Ceapacháin ar an mBord Taighde Sláinte - Aibreán 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An Dochtúir Cliona Saidléar
Is í an Dochtúir Clíona Saidléar Stiúrthóir Feidhmiúcháin Gréasán Géarchéime Éignithe Éireann (RCNI). Ba í bunaitheoir agus tionólaí an Ghrúpa Oibre um Chosaint Sonraí Carthanas agus Ceapachán Aireachta do ghrúpa teicniúil chreat ciaptha gnéis an HEI. Tá PhD (Polaitíocht Idirnáisiúnta) agus MScEcon (Teoiric Caidrimh Idirnáisiúnta) ag Cliona.
An Dochtúir Terence McWade
Tá an Dochtúir Terry McWade ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin de Choláiste Ríoga na Lianna in Éirinn. Roimhe seo bhí poist aige mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin agus Comhbhunaitheoir Valitacell (comhlacht biteicneolaíochta luathchéime), Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin i gColáiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn, Príomhoifigeach Feidmhiúcháin Exceptis Technologies, Príomhoide i nGrúpa Comhairleach Bhostúin (Londain) agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Servier Laboratories (Danmhairg). Tá sé ina chomhalta Boird den Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála agus ina iar-Chathaoirleach ar an Tionscnamh Vacsaíne Eorpach agus ina Leas-Chathaoirleach ar Ospidéal Fiaclóireachta Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Cháiligh sé sa leigheas ó TCD agus tá MBA (INSEAD), MSc Eitic agus Dlí Cúraim Sláinte, agus Dioplóma i Rialachas Corparáideach (UCD) aige. Tá sé ina Stiúrthóir Cairte d’Institiúid na Stiúrthóirí.
An Dochtúir Julie Ling
Tá an Dochtúir Julie Ling ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar an gCumann Eorpach um Chúram Maolaitheach, an Bheilg. Is iar-Cheann Forbartha Straitéisí í in Ospís Leanaí Lauralynn agus is iar-Chomhalta Taighde Cliniciúil den Bhord Taighde Sláinte í. Is banaltra í Julie a bhfuil taithí os cionn 30 bliain aici. Tá MSc aici sa Bhanaltracht, PhD sa taighde agus tá MBA aici freisin ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.