Nuacht
Athcheapachán chuig an mBord Clárúcháin Teiripeoirí Saothair:
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar ainmniú an tAire Oideachais, tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, tar éis an duine seo a leanas a athcheapadh mar bhall de Bhord Clárúcháin Teiripeoirí Saothair le héifeacht ón 14 Feabhra 2023 go dtí an 13 Feabhra 2027.
Tá an Dr Michael Bergin ina Cheann ar an Roinn Dlí agus Ceartais Choiriúil, Scoil na nDaonnachtaí, Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. Is altra síciatrach agus altra ginearálta cláraithe é agus bhí roinnt post cliniciúil agus bainistíochta sinsearaí aige sna seirbhísí meabhairshláinte in Éirinn.