Ceapachán le Bord Clárúcháin na nDiaitéiteach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Sláinte, Simon Harris T.D., le toiliú an Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, na daoine seo a leanas a athcheapadh mar bhall neamhghairmiúil de Bhord Clárúcháin na nDiaitéiteach ón 05 Bealtaine 2020 go dtí an 13 Feabhra 2024:
An Dr Teresa Bruen
Oibríonn an Dr Teresa Bruen faoi láthair mar léachtóir in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (GMIT) sa Roinn Altranais, Eolaíochtaí Sláinte agus Cúraim Shóisialta. Tá Baitsiléir Eolaíochta (BSc) san Altranas bainte amach aici ó OÉ, Gaillimh agus tá Ard-Dioplóma (H.Dip) bainte amach aici in Altranas Sláinte Poiblí ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD).
Tá Máistreacht i gCúram Sláinte Príomhúil bainte amach ag an Dr Bruen ó Choláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn (CRMÉ) agus Dochtúireacht san Oideachas in Ollscoil Sheffield. Tá léachtóireacht á déanamh aici faoi láthair ar na Cláir Baitsiléir Eolaíochta (BSc) (Onóracha) san Altranas Ginearálta agus Síciatrach agus tá léachtóireacht á déanamh aici freisin ar an gClár Baitsiléir Ealaíon i gCúram Sóisialta Feidhmeach.
Tá spéis dhíograiseach ag an Dr Bruen san oideachas agus déanann sé sárobair le daoine eile. Ball den Chomhairle Acadúil í agus tá taithí aici mar scrúdaitheoir seachtrach. Tá súil aici leanúint ag cur go luachmhar le Bord Clárúcháin na nDiaitéiteach agus tá spéis ar leith aici san oideachas agus i rannpháirtíocht a fhairsingiú.
Rinne an tAire Sláinte, Simon Harris T.D. na daoine seo a leanas a athcheapadh mar bhall neamhghairmiúil de Bhord Clárúcháin na nDiaitéiteach ón 05 Bealtaine 2020 go dtí an 13 Feabhra 2024 i ndiaidh feachtas Ceapacháin Seirbhíse Poiblí:
An tUasal Éamann Dunne
Tá an tUasal Éamann Dunne fostaithe faoi láthair mar POF le Seirbhísí Cúram baile an Taoibh Thuaidh (NHCS). Fostaíonn NHCS foireann 250 duine, a chuireann cúram baile ar fáil do 1,000 cliant aosta agus seirbhís béilí ar rothaí ar fáil do 900 cliant i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Bhí an tUasal Dunne freagrach as NHCS agus Cúram Baile an Chuain Thoir Theas (‘Home Care North East Bay’) a chónascadh in 2014, a rinneadh a chumasc ina dhiaidh sin le Seirbhísí Sóisialta KARE in 2017. Rinne an tUasal Dunne maoirseacht ar an bpróiseas bainistíochta athraithe agus rinne sé fiontar beoga agus sócmhainneach den eagraíocht.
Leanann borradh ag teacht ar NHCS agus tá maoirseacht á déanamh ag an Uasal Dunne faoi láthair ar a mhacasamhail de dhá eagraíocht a chónascadh i mórcheantar Bhaile Átha Cliath.
Bhí NHCS ar an gcéad chuideachta cúram baile in Éirinn a bhain amach dámhachtain cháilíochta ISO 9001 agus an dámhachtain Scothsheirbhís ó Scothfhostaithe.
D’oibrigh an tUasal Dunne roimhe seo mar Stiúrthóir Bainistíochta agus Bainisteoir Ginearálta d’eagraíochtaí tráchtála agus neamhbhrabúsacha, Ionad Oiliúna Pobail Ghort na Silíní agus Tionscadal Gníomhaíochta Pobail Lár na Cathrach Thuaidh. D’oibrigh an tUasal Dunne ar feadh beagnach 20 bliain sa tionscal tógála agus ba é bunaitheoir agus Stiúrthóir Bainistíochta Dunne Contracting Ltd
Tá Máistreacht i Riarachán Gnó (Onóracha) bainte amach ag an Uasal Dunne agus is Ball Comhlach é d’Institiúid Chairte na Tógála Institiúid na nAiltirí agus na Suirbhéirí agus Eagraíocht Dhomhanda na nOifigeach Tógála. Tá Teastas bainte amach ag an Uasal Dunne freisin in Sage Accountancy agus i Sláinte agus Sábháilteacht.