Athcheapadh ar an mBord Árachais Sláinte Deonach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’athcheap an tAire Sláinte, Simon Harris TD, na daoine seo a leanas mar chomhaltaí ar an Voluntary Health Insurance Board.
An tUasal Brian Walsh ó 15 Martá 2020 go dtí 14 Martá 2025
Tháinig Brian go Vhi i mí na Samhna 2014 mar Stiúrthóir Airgeadais agus ceapadh ar an mBord é i mí an Mhárta 2015. Roimh theacht go Vhi, bhí sé ag obair le DPI Specialty Foods Inc., Los Angeles, rannán de chuid na cuideachta domhanda bia agus comhábhar Ornua. Roimhe sin, bhí Brian i gceannas ar chiste rathúil cothromais phríobháidigh, dírithe go príomha ar mhargaí Eorpacha mór-roinne. Bhí roil Bhoird agus roil feidhmiúcháin airgeadais agus tráchtála aige i dtionscail idirnáisiúnta na seirbhisí airgeadais, na teileachumarsáide agus FMCG san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe le mórchuideachtaí ar nós Citibank, Deutsche Telekom agus eir. Bhain Brian a cháilíocht amach le PwC, is Comhalta é de Chuntasóirí Cairte Éireann agus is Stiúrthóir Cairte d’Institiúid na Stiúrthóirí é. Tá céim agus iarchéim aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
An tUasal Finbar Lennon ó 15 Martá 2020 go dtí 14 Martá 2022
Céimí leighis ó UCD is ea Finbar Lennon agus rinne sé a chuid oiliúna iarchéime máinliachta i Londain, in Edmonton (Ceanada) agus i mBaile Átha Cliath. D’oibrigh sé mar mháinlia ginearálta comhairleach in Ospidéal an Bhantiarna Lourdes, Droichead Átha (1983-2012). Ó 2009 go dtí 2012, d’oibrigh sé chomh maith in Ospidéal Beaumont agus an Mater i mBaile Átha Cliath mar mháinlia brollaigh speisialta. Bhí sé ina Stiúrthóir Leighis i nDroichead Átha (1992-1998), ina Chomhairleoir Leighis le Bord Sláinte an Oirthuaiscirt (1997-2004) agus ina chomhairleoir leighis leis an Ard-Rúnaí sa Roinn Sláinte (2012-2014). Tá sé ina bhall den Choiste Iompair Gairmiúil de chuid Chumann Cógaiseoirí na hÉireann agus bhí sé ar a Choiste Forbartha Cleachtais (2012-2016). Tá sé ina léachtóir oinigh faoi láthair sa Mháinliacht in UCD agus glacann sé páirt sa chlár teagaisc fochéimí.