Ceapacháin ar Chomhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis feachtais ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS), cheap an tAire Sláinte, An tUasal Stephen Donnelly T.D., le toiliú ón Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, na daoine seo a leanas mar bhaill de Chomhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU). Ta na ceapacháin seo ó 26 Samhain 2020 go 18 Samhain 2024:
Iníon Aisling Timoney
Is Aturnae Cúram Sláinte í Aisling Timoney le breis agus 8 mbliana taithí. Tá suim faoi leith ag Aisling i rialáil ghairmiúil agus tá saineolas aici air. Chaith sí cuid mhaith dá gairm bheatha ag déanamh anailíse agus ag tabhairt comhairle ar na saincheisteanna agus na dúshláin dhlíthiúla, rialála agus eiticiúla a bhíonn le sárú ag gairmithe cúram sláinte. Bhí Aisling i gceannas ar shaincheisteanna rialachais chorparáidigh agus bainistíochta riosca, chomh maith le cuidiú le tionscadail straitéiseacha agus le tionscnaimh bhainistíochta athraithe.
Faoi láthair tá Aisling ina Aturnae Inmheánach Sinsearach ag Medisec Éireann. Sa ról seo tugann sí comhairle do bhaill liachleachtóirí ginearálta ar roinnt saincheisteanna lena n-áirítear éilimh, gearáin ó Chomhairle na nDochtúirí Leighis, ceisteanna eiticiúla, Coistí Cróinéara agus imscrúduithe FSS. Mar bhall d’fhoireann bainistíochta sinsearaí Medisec, tá sí i gceannas freisin ar athbhreithnithe straitéiseacha leanúnacha agus ar thionscadail forbartha gnó agus tá sí freagrach as comhlíonadh RGCS ar chlár riosca Medisec.
D’oibrigh Aisling roimhe seo mar aturnae ag Aturnaetha Hayes agus Cúram Sláinte Matheson. D’oibrigh sí freisin mar Chomhairleoir Dlí Inmheánach ag Comhairle na nDochtúirí Leighis in Éirinn.
Chríochnaigh Aisling a LLB i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus san Université Panthéon-Assass i bPáras. Tá cáilíochtaí aici freisin i Rialáil Ghairmiúil, Dlí Airgeadais agus is Imscrúdaitheoir Creidiúnaithe í.
Tá Aisling ina ball de Chumann Dlí-Liachta na hÉireann agus de Chumann Idirnáisiúnta na nGairmithe Príobháideacha. Is eagarthóir í freisin ar an iris On Call agus cuireann sí go rialta le nuashonruithe dlí trí ailt i bhfoilseacháin sheachtracha agus ag cainteanna ar fud na tíre.
Iníon Maureen Carolan
Is Rúnaí Cuideachta le go leor taithí í Maureen Carolan a raibh gairm bheatha fhada aici i mBanc na hÉireann i róil éagsúla. Chomh maith le bheith ag obair mar Rúnaí Cuideachta d’oibrigh sí mar Bhainisteoir Rialachais, Bainisteoir Iontaobhais agus Baincéireachta agus Bainisteoir Iontaobhais Pearsanta. Tá an-ghrinn ag Maureen i gcúrsaí gnó agus tá eolas fairsing aici ar rialachas corparáideach. Ina ról mar Rúnaí Cuideachta, d’oibrigh Maureen i roinnt rannán lena n-áirítear Banc Morgáiste Bhanc na hÉireann, Baincéireacht Phríobháideach Bhanc na hÉireann, Comhlucht na hÉireann um Árachas (Coistí Infheistíochta agus Iniúchta) agus Coiste Iniúchta Ghrúpa Bhanc na hÉireann. Sna róil seo áiríodh ar a cuid dualgas tacaíocht phríomhúil a sholáthar do Stiúrthóirí Neamhfheidhmiúcháin Neamhspleácha agus páipéir a dhréachtú do na Boird agus do Choistí thar raon cúrsaí teicniúla agus rialachais.
Tá dioplóma i mBainistíocht Saibhris ag Maureen ó Institiúid na mBancéirí agus roinnt cailíochtaí airgeadais agus rúnaíochta breise ar nós deimhnithe i gCleachtas Rúnaíochta Chuideachta na hÉireann agus Clárú Scaireanna, Comhairle Infheistíochta, Cistí Frithpháirteacha agus Seirbhísí Airgeadais. Tá Céim Bhaitsiléara Ealaíon i Staidéar Eorpach ag Maureen freisin.
Faoi láthair tá Maureen ina Stiúrthóir ar charthanas tacaíochta pobail áitiúil, Tionscadal Óige Comharsanachta Bhaile an Chnoic Teo agus tá sí ina Comhalta Boird agus ina Rúnaí Cuideachta ar an gcarthanas ailse “Look Good Feel Better”. Chomh maith leis an obair charthanais seo tá Maureen ina ball gníomhach de Chumann na nGairmithe Iontaobhais agus Eastáit.
Ar ainmniú an Bhoird Chlárúcháin Comhairleoirí agus Síciteiripeoirí, cheap an tAire Sláinte, An tUasal Stephen Donnelly T.D. na daoine seo a leanas mar bhaill de Chomhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU). Tá na ceapacháin seo ó 26 Samhain 2020 go 24 Feabhra 2023:
Iníon Rachel Mooney
Is Síceolaí Cairte í Rachel Mooney agus Comhairleoir agus Maoirseoir Creidiúnaithe de chuid Chumann na hÉireann um Chomhairleoireacht agus Síciteiripe (IACP). Rinne sí staidéar freisin ar Shíciteiripe Luaile Chéadfach. Tá MBA aici i mBainistíocht Cúram Sláinte ó Scoil Chéimithe Ghnó Michael Smurfit. Tá Rachel ag obair go lánaimseartha i réimse na Comhairleoireachta agus na Síciteiripe ó 1993. Thug a cuid oibre í ar fud na hEorpa agus chomh fada i gcéin le hIosrael áit a chomheagraigh sí Comhdháil Dhomhanda in Iarúsailéim i 2000 agus í ag obair le ICAS Idirnáisiúnta.
Tá Rachel ina Stiúrthóir ar Sheirbhís Chomhairleoireachta Náisiúnta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) sa Chósta Thoir ó 2001. Oibríonn sí i gcomhar le Stiúrthóirí Comhairleoireachta i ngach Réimse Cúram Sláinte Pobail FSS lena chinntiú go gcloítear leis na caighdeáin chleachtais is airde, chomh maith le comhsheasmhacht seirbhíse ar fud na tíre a dheimhniú. Bhí sí i gceannas ar go leor tionscadal thar na blianta agus tá baint aici faoi láthair le clár bainistíochta cásanna agus bainistíochta sonraí saincheaptha a chur i bhfeidhm ar fud gach Réimse FSS. Is breá le Rachel tacaíocht a thabhairt don fhoireann ar bhonn laethúil a sholáthraíonn comhairleoireacht agus síciteiripe do chliaint i gCúram Sláinte Pobail an Oirthir a d’fhulaing mí-úsáid ina n-óige, chomh maith le hothair a bhíonn i láthair le haghaidh comhairleoireachta i gcúram príomhúil.
Iníon Patricia Jordan
Is síciteiripeoir cleachtach í Patricia Jordan, tar éis di cáiliú le MA i gComhairleoireacht agus Síciteiripe ón Institiúid Náisiúnta Comhairleoireachta agus Síciteiripe (NCPII) i 2010. Roimhe sin bhí sí ina ball bunaitheach d’fhoireann náisiúnta comhordaithe Pobal ar feadh 15 bliana agus bhí sé de chúram uirthi tacú le forbairt agus cur i bhfeidhm cláir Rialtais agus AE a bhaineann le hionchuimsiú sóisialta agus comhionannas.
Sa cháil sin cuireadh de chúram ar Patricia foirmiú Cuideachtaí Comhpháirtíochta Ceantair áitiúla a éascú, a bhí ina samhail thrialach de rialachas trípháirteach ansin idir gníomhaireachtaí stáit, comhpháirtithe sóisialta agus pobail áitiúla i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste mór. I measc a cuid oibre bhí meantóireacht agus comhairle a thabhairt do Bhoird bhainistíochta deonacha trí dhianthógáil acmhainne, bainistíocht choinbhleachta forbairt córais agus athbhreithniú. Chuir sí le forbairt oibríochta clár agus bhí ról lárnach aici i gcur chun cinn an chreata do chláir fiontair shóisialta sa todhchaí.
Tá cáilíochtaí ag Patricia i dteiripe chognaíochta agus iompraíochta, scileanna éascaithe agus bainistíocht pearsanra. Is múinteoir agus oiliúnóir cáilithe í freisin. Faoi láthair tá cleachtas gnóthach á fheidhmiú aici a chuimsíonn leibhéal ard oibre pobail lena n-áirítear obair le tearmann ban agus cúnamh a thabhairt dóibh siúd ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste.