Ceapacháin ar Bord Clárúcháin na dTeiripeoirí Ceirde, an Bord Clárúcháin Súil-Liachta, agus Bord Clárúcháin na bhFisiteiripeoirí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An Dr Kate Robinson
Tá BSc ag Katie sa Teiripe Ceirde ó Choláiste na Tíonóide, Baile Átha Cliath (2000), agus MSc i mBainistíocht Míchumais ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (2004) agus PhD sa Teiripe Ceirde ó Ollscoil Luimnigh (2012).
Faoi láthair is Léachtóir Sinsearach sa Teiripe Ceirde í Katie agus tá sí ina Stiúrthóir ar an Taighde Iarchéime i ndámh an Oideachais agus Eolaíochtaí Sláinte in Ollscoil Luimnigh. Tá sé bhliain déag caite ag Katie ag obair san earnáil ardoideachais, áit a n-ullmhaíonn sí mic léinn sna heolaíochtaí sláinte don chleachtas gairmiúil. D’oibrigh Katie go cliniciúil i dtimpeallachtaí géarchúraim agus athshlánaithe mar theiripeoir ceirde. Tá suim ag Katie sa taighde ar dhul in aois, breoiteacht ainsealach, stair na teiripe ceirde agus úsáid modhanna cáilíochta.
An tUasal Derville Pitcher
Tá níos mó ná 30 bliain caite ag Derville mar optaiméadraí. Tá sí ina húinéir agus ina bainisteoir ar dhá chleachtas bunaithe i mBaile Átha Cliath agus d’oibrigh sí freisin i dtimpeallacht ospidéil san Araib Shádach.
Tá mórán blianta caite ag Derville mar Chomhalta Feidhmiúcháin de Chumann na nOptaiméadraí (AOI), mar chomhalta tofa ar Bhord na Radharcmheastóirí, agus mar ionadaí Éireannach ar Chomhairle na hEorpa Optaiméadrachta agus Optaice (ECOO).
Cabhróidh an taithí fhairsing atá ag Derville laistigh den ghairm leis an pobal a chosaint i gcónaí trí iompar gairmiúil ardchaighdeáin a chur chun cinn mar aon le hoideachas, oiliúint agus cumas, de bharr clárúchán reachtúil optaiméadraithe agus radharceolaithe.
An tUasal Michael Moore
Bhain Michael cáilíocht BSc amach san Optaiméadreacht ó ITBÁC in 2008. Tá roinnt cáilíochtaí iarchéime déanta aige, lena n-áirítear MSc sa Mháinliacht Catarachta & Athraonach, dioplómaí iarchéime sa Teiripic Súilí agus san Oideachas Tríú Leibhéal, agus tá PhD ar bun aige san Eipidéimeolaíocht Earráide Athraonach. Ó fuair sé a cháilíocht, tá Micheal ag obair i réimsí éagsúla den optaiméadracht agus d’oibrigh sé i ngach sórt cleachtais optaiméadraigh ó chleachtais bheaga neamhspleácha go dtí clinicí oftailmeolaíochta ilbhrainsí móra. Faoi láthair, tá Michael ag obair i Specsavers i Stigh Lorgan ina bhfuil sé ina speisialtóir do chásanna casta a bhaineann le lionsaí tadhaill. Tugann sé léachtaí freisin i Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ar thopaicí ar nós galar súilí, lionsaí tadhaill agus dlí & eitic. Tá Michael freisin ina chomhalta optaiméadrachta cláraithe ar Choiste Réamhimeachtaí de chuid CORU le 5 bliana anuas. Ba mhaith le Michael go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar scóip chleachtais na hoptaiméadrachta in Éirinn agus tá suim faoi leith aige sa chúram roinnte agus sa teiripic súilí.
An tUasal Corinne Evans
Bhain Corinne céim amach ó Kings College, Londain, sa bhliain 1995 le céim onóracha sa fisiteiripe, agus le linn na 25 bliain ina bhfuil sí ag cleachtadh, tá paisean léirithe aici dá gairm agus tá sé seo le feiceáíl ón dtiomantas don fhorbairt ghairmiúil a léiríonn sí.
Tá Dipolómaí Iarchéime bainte amach aici sa mhíochaine mhatánchnámharlaí (Ollscoil Middlesex), sa Mhíochaine Ortaipéideach agus Réamaiteolaíochta agus san Oideachas Cliniciúil (Ollscoil na Gaillimhe) agus Teastas i mBainistíocht Chúraim Sláinte.
Tá sí ina comhalta gairmiúil de mhórán eagraíochtaí, lena n-áirítear Dámh Chúraim Réamh-Ospidéil, Coláiste Ríoga na Máinliá i nDún Éidean, Cumann na Míochaine Matánchnámharlaí agus Cumann Fisiteiripeoirí Cairte na hÉireann. Tá sí ina chomhalta boird ar Chumann Fisiteiripeoirí Cairte na hÉireann ó 2017 agus ina Leas-Uachtarán ó 2018.
Mar chomhalta boird, lean sí uirthi ag déanamh abhcóideachta ar son comhaltaí agus ag cur chun cinn cleachtas na fisiteiripe os comhair an phobail i gcoitinne trína rannpháirteachas i mórán eagraíochtaí, i ngrúpaí tacaíochta agus leis na meáin.
Is léir óna cur chuige fuinniúil agus réamhghníomhach go bhfuil ar a cumas na róil go léir atá aici a chomhcheangail – mar chliniceoir tá sí tiomanta do chúram other-dhírithe a sholáthar trí chleachtas bunaithe ar fhianaise agus ardchaighdeán feabhais. Chomh maith lena ról cliniciúil, d’oibrigh sí mar Éascaitheoir Socrúcháin Réigiúnaigh le hOllscoil Luimnigh, bhí sí ina léachtóir i gColáiste Chiarraí agus tá sí fós ina léachtóir páirtaimseartha in Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí – ar a dtabharfar Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan go luath, agus ar Scéim Oiliúna na nDochtúirí Teaghlaigh Theas/Thiar Theas.
Tá sí ag súil go mór leis an deis bheith ina comhalta ar Bhord Clárúcháín na bhFisiteiripeoirí de chuid CORU agus dúshláin an róil seo a thapú!
An tUasal Róna McLaughlin
Bhain Róna céim amach in 1995 ó Ollscoil Uladh le BSc (Onóracha) sa Fisiteiripe. Chuir sí tús lena gairm chliniciúil in OLOH, Droichead Átha, agus ina dhiaidh sin thosaigh sí ag obair i FSS agus sa chleachtas príobháideach i nDún Dealgan, i nGaillimh,sa Chlár agus i mBaile Átha Cliath. Sa bhliain 1998 bhog sí go dtí Sydney, san Astráil, áit ar oibrigh sí i gclinicí poiblí agus príobháideacha éagsúla. Nuair a d’fhill sí ar Éirinn sa bhlain 2007, fuair Róna post mar fhisiteiripeoir sinsearach i gCúram Príomhúil Leitir Ceanainn sular ceapadh mar Bhainisteoir Fisiteirpeoire í do Sheirbhísí Pobail Dhún na nGall, CHO1 i mí Iúil 2019.
Go hacadúil, tá baint ag Róna i dtionscadail thaighde chliniciúla in Ollscoil Uladh agus in Ollscoil na Gaillimhe, áit a ndearna sí Máistreacht san Eolaíocht Mhíochaine sa bhliain 2018. Le déanaí chríochnaigh sí dioplóm ISOEM sa mhíochaine ortaipéideach agus réamaiteolaíochta.