Ceapúcháin ar Bhord Clárúcháin na nDiaitéiteach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An Dr Jan Guerin
Bhain an Dr Jan Guerin céim amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath sa bhliain 1998 le PhD san Imdhíoneolaíocht. Ina dhiaidh seo, chuaigh sí go Sydney chun freastal mar chomhalta taighde cuairte agus mar léachtóir leis an Ionad Náisiúnta um Eipidéimeolaíocht an VEID agus an dTaighde Cliniciúil (a athainmníodh Institiúid Kirby) in Ollscoil New South Wales. Ón mbliain 2004 go dtí 2008, fostaíodh Jan mar Bhainisteoir Táirgí Diagnóiseacha In Vitro leis an Údarás Rialála Táirgí Sláinte (Bord Leigheasra na hÉireann roimhe seo), ag tabhairt léargas cuimsitheach agus taithí dhíreach di agus í ag obair mar rialtóir laistigh d’Údarás Inniúil le cosaint sláinte agus sábháilteacht an phobail chun tosaigh ann.
Tá an Dr Guerin ina Ceann Cúnta faoi láthair ar Scoil na nEolaíochtaí Bitheolaíochta agus Sláinte in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (OT BÁC). Ina ról ardbhainistíochta, tá Jan gníomhach i gceannaireacht, bainistíocht agus forbairt straitéiseach na Scoile, ag cinntiú an chleachtais is fearr san oideachas gairmiúil trí theagmháil le Comhlachtaí Gairmiúla, CORU (Rialtóir Gairmithe Sláinte agus Cúram Shósialaigh), comhpháirtithe cliniciúla agus geallsealbhóirí tionscail. Tá taithí agus eolas fairsing faighte ag Jan níos déanaí ar riachtanais CORU maidir le cláir oideachais a cheadú sna gairmeacha rialáilte, agus thug an taithí seo léargas luachmhar dí ar éiteas, creat rialála agus treo straitéiseach de chuid CORU mar rialtóir sláinte ilghairm na hÉireann.
Tá scileanna idirphearsanta agus cumarsáide den scoth ag Jan agus freastalaíonn sí ar roinnt Coistí laistigh agus lasmuigh den Ollscoil. Ba phríomhghné róil ghairmiúla Jan go dtí seo ná an bhainistíocht agus an fhorbairt oilte ar chaidrimh straitéiseacha le comhlachtaí rialála agus gairmiúla, comhpháirtithe cliniciúla, saotharlanna paiteolaíochta, bithphharma agus earnálacha an tionscail dhiagnóisigh mhóilínigh.