Ceapacháin chuig Bord Ospidéal San Séamas - 11 Deireadh Fómhair 2019
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar ainmniú Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an Comhairleoir Anne Feeney agus an Comhairleoir Críona Ní Dhálaigh a cheapadh mar chomhaltaí de Bhord Ospidéal San Séamas. Tosóidh na ceapacháin an 11 Deireadh Fómhair 2019 agus rachaidh siad in éag nuair a bhunófar Comhairle nua sa bhliain 2024.
Anne Feeney
Tá Anne Feeney ina Comhairleoir le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ón mbliain 2016 amach agus tá sí ina comhalta boird de Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá Anne ina comhalta freisin d’Fhóram Sláinte Réigiúnach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) do Bhaile Átha Cliath agus Laighin Láir agus fónann sí ar roinnt coistí beartais de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear an Coiste Tráchta agus Iompair, an Coiste Ealaíon, Cultúir, Fóillíochta agus Áineasa agus an Coiste Prótacal.
Sular toghadh mar Chomhairleoir í, bhí Anne ina sainchomhairleoir bainistíochta. Sa ról sin, d’oibrigh sí le cliaint san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon ar phleanáil straitéiseach, ar bhainistíocht athruithe agus ar fhorbairt eagraíochta. Shealbhaigh Anne poist ardbhainistíochta san earnáil seirbhísí airgeadais roimhe sin. Tá céim mháistreachta (MBA) aici i Riarachán Gnó ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is idirghabhálaí cáilithe í freisin.
Críona Ní Dhálaigh
Rugadh agus tógadh Críona Ní Dhálaigh i mBaile Átha Cliath agus tá sí ag fónamh mar chomhalta de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ó bhí an bhliain 2006 ann. Toghadh í mar Ard-Mhéara ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2015/16. Déanann sí ionadaíocht do cheann de na toghcheantair is boichte sa tír. Tá dúspéis aici sa tithíocht agus san athghiniúint pobail. Tá sí ina ball de thrí bhord mhóra athghiniúna tithíochta, mar atá Gairdíní San Treasa, Teach an Charnáin agus an Fóram Comhairleach um Athghiniúint Inse Chór.
Tá Críona i mbun oibre chun tithíocht atá oiriúnach do theaghlaigh a chinntiú. Anuas air sin, bhí sí ina comhalta den fhochoiste de chuid na Comhairle Cathrach a chuir feabhas ar na treoirlínte pleanála le haghaidh árasáin a thógáil, agus í den tuairim gur cheart dúinn pobail inbhuanaithe a thógáil, in ionad brící agus moirtéal a chur le chéile. D’oibrigh sí ar son a chinntiú go mbeadh clásail shóisialta ina ngnéithe lárnacha de gach próiseas tairisceana de chuid na comhairle agus throid sí ar son Chlásal Sochar Pobail an Ospidéil Náisiúnta do Leanaí.
Labhraíonn sí faoin damáiste a dhéanann drugaí agus iompraíocht fhrithshóisialta. Tá Críona ina ball de Chomhchoiste Póilíneachta Chathair Bhaile Átha Cliath. Chomh maith leis sin, tá sí ina ball de Thascfhórsa Áitiúil Drugaí na Lárchathrach Theas agus tá sí ina comhalta boird d’Fhoireann Drugaí agus Alcóil Pobail Dhún Uabhair.
Tá Críona ina ball d’Fhóram Réigiúnach Sláinte Bhaile Átha Cliath agus Laighean Láir agus de Bhord Ospidéal San Séamas.
Gaeilgeoir agus duine a chosnaíonn cearta do Ghaeilgeoirí is ea Críona.