Ceapacháin chuig Comhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis dó dul i gcomhairle le CSTGT, tá na comhaltaí seo a leanas ceaptha/athcheaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly ar Bhord na Comhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil.
Tá Shane Mc Glinchey ina bhall den tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna le 16 bliana anuas. Chuaigh sé i mbun oibre leis an tseirbhís in 2008 mar oibrí paraimhíochaine agus bhain sé amach Dioplóma i dTeicneolaíocht an Leighis Éigeandála ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Rinne sé Dioplóma Iarchéime sa Leigheas Éigeandála i UCD in 2012, rud a chuir ar a chumas cleachtadh mar Ard-Pharaimhíochaineoir.
D’fhill sé ar réigiún an Iarthuaiscirt agus tá sé lonnaithe faoi láthair i stáisiún Otharcharranna na gCealla Beaga áit a bhfuil sé ina Ard-Mhaoirseoir Paraimhíochaine le freagracht as gach gné de reáchtáil laethúil an stáisiúin.
Mar chuid dá fhorbairt phearsanta agus ghairmiúil, rinne sé
Faoi láthair tá Shane sa bhliain dheireanach de leibhéal 8 den Chéim Onóracha sa tSábháilteacht agus Sláinte Ceirde.
Ceaptar an tUasal McGlinchey le héifeacht ón 16 Nollaig 2024 go dtí an 15 Nollaig 2028.
Bhain Alison Smith Baitsiléir Eolaíochta amach in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad in 2001.
In 2011 chuaigh sí isteach sa tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna, agus bhain sí dioplóma Fochéime i dTeicneolaíocht Leighis Éigeandála (Paraimhíochaine) amach in 2013 ó UCD.
In 2016 Chuaigh Alison i mbun oibre i UCD mar Léachtóir ócáideach, cuireann sí modúl cairdiach ar fáil i gcónaí do Mhic Léinn atá ag tabhairt faoin modúl Diagnóise agus Íomháithe ar bhonn bliantúil.
In 2019 bhain sí Dioplóma Iarchéime in Eolaíocht an Leighis Éigeandála (Ardpharaimhíochaineoirí) amach agus tá sí ag obair leis an tSeirbh Náisiúnta Otharcharranna mar Ard-Pharaimhíochaineoir ó shin. Faoi láthair oibríonn sí i gceantar Chill Mhantáin mar fhreagróir aonair i bhfeithicil mearfhreagartha.
In 2019 rinne Alison an cúrsa oiliúina do theagascóirí leis an Institiúid um Chosc ar Ghéarchéimeanna agus is ball í den fhoireann oiliúna ina réigiún. Éascaíonn sí an cúrsa Idirghabhála um Chosc ar Ghéarchéimeanna go rialta.
Chuaigh Alison isteach san Foireann Freagartha do Theagmhais sa tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna in 2019. Mar bhall den fhoireann sin tá oiliúint faighte aici sa Leigheas Oirbheartaíochta Éigeandála, sa bhainistíocht ar Taismigh Iomadúla, sa Scaipeadh Galar Ionfhabhtaithe Ard-Iarmhairtí, san Fhreagrairt Otharcharranna Muirí, sa Dhí-éilliú Cliniciúil agus sa Chúram Leighis Ord Poiblí. Le linn na paindéime Covid 19, bhí Alison ina ball den fhoireann vacsaínithe baile tosaigh. Bhí baint aici freisin le bunú ionaid vacsaínithe áitiúla.
Fuair Alison oiliúint sa Bhainistíocht ar an Strus a leanann Teagmhais Chriticiúla (CISM) agus soláthraíonn sí tacaíocht piaraí dá comhghleacaithe. Tá Alison ina ball d’fhoireann tarrthála Sléibhte Bhaile Átha Cliath / Chill Mhantáin. In 2020 rinne Alison NFQ leibhéal 8 in CISM ag Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach. Tá sí ina Comhordaitheoir Bainistíochta ar Strus a leanann Teagmhais Chriticiúila do Tharrtháil Sléibhe Éireann.
Ghlac Alison ballraíocht sa Chomhairle um Chúram éigeandála Réamh-Ospidéil i mBealtaine 2022. Tá sí ar an gCoiste Cáilíochta agus Sábháilteachta faoi láthair agus ina Leas-Chathaoirleach ar an gCoiste Oideachais.
Ceaptar Alison Smith le héifeacht ón 16 Nollaig 2024 go dtí an 15 Nollaig 2028.