Ceapachán chuig Bord Clárúcháin na nGairmithe Radharceolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag teacht sna sála ar fheachtas ar reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí é, rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an duine seo a leanas a cheapadh mar chomhalta neamhghairmiúil de Bhord Clárúcháin na nGairmithe Radharceolaíochta ón 20 Nollaig 2019 go dtí an 19 Lúnasa 2021:
Lisa Molloy Uas.
I láthair na huaire, tá Lisa ar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin an Chumainn Éireannaigh um Chomhairleoireacht agus Síciteiripe. Bunaíodh an Cumann sa bhliain 1981 chun sainaithint, forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar chaighdeáin ghairmiúla sármhaitheasa sa chomhairleoireacht agus sa tsíciteiripe. Déanann an Cumann cur chun cinn ar an scothchleachtas agus ar fhorbairt na gairme agus cosnaíonn sé an pobal. Sular ghlac sí le ról an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin sa Chumann, chaith Lisa breis agus 10 mbliana ag fónamh mar chomhalta de Bhord Chomhairle na nDochtúirí Leighis, an rialálaí do dhochtúirí in Éirinn.
Tá taithí shuntasach aici ar obair ag leibhéal ardbhainistíochta in eagraíochtaí éagsúla. Tá taithí gnóthaithe aici ar lear réimsí, lena n-áirítear na réimsí seo a leanas: rialáil; rialachas corparáideach; forbairt agus athrú eagraíochta; forbairt boird agus foirne; cumarsáid; rannpháirteachas le geallsealbhóirí; agus bainistíocht airgeadais.
Tá dúspéis ag Lisa in obair le leas an phobail agus i rannchuidiú le seirbhísí atá ar ardchaighdeán agus gairmiúil a sholáthar. Fáiltíonn sí roimh an deis an raon leathan scileanna agus taithí atá aici a sholáthar don Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh ach fónamh ar cheann amháin dá boird chlárúcháin.
De bhreis ar a bhfuil thuas, tá roinnt cáilíochtaí acadúla ag Lisa. Is céimí de chuid an Fhorais Riaracháin í. Chomh maith leis sin, bhain sí céim MSc i gCeannaireacht Feidhmiúcháin amach as Ollscoil Uladh agus is idirghabhálaí deimhnithe í.