Ceapachán chuig Bord an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheap an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD, tar éis Feachtas Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, Fiona Kiernan ar bhord an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte le héifeacht ón 12 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Nollaig 2026:
Is cliniceoir agus eacnamaí araon í Fiona Kiernan. Chomh maith lena céim leighis ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, tá máistreacht aici san eacnamaíocht sláinte, Beartas & Bainistíocht ó Scoil Eacnamaíochta agus Eolaíochta Polaitiúla Londain, agus PhD san Eacnamaíocht ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Rinne Fiona cleachtadh ar leigheas ar feadh sé bliana déag, lena n-áirítear seacht mbliana mar chomhairleoir in Ainéistéiseolaíocht agus Leigheas Dianchúraim in Ospidéal Beaumont. Mar eacnamaí d'oibrigh sí le hOifig Praghsála Cúram Sláinte FSS, agus mar bhunaitheoir agus POF de ghnó nuathionscanta digiteach sláinte digití, Zeumed. I measc a cuid spéiseanna tá ról AI maidir le conairí cúraim a dhearadh a bharrfheabhsaíonn torthaí othar agus a laghdaíonn costais shochaíocha. Bhí sí ina Comhalta Boird de Bhord Stáit an Údaráis Árachais Sláinte roimhe seo ó 2015 go 2021.