Athcheapacháin ar Bhord Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An tUasal Gerry McCurdy
Tá níos mó ná 40 bliain taithí ag an Uasal Gerry McCurdy ag obair i dtimpeallacht beartais agus rialála a dhéileálann le sábháilteacht bia, sláinte phoiblí agus cosaint tomhaltóirí. Cháiligh sé mar oifigeach sláinte comhshaoil in Ollscoil Uladh i 1978 agus bhain sé Céim Mháistir Eolaíochta amach i 1991. Bhí roinnt post sinsearach aige sa rialtas áitiúil agus láir agus bhí ról lárnach aige i mbunú na Gníomhaireachta um Chaighdeáin Bia (ÚSS) i dTuaisceart Éireann. Mar Stiúrthóir Thuaisceart Éireann ar an ÚSS d’fhorbair sé dlúthchaidreamh oibre le ÚSBÉ agus leis an mBord um Chur Chun Cinn na Sábháilteachta Bia. Tar éis dó dul ar scor in 2013, d’oibrigh an tUasal McCurdy mar chomhairleoir sábháilteachta bia d’Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, agus don Bhanc Domhanda, ar thionscadail sa Bhoisnia agus sa Bhanglaidéis. Tá taithí shuntasach ag an Uasal McCurdy ag leibhéal an Bhoird agus faoi láthair tá sé ina bhall de Bhord ÚSBÉ agus ina Chathaoirleach ar a Choiste Iniúchta agus Dearbhaithe Riosca. Tá sé ina Leas-Phríomh-Choimisinéir freisin don Choimisiún Carthanais do Thuaisceart Éireann, ina Chomhalta Boird de Chomhairle Tomhaltóirí Thuaisceart Éireann agus ina bhall dá gcoistí iniúchóireachta agus riosca faoi seach.
Athcheapadh an tUasal McCurdy ón 21 Bealtaine 2022 go dtí an 20 Bealtaine 2027.
Dr Clíodhna Foley-Nolan
Tá an Dr Clíodhna Foley-Nolan MB, BCh, BAO, DCH, DObs, MPH, FFPHM ina Lia Comhairleach i Míochaine Sláinte Poiblí. D’oibrigh sí mar Stiúrthóir ar Shláinte agus Cothú an Duine le Biaslán (an Bord um Chur Chun Cinn na Sábháilteachta Bia) agus mar Speisialtóir i Míochaine Sláinte Poiblí i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Sealbhaíonn Clíodhna céim leighis ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus céim Mháistreachta sa tSláinte Phoiblí ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá sí ina comhalta de Dhámh na Sláinte Poiblí ag Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann.
Tá an Dr Foley-Nolan ina Léachtóir Sinsearach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus tá sí ina hoiliúnóir agus ina scrúdaitheoir ag Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann. D’fhóin sí ar roinnt grúpaí comhairleacha náisiúnta roimhe seo, lenar áiríodh na grúpaí um Shiondróm Easpa Imdhíonachta Faighte (SEIF), um Eitinn, um Shláinte Inimirceach, um Bochtaineacht Bia agus um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach.
D’fhóin sí ar bhoird na gcomhlachtaí seo a leanas freisin: Comhairle Tréidlianna na hÉireann; Grúpaí um an mBeartas Murtaill i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann; Dámh na Míochaine Sláinte Poiblí i gColáiste Ríoga na Lianna; agus an tIonad um Chothú agus Sláinte atá faoi stiúir ag an mBord Taighde Sláinte. Ceaptar an Dr Foley-Nolan ón 7 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2025.
Athcheapadh an Dr Clíodhna Foley-Nolan ón 7ú Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 6ú Deireadh Fómhair 2025.