Athcheapacháin ar an gComhairle Náisiúnta Haemaifilia:
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá na baill a leanas athcheaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., ar an gComhairle Náisiúnta Haemaifilia, le héifeacht ó 25 Deireadh Fómhair go dtí 24 Deireadh Fómhair 2025.
Tá Brian O’ Mahony ina Phríomhfheidhmeannach ar Chumann Haemaifilia na hÉireann. Roimhe sin bhí sé ina Chathaoirleach ar an gCumann. Tá sé ina Uachtarán ar Chuibhreannas Haemaifilia na hEorpa agus roimhe sin bhí sé ina Uachtarán ar an gCónaidhm Dhomhnanda Haemaifilia ar feadh 10 mbliana. Is Comhalta é d’Institiúid na nEolaíochtaí Bitheacha agus d’Acadamh na hEolaíochta Cliniciúla agus an Leighis Saotharlainne. Tá cáilíochtaí gairmiúla aige sa sábháilteacht agus sláinte cheirde mar aon leis an mbainistíocht. Tá post aige mar Ollamh Taca Cúnta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. I measc a chuid gníomhaíoctaí bíonn sé ag scríobh, ag tacú le cúiseanna, ag éascú oiliúna ar an bpleanáil straitéiseach, ar chórais soláthair náisiúnta, agus bíonn sé ag stocaireacht. Tá an tUasal O’Mahony ar an gComhairle le 18 bliain anuas.
Tá Deborah Greene ag obair do Chumann Haemaifilia na hÉireann ó 2003. Is í an tUasal Greene an Riarthóir reatha ó thosaigh sí sa ról seo i mBealtaine 2009. Is í an tUasal Greene a dhéanann eagarthóireacht ar fhoilseacháin an IHS. Déanann sí maoirseacht ar ócáidí a bhainistiú, ar dhearadh gréasáin & ar na meáin shóisialta, ar sholáthar foirne agus ar thacaíocht agus seirbhísí a sholáthar do chomhaltaí. Is comhalta í d’Fhondúireacht um Thaighde Haemastáise na hÉireann agus oibríonn sí leis an gClár Nasctha atá ag an gCónaidhm Dhomhnanda Haemaifilia. Tá an tUasal Greene ag obair don Chomhairle le 11 bliain anuas.
Ceapadh Ruth Gilmore i ndiaidh próiseas de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, agus tá sí ag obair ar an gComhairle le naoi mbliana anuas. Is Comhairleach í an Dr Gilmore sa Haemaiteolaíocht in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Roimhe sin, bhí sí ag obair san Ionad Náisiúnta do Neamhoird Téachta Oidhreachtúla in Ospidéal San Séamas. Tá Máistreacht san Fhaisnéisíocht Mhíochaine aici mar aon le MD ar an Troimbin ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.