis feachtas Sheirhís Ceapachán Poiblí, tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., tar éis an tUasal McLoughlin a cheapadh ar Bhord Shláinte Leanaí Éireann le héifeacht ón 31 Eanáir 2023 go dtí an 24 Nollaig 2023.
Tá idir thaithí ghairmiúil agus taithí acadúil ag an Uasal McLoughlin ar an airgeadas. Is Comhalta Cuntasóra Chreidiúnaithe agus Comhalta d’Institiúid na Bainistíochta Riosca é agus cáilíochta iarchéime aige san fhiontraíocht, san inbhuanaitheacht agus sa bhaol aeráide. Tá sealanna caite aige i róil feidhmiúcháin shinsearaigh agus chomhairleacha san earnáil phríobháideach agus phoiblí, san earnáil airgeadais agus riosca, agus tá teist rathúlachta air i dtaca le airgeadas tionscadal agus bainistíocht sócmhainní, lena n-áirítear idirbhearta casta poiblí-príobháideacha a sholáthar agus punanna d’fhiachas broide ar fiú na billiúin Euro iad. Chomh maith leis sin, d’oibrigh sé ar cheapadh, ar chur i bhfheidhm, nó ar athleagan amach córas bainistíochta airgeadais agus riosca i dtionscadail sláinte agus aistrithe oideachais, taobh amuigh d’Éirinn agus i suíomhanna éagsúla ilchultúrtha.