Ionchúisíodh 100 cás, beagnach, faoi dhlí Coco
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsíodh athbhreithniú oibríochtúil ar an Acht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara, 2020, nó, mar is fearr aithne, Dlí Coco, ina léirítear gur ionchúisíodh 100 cás, beagnach, ó tháinig sé in éifeacht i leith.
Áiríodh leis sin:
• Ionchúisíodh 23 chás san iomlán ar díotáil sa Chúirt Chuarda
• Thoiligh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí le triail achomair ar phléadáil ciontach in ocht gcás
• D’ordaigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí triail achomair i 68 gcás
• Ionchúisíodh cás amháin ar díotáil sa Phríomh-Chúirt Choiriúil
Leis an reachtaíocht, coiriúlaítear íomhánna dlúthphearsanta a chomhroinnt gan toiliú an duine nó comhroinnt íomhánna dlúthphearsanta gan toiliú an duine a bhagairt, le hintinn nó gan intinn díobháil a dhéanamh don íospartach.
Ba í an Roinn Dlí agus Cirt a sheol an t-athbhreithniú, agus aimsíodh ann luath-tháscairí dearfacha maidir leis an líon ionchúiseamh a tionscnaíodh, maidir leis an líon tuairiscí ar mhí-úsáid íomhánna dlúthphearsanta a tugadh do bheolíne le haghaidh inneachar neamhdhleathach, agus maidir leis an bhfeasacht ghinearálta ar an reachtaíocht.
Aimsíodh san athbhreithniú freisin gur tháinig méadú ar an líon cúiseamh a d’eisigh an Garda Síochána idir an tosú sa bhliain 2021 agus deireadh na bliana 2023. Sa bhliain 2021, tionscnaíodh 22 chúiseamh. Sa bhliain 2022, tháinig méadú ar an líon cúiseamh go 95 cinn agus, sa bhliain 2023, tháinig méadú eile air go 113 cinn.
San athbhreithniú, luadh taighde neamhspleách ó mhí Lúnasa 2021 inar aimsíodh gur cheap 69 faoin gcéad de dhaoine go bhfuil sé in éadan an dlí íomhánna dlúthphearsanta a chomhroinnt gan toiliú agus gur cheap 51 faoin gcéad de dhaoine go bhfuil sé in éadan an dlí comhroinnt íomhánna dlúthphearsanta a bhagairt.
I bpíosa leantach taighde a rinneadh i mí na Samhna 2023, aimsíodh gur tháinig méadú ar na figiúirí sin go 97 faoin gcéad agus go 96 faoin gcéad faoi seach tar éis an fheachtais feasachta poiblí.
Mar chuid den fheachtas feasachta, chuaigh an Roinn Dlí agus Cirt i gcomhpháirt le Hotline.ie chun sásra tuairiscithe atá inrochtana go leathan a sholáthar d’íospartaigh na mí-úsáide íomhánna dlúthphearsanta. A luaithe a thuairiscítear inneachar neamhdhleathach do Hotline, measúnaíonn a shaineolaithe an tuairisc agus cinneann siad na chéad chéimeanna eile.
Aimsíodh san athbhreithniú gurbh amhlaidh, idir mí Mheán Fómhair 2021 agus mí na Nollag 2023, a tugadh 1,500 tuairisc, beagnach, do Hotline.ie ar cinneadh, tar éis measúnú a dhéanamh, go raibh mí-úsáid íomhánna dlúthphearsanta iontu.
Bhí thart ar 1,006 cinn díobh sin ina n-íomhánna nó ina bhfíseáin a comhroinneadh gan toiliú an duine trí láithreacha Gréasáin atá inrochtana don phobal, agus bhí Hotline.ie in ann a chinntiú go mbainfí 92 faoin gcéad díobh sin.
Chomh maith leis sin, fuair Hotline.ie breis agus 400 tuairisc a bhaineann le comhroinnt íomhánna dlúthphearsanta a bhagairt. Áiríodh leo sin 366 chás sracaidh ghnéasaigh agus 27 mbagairt íomhánna dlúthphearsanta a chomhroinnt chun críocha ciaptha.